Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Ceacht 4

Cé hÉ Íosa Críost?

Cé hÉ Íosa Críost?

1. Cá as ar tháinig Íosa?

Céard iad na tréithe is suntasaí a bhain le hÍosa?—MATHA 11:29; MARCAS 10:13-16.

Mhair Íosa ar neamh mar phearsa spioraid sular rugadh ar an talamh é, mar sin níorbh ionann é agus aon duine eile. (Eoin 8:23) Ba eisean an chéad ní a chruthaigh Dia agus bhí seisean páirteach i gcruthú gach ní eile. Ba é Íosa an t-aon ní a chruthaigh Iehova as a stuaim féin agus sin é an fáth a dtugtar “Aonghin” mic air. (Eoin 1:14) Tugtar “an Briathar” ar Íosa freisin mar bhí sé mar Urlabhraí ag Dia.​—Léigh Seanfhocail 8:22, 23, 30; Colosaigh 1:15, 16.

2. Cén fáth ar tháinig Íosa chun na talún?

Chuir Dia a mhac go dtí an talamh trína bheatha a aistriú ó neamh go dtí broinn na maighdine Giúdaigh darbh ainm Muire. Ní raibh athair daonna ag Íosa. (Lúcás 1:30-35) Tháinig Íosa chun na talún (1) chun an fhírinne faoi Dhia a mhúineadh, (2) chun taispeáint dúinn cén chaoi le toil Dé a dhéanamh, fiú agus deacrachtaí againn, agus (3) chun a bheatha fhoirfe a thabhairt mar éiric.​—Léigh Matha 20:28.

3. Cén fáth a bhfuil éiric ag teastáil?

Is ionann éiric agus an luach a íoctar chun duine a scaoileadh saor ó bhagairt an bháis. (Eaxodus 21:29, 30) Níorbh é cuspóir Dé go mbeadh an bás ná an tseanaois i ndán don chine daonna. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn é sin? Dúirt Dia leis an gcéad fhear, Ádhamh, dá ndéanfadh sé peaca go bhfaigheadh sé bás. Murach gur pheacaigh Ádhamh ní bhfaigheadh sé bás go deo. (Geineasas 2:16, 17; 5:5) Dár leis an mBíobla tháinig an peaca “isteach” sa saol trí Ádhamh. Dá bhrí sin, is é an peaca agus pionós an pheaca, an bás, atá tugtha ag Ádhamh dá shliocht. Teastaíonn éiric chun muid a shaoradh ón bpionós báis atá mar oidhreacht againn ó Ádhamh.​—Léigh Rómhánaigh 5:12; 6:23.

Cé a bheadh in acmhainn an éiric a íoc chun muid a shaoradh ón mbás? Nuair a fhaighimid bás íocaimid an pionós ar ár bpeacaí féin. Ní féidir le duine neamhfhoirfe íoc as peacaí aon duine eile.​—Léigh Salm 49:8-10.

4. Cén fáth a bhfuair Íosa bás?

Ní raibh Íosa cosúil linne, bhí sé foirfe. Mar sin ní raibh ar Íosa bás a fháil dá pheacaí féin, mar níor pheacaigh sé riamh. Fuair Íosa bás as son peacaí daoine eile. Thaispeáin Dia grá as cuimse don chine daonna nuair a chuir sé a mhac chun na talún le bás a fháil ar ár son. Thaispeáin Íosa grá dúinn freisin. Bhí sé umhal dá athair agus fuair sé bás ar son ár bpeacaí.​—Léigh Eoin 3:16; Rómhánaigh 5:18, 19.

Féach ar an bhfíseán Cén fáth a bhfuair Íosa bás?

5. Céard atá Íosa a dhéanamh anois?

Nuair a bhí Íosa ar an talamh leigheas sé an té a bhí tinn, thóg sé daoine óna mairbh agus tharrtháil sé daoine a bhí i gcruachás. Léiriú é seo ar an rud a dhéanfaidh sé sa todhchaí dóibh siúd den chine daonna a bheidh umhal dó. (Matha 15:30, 31; Eoin 5:28) Tar éis d’Íosa bás a fháil, thug Iehova aiséirí dó mar phearsa spioraid. (1 Peadar 3:18) D’fhan Íosa ar dheislámh Dé go dtí gur cheap Iehova é mar Rí leis an talamh a rialú. (Eabhraigh 10:12, 13) Faoi láthair tá Íosa ag rialú mar Rí ar neamh agus tá a lucht leanúna ar an talamh ag craobhscaoileadh dea-scéala na ríochta ar fud an domhain.​—Léigh Dainéil 7:13, 14; Matha 24:14.

Go luath úsáidfidh Íosa a chumhacht mar Rí chun deireadh a chur le fulaingt agus leo siúd is cúis léi. Beidh saol sona i bparthas ar thalamh i ndán do gach duine a chreideann in Íosa Críost agus atá dílis dó.​—Léigh Salm 37:9-11.