Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 02

Tugann an Bíobla Dóchas Dúinn

Tugann an Bíobla Dóchas Dúinn

Tá daoine ar fud an domhain ag déileáil le fadhbanna a bhfuil brón, imní agus pian ag baint leo. B’fhéidir go bhfuil tú féin ag fulaingt mar gheall ar thinneas nó go bhfuair duine a raibh cion agat air bás. B’fhéidir go bhfuil tú ag fiafraí duit féin, ‘an dtiocfaidh feabhas ar an saol go deo?’ Tugann an Bíobla freagra sásúil ar an gceist sin.

1. Cén t-údar dóchais atá sa mBíobla?

Ní amháin go míníonn an Bíobla an chúis go bhfuil an domhan lán le fadhbanna ach geallann sé go gearr go mbeidh deireadh leo. Tugann gealltanais an Bhíobla “sólás síoraí agus dóchas daingean” dúinn. (Léigh 2 Teasalónaigh 2:16.) Tugann na gealltanais seo cúnamh dúinn le déileáil leis na fadhbanna atá againn faoi láthair, agus dóchas go mbeidh sonas buan againn amach anseo.

2. Cén cineál saoil a bheidh ann amach anseo de réir an Bhíobla?

Déanann an Bíobla cur síos ar an am nach mbeidh “an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh.” (Léigh Apacailipsis 21:4.) Ní bheidh caint ná trácht ar na fadhbanna atá ag cur drochmhisnigh orainn inniu—rudaí ar nós bochtaineacht, éagóir, tinneas agus bás—ní bheidh siad ann níos mó. Geallann an Bíobla go mbeidh an cine daonna in ann taitneamh a bhaint as an saol go deo anseo ar an talamh.

3. Cén fáth ar féidir leat a bheith cinnte go gcomhlíonfar gealltanais an Bhíobla?

Bíonn go leor daoine ag súil go dtarlóidh rudaí maithe dóibh ach níl cinnteacht ar bith ag baint leis. Ach tá gealltanais an Bhíobla difriúil. Is féidir linn ár muinín a chur sa méid atá ráite sa mBíobla trína bheith “ag cíoradh [nó ag scrúdú] na scrioptúr.” (Gníomhartha 17:11) De réir mar a dhéanann tú staidéar ar an mBíobla beidh tú in ann d’intinn féin a dhéanamh suas maidir leis na rudaí atá geallta ann.

DÉAN TAIGHDE

Déan scrúdú ar chuid de na rudaí atá geallta sa mBíobla don todhchaí. Tabhair faoi deara an bealach a gcabhraíonn dóchas an Bhíobla le daoine inniu.

4. Geallann an Bíobla go mbeidh muid in ann maireachtáil go deo i bparthas

Tabhair suntas de na gealltanais seo a leanas atá le fáil sa mBíobla. Cé acu is mó a thaitníonn leat? Cén fáth?

Léigh na scrioptúir atá luaite leis na gealltanais agus déan machnamh ar na ceisteanna seo:

  • An gceapann tú go dtugann na scrioptúir seo dóchas duit? Meas tú an mbeidís in ann dóchas a thabhairt do do chlann agus do chairde?

Samhlaigh maireachtáil anseo ar an talamh

NUAIR NACH mBEIDH. . .

BEIDH. . .

  • daoine ábalta taitneamh a bhaint as sláinte fhoirfe, agus as a bheith óg arís.​—Iób 33:25.

  • daoine ag fulaingt de bharr cogaí.—Salm 46:10 (Salm 46:9 i mBíoblaí eile).

  • saol suaimhneach ag gach duine.​—Salm 37:11.

  • na drochrudaí a tharla á dtabhairt chun cuimhne níos mó.​—Íseáia 65:17.

  • daoine in ann maireachtáil go deo i bparthas.​—Salm 37:29.

5. Tá dóchas an Bhíobla in ann difríocht a dhéanamh

Tá lagmhisneach agus olc ar go leor daoine mar gheall ar na fadhbanna atá ag an gcine daonna. Bíonn cuid acu ag troid go láidir ar son an chirt. Féach an chaoi a gcabhraíonn gealltanais an Bhíobla, faoin saol maith atá amach romhainn le daoine anois. Seinn an FÍSEÁN, agus ansin déan plé ar na ceisteanna seo:

  • Sa bhfíseán sin, cén éagóir a bhí á dhéanamh dár le Rafika?

  • Cé nár cuireadh deireadh leis an éagóir, cén chaoi ar chabhraigh an Bíobla léi?

Tá an dóchas a thugann an Bíobla dúinn don todhchaí in ann cabhrú linn déileáil le lagmhisneach agus le fadhbanna an tsaoil. Léigh Seanfhocail 17:22 agus Rómhánaigh 12:​12, agus déan plé ar na ceisteanna seo:

  • An gceapann tú go bhfuil an teachtaireacht agus an dóchas atá le fáil sa mBíobla in ann difríocht a dhéanamh i do shaol? Cén fáth?

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Tá na gealltanais atá sa mBíobla rómhaith le bheith fíor.”

  • Cén fáth a gceapann tú go bhfuil sé tábhachtach an fhianaise a scrúdú?

ACHOIMRE

Tugann an Bíobla dóchas dúinn agus cabhraíonn sé linn déileáil le dúshláin an tsaoil anois, mar go bhfuil a fhios againn go bhfuil saol maith amach romhainn.

Súil Siar

  • Cén fáth a dteastaíonn dóchas ó dhaoine?

  • Céard atá ráite sa mBíobla faoin todhchaí?

  • Cén chaoi a gcabhróidh dóchas don todhchaí leatsa anois?

Sprioc

FIOSRAIGH

Foghlaim tuilleadh faoin mbealach ar féidir le dóchas cabhrú leat.

“Hope—Where Can You Find It?” (Awake!, 22 Aibreán, 2004)

Faigh amach faoin mbealach ar féidir leis an dóchas atá ann don todhchaí cabhrú leo siúd atá i ndrochshláinte.

“Ag Maireachtáil le Tinneas Fadthéarmach—An Féidir Leis an mBíobla Cabhrú Leat?” (Alt ar líne)

Nuair atá tú ag féachaint ar an bhfíseán seo samhlaigh thú féin agus do chlann ag baint taitneamh as an saol sa bparthas atá geallta sa mBíobla.

Déan Samhail Den Am 3:​37

Léigh faoin mbealach a d’athraigh saol fir a bhí ag troid ar son chearta sibhialta nuair a d’fhoghlaim sé faoi dhóchas an Bhíobla.

“I No Longer Feel That I Have to Change the World” (The Watchtower, 1 Iúil, 2013)