Ná bac leis seo

Cuimhneachán Bhás Íosa

Dé Sathairn, 12 Aibreán, 2025

Déanann Finnéithe Iehova comóradh ar bhás Íosa uair sa mbliain, díreach mar a d’ordaigh sé: “Déanaigí é seo mar chuimhne orm.”—Lúcás 22:19.

Tugann muid cuireadh duit chuig an ócáid seo.

Ceisteanna Coitianta

Cén fhad a bheidh an ócáid?

Thart ar uair an chloig.

Cén áit a mbeidh an ócáid ar siúl?

Déan teagmháil le Finnéithe Iehova le haghaidh sonraí áitiúla.

An mbeidh táille ar an doras?

Ní bheidh.

An ndéanfar aon bhailiúchán?

Ní dhéanfar.

Cén chaoi ar cheart dom gléasadh don ócáid?

Cé nach bhfuil aon ghnás feistis ar leith leagtha síos den ócáid seo, déanann Finnéithe Iehova a ndícheall comhairle an Bhíobla a leanúint maidir le bheith gléasta go measúil agus a bheith néata. (1 Tiomóid 2:9) Ní theastaíonn éadaí daora galánta uait chun freastal ar an ócáid seo.

Céard a tharlóidh ag an gCuimhneachán?

Cuirtear tús agus críoch leis an gcruinniú le hamhrán, agus deireann duine d’Fhinnéithe Iehova paidir. Is í an chaint ina ndéantar plé ar thábhacht bhás Íosa agus an chaoi ar féidir linn leas a bhaint as an méid a rinne Dia agus Críost dúinn príomhghné an Chuimhneacháin.

Cén uair a thionólfar Cuimhneachán Bhás Íosa amach anseo?

2025: Dé Sathairn, 12 Aibreán

2026: Déardaoin, 2 Aibreán