Salm 36:1-12
Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví, giolla an Tiarna.
36 [36:2] Labhraíonn an urchóid leis an bpeacachi ndiamhair a chroí.Ní choimeádann sé eagla Déos comhair a shúl.
2 [36:3] Cuireann sé ina luí ar a aignenach eol do dhaoinean choir atá déanta aigeagus nach fuath leo í.
3 [36:4] Tá urchóid agus cealg ina bhéalníl ciall aige don mhaith.
4 [36:5] Meabhraíonn sé mioscais agus mallaitheachtina luí ar a leaba dó.Gabhann sé i slí nach maithagus ní shéanann sé an t-olc.
5 [36:6] Sroicheann do bhuanghrá na flaithis, a Thiarna,agus do dhílse na néalta.Tá d’fhíréantacht mar shléibhte Dé:
6 [36:7] do bhreithiúnas mar an duibheagán.Tugann tú dídean don duine is don bheithíoch.
7 [36:8] A Thiarna, nach luachmhar é do bhuanghrá!Agus tagann an Ádhamhchlann ag triall ortgo ngabhann faoi scáth do sciathán.
8 [36:9] Líontar le méitheas do thí iadtugann tú deoch dóibh as abhainn d’aoibhneas,
9 [36:10] óir is leatsa atá foinse na beatha;agus i do sholas-sa a fheicimid an solas.
10 [36:11] Bíodh grá agat de shíor do lucht d’adhartha,agus cothromas do lucht an chroí dhírigh.
11 [36:12a] Ná gabhadh an díomasach de chosa orm:ná caitheadh lámh an drochdhuine amach mé.
12 [36:12b] Féach mar a leagadh lucht déanta na hurchóide;tá siad ar lár agus ní fhéadann éirí.