Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Ceacht 11

An dTéann an Bíobla Chun Tairbhe Dúinn?

An dTéann an Bíobla Chun Tairbhe Dúinn?

1. Cén fáth a bhfuil gá againn le treoir?

Cén chaoi ar féidir le prionsabail an Bhíobla muid a spreagadh le haird a thabhairt ar chleachtais mhaithe sábháilteacht?—SALM 36:10.

Tá eagnaíocht as an ngnáth ag ár gCruthaitheoir, rud nach bhfuil againne. Tugann sé aire dúinn, mar athair grámhar. Ach níor chruthaigh sé muid le bheith neamhspleách air. (Irimia 10:23) Díreach mar a theastaíonn treoir tuismitheoirí ó pháiste, teastaíonn treoir Dé uainn uile. (Íseáia 48:17, 18) Tugann prionsabail an Bhíobla treoir dúinn. Is bronntanas ó Dhia an treoir sin.​—Léigh 2 Tiomóid 3:16.

Múineann dlíthe agus prionsabail Iehova an bealach is fearr lenár saol a chaitheamh anois agus taispeánann siad dúinn le luach saothair shíoraí a bhaint amach. Ós rud é gurb é Dia a chruthaigh muid, is ceart go mbeadh meas againn ar a chuid dlíthe agus go ngéillimid dóibh.​—Léigh Salm 19:8, 12; Apacailipsis 4:11.

2. Céard iad Prionsabail an Bhíobla?

Is fírinní bunúsacha iad prionsabail an Bhíobla. Ar an lámh eile, baineann dlíthe le cúinsí ar leith. (Deotranaimí 22:8) Caithfidh tú d’intinn a úsáid leis an mbaint atá ag prionsabail ar leith le cás ar leith a oibriú amach. (Seanfhocail 2:10-12) Mar shampla, múineann an Bíobla gur bronntanas ó Dhia í an bheatha. Is féidir leis an bprionsabal bunúsach sin muid a threorú san ionad oibre, sa bhaile nó nuair a bhíonn muid ag taisteal. Díríonn sé ár n-aird ar chleachtais mhaithe sábháilteachta.​—Léigh Gníomhartha 17:28.

3. Céard iad an dá phrionsabal príomhúla?

Labhair Íosa faoi dhá phrionsabal atá fíorthábhachtach. Léiríonn an chéad phrionsabal cuspóir na beatha daonna—aithne a chuir ar Dhia, grá a thabhairt dó, agus freastal air go dílis. Is ceart an chéad phrionsabal a chur san áireamh inár gcinntí uile. (Seanfhocail 3:6) Gheobhaidh siad siúd a mhaireann de réir an phrionsabail seo cairdeas le Dia, fíorshonas agus beatha shíoraí.​—Léigh Matha 22:36-38.

Cabhraíonn an dara prionsabal linn maireachtáil go síochánta le chéile. (1 Corantaigh 13:4-7) Leis an bprionsabal seo a chur i bhfeidhm caithfimid aithris a dhéanadh ar an gcaoi a gcaitheann Dia le daoine.​—Léigh Matha 7:12; 22:39, 40.

4. Cén chaoi a dtéann prionsabail an Bhíobla chun tairbhe dúinn?

Múineann prionsabail an Bhíobla do theaghlaigh le maireachtáil le chéile go grámhar. (Colosaigh 3:12-14) Tugtar cosaint do theaghlaigh trí phrionsabal treorach eile atá luaite i mBriathar Dé, sé sin gur chóir do phósadh a bheith buan.​—Léigh Geineasas 2:24.

De réir mar a leanaimid prionsabail an Bhíobla beidh suaimhneas intinne againn agus éireoidh an saol níos fearr linn. Mar shampla, is minic gur fearr le fostóirí daoine a leanann na prionsabail atá sa Bhíobla i dtaobh ionracais agus dúthrachta. (Seanfhocail 10:4, 26; Eabhraigh 13:18) Múineann Briathar Dé go bhfuil ár gcairdeas le Dia níos luachmhaire ná maoin shaolta.​—Léigh Matha 6:24, 25, 33; 1 Tiomóid 6:8-10.

Má leanaimid prionsabail an Bhíobla is ea is fearrde a bheidh ár sláinte. (Seanfhocail 14:30; 22:24, 25) Cosnaíonn dlí Dé muid ar mhí-úsáid alcóil, ar ghalair mharfacha agus ar thimpistí. (Seanfhocail 23:20) Ceadaíonn Iehova dúinn deochanna meisciúla a ól, ach le measaracht. (Salm 104:15; 1 Corantaigh 6:10) Cabhraíonn prionsabail Dé linn srian a choimeád ar ár ngníomhartha agus ár smaointe. (Salm 119:97-100) Ach ní chun tairbhe dóibh féin a dhéanann fíorChríostaithe toil Dé, ach le honóir a thabhairt do Iehova.​—Léigh Matha 5:14-16.