Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Ceacht 5

Cén Cuspóir Atá ag Dia don Domhan?

Cén Cuspóir Atá ag Dia don Domhan?

1. Cén fáth ar chruthaigh Dia an domhan?

Thug Iehova an domhan d’fhir agus do mhná. Is é ár mbaile é. Mar sin níor cruthaíodh Ádhamh agus Éabha le go mbeidís ag cur leis an gcomhluadar ar neamh—bhí na haingil cruthaithe cheana féin ag Dia agus cónaí orthusan ar neamh. (Iób 38:4, 7) Thóg Dia an chéad fhear agus shocraigh sé é i ngairdín álainn ar a dtugtar Éidin. (Geineasas 2:15-17) Thug Iehova an deis d’Ádhamh agus dá shliocht maireachtáil go deo ar an talamh.​—Léigh Salm 37:29; 115:16.

Ar dtús ní raibh ach gairdín Éidin ina pharthas. Bhí an chéad lánúin dhaonna leis an domhan a líonadh lena sliocht. In am trátha, bhí siad le smacht a chur ar an talamh go léir agus parthas a dhéanamh de. (Geineasas 1:28) Ní scriosfar an domhan go brách. Beidh sé mar bhaile ag an gcine daonna go deo.​—Léigh Salm 104:5.

Féach ar an bhfíseán Cén fáth ar chruthaigh Dia an domhan?

2. Cén fáth nach bhfuil an domhan ina pharthas anois?

Bhí Ádhamh agus Éabha easumhal do Dhia agus chuir Iehova amach as gairdín Éidin iad. Bhí deireadh leis an bparthas agus níor éirigh le haon duine é a thabhairt ar ais ó shin. Deir an Bíobla: “Tá an tír tugtha i lámha na gcoirpeach.”—Iób 9:24.​—Léigh Geineasas 3:23, 24.

Ar theip ar an mbunchuspóir a bhí ag Iehova don chine daonna? Níor theip! Tá Iehova uilechumhachtach. Ní féidir leis teipeadh. (Íseáia 45:18) Tabharfaidh sé ar ais an cine daonna sa riocht a bhí i gceist aige ón tús.​—Léigh Salm 37:11, 34.

3. Cén chaoi a ndéanfar Parthas den talamh arís?

Le linn d’Íosa a bheith ag feidhmiú mar Rí déanfar parthas den talamh de réir a chéile. Sa chath ar a dtugtar Harmagadón beidh Íosa ina cheannaire ar aingil Dé agus scriosfaidh siad gach duine atá in aghaidh Dé. Ina dhiaidh sin cuirfidh Íosa Sátan i bpríosún ar feadh 1,000 bliain. Tiocfaidh pobal Dé slán ón léirscrios mar cosnóidh agus treoróidh Íosa iad. Bainfidh siad taitneamh as saol síoraí i bParthas ar thalamh.​—Léigh Apacailipsis 20:1-3; 21:3, 4.

4. Cén uair a thiocfaidh deireadh le fulaingt?

Cén uair a chuirfidh Dia deireadh leis an olc atá ar an talamh? Thug Íosa “comhartha” a thabharfadh le fios go bhfuilimid i ngar don deireadh. Tá an cine daonna i mbaol a scriosta de bharr na ndrochrudaí atá ag tarlú ar an domhan faoi láthair, rud a léiríonn go bhfuilimid ag maireachtáil i ndeireadh an tseanreachta seo.​—Léigh Matha 24:3, 7-14, 21, 22.

Cuirfidh Íosa deireadh le fulaingt i rith na 1,000 bliain a bheidh sé ag rialú an domhain ó neamh. (Íseáia 9:5, 6; 11:9) Chomh maith le bheith ina Rí, feidhmeoidh Íosa mar Ardsagart. Cuirfidh sé ar ceal a gcuid peacaí dóibh siúd a bhfuil grá acu do Dhia. Leis sin, cuirfidh Íosa deireadh le tinneas, le seanaois, agus leis an mbás.​—Léigh Íseáia 25:8; 33:24.

5. Cé a mhairfidh sa Pharthas atá le teacht?

Ag an halla cruinnithe casfaidh tú le daoine a bhfuil grá acu do Dhia agus a bhfuil fonn orthu foghlaim le bheith géilliúil dó

Is iad na daoine a dhéanann toil Dé a mhairfidh i bParthas. (1 Eoin 2:17) Thug Íosa treoir dá lucht leanúna daoine cneasta a aimsiú agus múineadh dóibh le bheith géilliúil do Dhia. Faoi láthair tá Iehova ag ullmhú na milliúin duine i gcóir saol nua i bParthas ar thalamh. (Zafainiá 2:3) I hallaí cruinnithe Fhinnéithe Iehova tá daoine ag foghlaim le bheith ina bhfir chéile agus ina n-aithreacha níos fearr agus ina mná céile agus ina máithreacha níos fearr. Tá tuismitheoirí agus páistí ag foghlaim le chéile an chaoi le tairbhe a bhaint as an dea-scéala.​—Léigh Míocá 4:1-4.