Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Ceacht 7

Céard í Ríocht Dé?

Céard í Ríocht Dé?

1. Céard í Ríocht Dé?

Céard a dhéanann Rí foirfe d’Íosa?—MARCAS 1:40-42.

Is rialtas neamhaí í Ríocht Dé. Tógfaidh sí áit gach rialtas eile agus úsáidfidh Dia í chun a thoil a dhéanamh ar neamh agus ar thalamh. Is dea-scéala é seo. Go luath déanfaidh Ríocht Dé freastal ar riachtanais an chine dhaonna. Aontóidh sí na daoine ar fad atá ag maireachtáil ar an talamh.​—Léigh Dainéil 2:44; Matha 6:9, 10; 24:14.

Caithfidh rí a bheith ar ríocht. Cheap Iehova a mhac, Íosa Críost, mar Rí ar a Ríocht.​—Léigh Apacailipsis 11:15.

Féach ar an bhfíseán Céard í Ríocht Dé?

2. Cén fáth a bhfuil Íosa ina Rí maith?

Is Rí foirfe é mac Dé mar tá sé cineálta agus tá sé diongbháilte ar son an chirt. (Matha 11:28-30) Tar éis a aiséirí dó, d’fhill sé ar neamh agus shuí sé ar dheaslámh Iehova, ag fanacht. (Eabhraigh 10:12, 13) In am trátha thug Dia an chumhacht dó le tosú ag rialú. Rialóidh sé an talamh ó neamh agus úsáidfidh sé an chumhacht sin chun cabhrú le daoine.​—Léigh Dainéil 7:13, 14.

3. Cé a rialóidh le hÍosa?

Rialóidh grúpa daoine naofa le hÍosa ar neamh. (Dainéil 7:27) Bhí aspail dhílse Íosa ar na chéad daoine naofa a roghnaíodh. Tá Iehova fós ag roghnú fir agus mná dílse mar dhaoine naofa. Faigheann siad seo aiséirí i gcruth spioraid mar a fuair Íosa.​—Léigh Eoin 14:1-3; 1 Corantaigh 15:42-44.

Cé mhéad duine a théann ar neamh? Thug Íosa “tréad beag” orthu. (Lúcás 12:32) In am trátha beidh 144,000 acu ann. Rialóidh siad an talamh le hÍosa.​—Léigh Apacailipsis 14:1.

4. Céard a tharla nuair a thosaigh Íosa ag rialú?

Thosaigh Ríocht Dé ag rialú i 1914. * Is é an chéad rud a rinne Íosa mar Rí ná Sátan agus a chuid deamhain a chaitheamh síos chun na talún. Bhí cuthach feirge ar Shátan agus thosaigh sé ag tarraingt achrainn ar fud an domhain. (Apacailipsis 12:7-10, 12) Tá trioblóidí an domhain ag dul in olcas ó shin i leith. Tá cogaí, gortaí, aicídí agus creathanna talún mar pháirt den chomhartha a léiríonn go nglacfaidh Ríocht Dé tiarnas ar an talamh go luath.​—Léigh Lúcás 21:7, 10, 11, 31.

5. Céard atá bainte amach ag Ríocht Dé?

Tá grúpa mór daoine as gach náisiún, aontaithe cheana féin ag Ríocht Dé tríd an gcraobhscaoileadh domhanda. Tá na milliúin duine cneasta ag glacadh le ceannasaíocht Íosa. Cosnóidh Ríocht Dé iad nuair a scriosfaidh sí an seanreacht atá ar an talamh. Caithfidh gach duine atá ag iarraidh tairbhe a bhaint as ríocht Dé foghlaim le bheith ina ngéillsinigh umhla d’Íosa.​—Léigh Apacailipsis 7:9, 14, 16, 17.

Thar thréimhse 1,000 bliain tabharfaidh Ríocht Dé an cuspóir atá ag Dia don chine daonna chun críche. Déanfar parthas den domhan go léir. Ansin tabharfaidh Íosa an Ríocht ar ais dá Athair. (1 Corantaigh 15:24-26) An bhfuil aon duine ar mhaith leatsa insint dóibh faoi Ríocht Dé?​—Léigh Salm 37:10, 11, 29.

 

^ Alt 6 Le sonraí breise a fháil ar an gcaoi ar comhlíonadh tairngreacht an Bhíobla faoin mbliain 1914, féach ar leathanaigh 217-220 den leabhar Céard go Díreach a Mhúineann an Bíobla?