Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Ceacht 2

Cé hÉ Dia?

Cé hÉ Dia?

1. Cén fáth ar cheart dúinn Dia a adhradh?

Is é an Fíor-Dhia cruthaitheoir an uile ní. Ní raibh aon tús ag Dia agus ní bheidh deireadh go deo leis. (Salm 90:2) Is é Dia foinse an dea-scéala atá le fáil sa Bhíobla. (1 Tiomóid 1:11) Is é Dia foinse na beatha agus is é amháin is ceart dúinn a adhradh.​—Léigh Apacailipsis 4:11.

2. Céard iad tréithe Dé?

Ní fhaca aon duine Dia riamh mar is Spiorad é, rud a chiallaíonn go bhfuil sé i ndeilbh níos cumhachtaí ná na créatúir fhisiceacha a mhaireann ar an talamh. (Eoin 1:18; 4:24) Tá pearsantacht Dé le feiceáil sna rudaí a rinne sé. Tugann dearadh agus éagsúlacht na dtorthaí agus na mbláthanna, léargas dúinn ar ghrá agus ar eagna Dé. Léiríonn mórgacht na cruinne cumhacht Dé.​—Léigh Rómhánaigh 1:20.

Is féidir linn cuid mhaith eile a fhoghlaim faoi phearsantacht Dé ón mBíobla. Mar shampla insíonn Dia dúinn céard a thaitníonn leis agus céard nach dtaitníonn leis, an chaoi a gcaitheann sé le daoine agus an cur chuige a bhíonn aige i gcásanna éagsúla.​—Léigh Salm 103:7-10.

3. An bhfuil ainm ar Dhia?

Dúirt Íosa: “Ár nAthair, atá ar neamh, go naofar d’ainm.” (Matha 6:9) Cé go bhfuil cuid mhaith teidil ag Dia, níl ach ainm amháin air. Fuaimnítear ar bhealaí éagsúla é i ngach teanga. De ghnáth sa Ghaeilge tugtar “Iehova” air. Tugann daoine eile “Iáivé” air.​—Léigh Salm 83:19.

Tá ainm Dé tógtha amach as cuid mhaith de Bhíoblaí an lae inniu agus ina ionad tá na teidil Tiarna nó Dia. Nuair a scríobhadh an Bíobla bhí ainm Dé luaite ann breis agus 7,000 uair. D’úsáid Íosa ainm Dé nuair a bhí sé ag labhairt le daoine faoi Dhia.​—Léigh Eoin 17:26.

Féach ar an bhfíseán An bhfuil ainm ar Dhia?

4. An bhfuil cion ag Dia orainne?

Cosúil leis an athair grámhar seo, tá Dia ag gníomhú ar mhaithe linn

An gciallaíonn an mhórfhulaingt atá sa saol nach bhfuil cion ag Iehova orainne? Bíonn daoine den tuairim gur chuir Dia fulaingt sa saol le muid a thástáil, ach ní fíor é sin.​—Léigh Séamas 1:13.

Tá saorthoil tugtha ag Dia don duine. Nach bhfuilimid buíoch go bhfuil an tsaoirse againn roghnú freastal ar Dhia? (Iósua 24:15) Mar go roghnaíonn daoine caitheamh go dona le chéile tá fulaingt go forleathan. Gortaíonn sé Iehova an éagóir sin a fheiceáil.​—Léigh Geineasas 6:5, 6.

Tá cion ag Iehova orainn. Tá sé ag iarraidh go mbainimid taitneamh as an saol. Go luath cuirfidh sé deireadh le fulaingt agus leo siúd is ciontaí léi. Cinnte tá Dia ag ceadú na fulaingthe ach is go sealadach é agus cúis mhaith aige leis. Míneofar an chúis sin i gCeacht 8.​—Léigh 2 Peadar 2:9; 3:7, 13.

5. Cén chaoi ar féidir linn dlúthchairdeas a chothú le Dia?

Tugann Iehova cuireadh dúinn aithne a chur air trí labhairt leis inár bpaidreacha. Tá suim phearsanta ag Iehova ionainn. (Salm 65:3; 145:18) Tá sé sásta maithiúnas a thabhairt dúinn. Aithníonn sé an iarracht a dhéanaimid a bheith umhal dó fiú mura n-éiríonn linn i gcónaí. Cé go bhfuilimid neamhfhoirfe, is féidir linn sásamh a bhaint as dlúthchairdeas le hIehova.—Léigh Salm 103:12-14; Séamas 4:8.

Ós rud é gurb é Iehova a thug an bheatha dúinn, tá grá níos mó tuillte aige ná mar atá ag aon duine eile. (Marcas 12:30) Cuireann tú aithne níos fearr ar Dhia trí staidéar a dhéanamh ar an mBíobla agus a chomhairle a dhéanamh. Leis sin méadaíonn do ghrá dó agus do dhlúthchairdeas leis.​—Léigh 1 Tiomóid 2:4; 1 Eoin 5:3.