Apacailipsis 21:1-27

21  Ansin chonaic mé neamh nua agus talamh nua. Bhí an chéad neamh agus an chéad talamh bailithe leo agus gan an fharraige ann feasta.  Agus chonaic mé an chathair naofa, an Iarúsailéim nua, ag teacht anuas ó na flaithis, ó Dhia agus í ullamh maisithe mar nuachair i gcomhair a fir chéile.  Agus chuala mé guth tréan ón ríchathaoir á rá: “Féach, tá áitreabh Dé fara daoine, agus cónóidh sé ina measc, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia féin faru.  Glanfaidh sé gach deoir óna súile, agus ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh, óir tá an seansaol thart.”  Ansin dúirt an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir: “Féach, tá gach aon ní á dhéanamh nua agam.” Agus ar sé: “Scríobh. Óir is dílis agus is fírinneach iad na focail seo.”  Agus dúirt sé liom: “Tá sé curtha i gcrích. Mise Alfa agus Óimige, an tús agus an deireadh. An té a bhfuil tart air tabharfaidh mé rud le hól dó in aisce ó thobar uisce na beatha.  An té a bhéarfaidh bua, beidh na nithe seo mar oidhreacht aige, agus beidh mise i mo Dhia aige, agus beidh seisean ina mhac agam.  Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndán dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”  Ansin tháinig ceann de na haingil ag a raibh na seacht soitheach a bhí lán de na seacht bplá dheiridh agus d’agaill sé mé á rá: “Tar, agus taispeánfaidh mé duit an nuathair, céile an Uain.” 10  Agus rug sé leis mé sa spiorad faoi shliabh mór ard, agus thaispeáin sé Iarúsailéim, an chathair bheannaithe, dom agus í ag tuirlingt ó neamh ó Dhia, 11  agus glóir Dé aici. Ba chosúil a lonradh le cloch rólómhar, mar chloch sheaspair ar ghile an chriostail. 12  Agus múr mór ard ina timpeall, ar a raibh dhá gheata dhéag, agus ar na geataí bhí dhá aingeal déag, agus ainmneacha arna scríobh ar na geataí, ainmneacha dhá threibh dhéag mhac Iosrael; 13  bhí trí gheata ar an taobh thoir, trí gheata ar an taobh thuaidh, trí gheata ar an taobh theas, agus trí gheata ar an taobh thiar. 14  Agus dhá chloch déag bhoinn faoi mhúr na cathrach, agus orthusan dhá ainm déag dháréag aspal an Uain. 15  Agus bhí slat tomhais óir ag an té a bhí ag caint liom, chun an chathair agus a geataí agus a múr a thomhas. 16  Tá an chathair arna leagan amach ina cearnóg, comhfhad comhleithead. Thomhais sé an chathair lena shlat; dhá mhíle dhéag staid; a fad, a leithead agus a hairde mar a chéile. 17  Agus thomhais sé a múr: céad agus ceithre bhanlámh is daichead de réir tomhas fir, mar a bhí ag an aingeal. 18  Agus ba de sheaspar a tógadh an múr, agus ba ór glan an chathair, geal mar ghloine. 19  Bhí gach sórt cloch lómhar mar mhaise ar chlocha boinn mhúr na cathrach. An chéad chloch bhoinn, seaspar; an dara ceann, saifír; an tríú ceann, agáit; an ceathrú ceann, smaragaid; 20  an cúigiú ceann, oinisc; an séú ceann, rúibín; an seachtú ceann, criosailít; an t-ochtú ceann, beiril; an naoú ceann, tópas; an deichiú ceann, criosafrás; an t-aonú ceann déag, iasaint; an dara ceann déag, aimitis. 21  Dhá phéarla dhéag an dá gheata dhéag, agus gach ceann de na geataí d’aon phéarla amháin. Ba ór glan mar ghloine ghlé sráid na cathrach. 22  Ní fhaca mé teampall inti, óir is é an Tiarna Dia Uilechumhachtach, agus an tUan, is teampall aici. 23  Agus ní gá don chathair grian ná gealach chun soilsiú uirthi, mar is í glóir Dé ba sholas di, agus ba é an tUan a lóchrann. 24  Siúlóidh na náisiúin timpeall ina solas, agus tabharfaidh ríthe an domhain a nglóir chuici. 25  Ní dhúnfar a geataí sa lá—agus oíche ní bheidh ansiúd. 26  Tabharfar glóir agus onóir na gciníocha isteach inti. 27  Ní rachaidh aon ní neamhghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht agus éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n-ainm scríofa i leabhar beatha an Uain.

Fonótaí