Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 01

Cén Chaoi ar Féidir Leis an mBíobla Cabhrú Leatsa?

Cén Chaoi ar Féidir Leis an mBíobla Cabhrú Leatsa?

Tá ceisteanna ag beagnach gach duine againn, bíonn muid ag déanamh imní faoi shlí bheatha a bhaint amach agus an sórt saoil a bheidh ann amach anseo. Tá sé faighte amach ag go leor daoine nach hé amháin go dtugann an Bíobla cúnamh dóibh le ceisteanna móra an tsaoil a fhreagairt ach go dtugann sé cúnamh praiticiúil dóibh freisin. An bhfuil aithne agat ar aon duine a bhainfeadh tairbhe as comhairle an Bhíobla?

1. Céard iad cuid de na ceisteanna a fhreagraítear sa mBíobla?

Freagraíonn an Bíobla na ceisteanna seo a leanas: Cárbh as ar tháinig muid? Cén fáth a bhfuil muid anseo? Cén fáth a mbíonn daoine maithe ag fulaingt? Céard a tharlaíonn nuair a fhaigheann duine bás? Má tá gach duine ag iarraidh na síochána, cén fáth a bhfuil an oiread sin cogaí ann? Céard a tharlóidh don domhan amach anseo? Tá an Bíobla ag iarraidh orainn a dhul sa tóir ar fhreagraí na gceisteanna sin, agus tá freagraí sásúla faighte ag na milliúin duine cheana féin.

2. Cén chaoi ar féidir leis an mBíobla cabhrú linn sásamh a bhaint as ár saol laethúil?

Cuireann an Bíobla comhairle mhaith orainn. Mar shampla, múineann sé do theaghlaigh le bheith sona sásta. Cuireann sé comhairle orainn faoin mbealach is fearr le déileáil le himní agus an bealach le sásamh a bhaint as ár gcuid oibre. Foghlaimeoidh tú faoin méid atá le rá ag an mBíobla faoi na hábhair seo agus go leor eile agus muid á bplé le chéile. Tá mé cinnte go n-aontóidh tú go bhfuil “tairbhe . . . chun teagasc” i ngach “cuid den scrioptúr.”2 Tiomóid 3:​16.

Níl sé i gceist go dtógfaidh an foilseachán seo áit an Bhíobla. Moltar duit féin an Bíobla a scrúdú. Dá bhrí sin, iarrann muid ort na scrioptúir atá luaite sna ceachtanna seo a léamh agus iad a chur i gcomparáid leis an méid atá á fhoghlaim agat.

DÉAN TAIGHDE

Déan machnamh ar an mbealach ar chabhraigh an Bíobla le daoine eile, an bealach ar féidir leat taitneamh a bhaint as, agus an buntáiste a bhaineann le cúnamh a fháil lena thuiscint.

3. Is féidir leis an mBíobla muid a threorú

Tá an Bíobla cosúil le solas. Tá muid in ann an Bíobla a úsáid le cinntí maithe a dhéanamh agus tugann sé léargas ar gach atá romhainn amach anseo.

Léigh Salm 119:​105, agus déan plé ar na ceisteanna seo:

  • Cén dearcadh a bhí ag an salmaire ar an mBíobla?

  • Cén dearcadh atá agatsa ar an mBíobla?

4. Tá an Bíobla in ann ár gcuid ceisteanna a fhreagairt

Fuair bean amháin amach go raibh an Bíobla in ann na ceisteanna a bhí ag cur as di ar feadh na mblianta a fhreagairt. Seinn an FÍSEÁN, agus déan plé ar na ceisteanna seo:

  • Cén sórt ceisteanna a bhí ag an mbean sa bhfíseán?

  • Cén chaoi ar chabhraigh a staidéar ar an mBíobla léi?

Spreagann an Bíobla muid le ceisteanna a chur. Léigh Matha 7:​7, agus déan plé ar an gceist seo:

  • An bhfuil aon cheist agat a d’fhéadfadh an Bíobla a fhreagairt?

5. Is féidir leat taitneamh a bhaint as léitheoireacht an Bhíobla

Tá cuid mhaith daoine ag baint taitneamh as léitheoireacht an Bhíobla agus téann sé chun tairbhe dóibh. Seinn an FÍSEÁN, agus déan plé ar na ceisteanna seo:

  • Cén chaoi ar mhothaigh na daoine óga sa bhfíseán faoi léitheoireacht go ginearálta?

  • Cén fáth ar tháinig athrú intinne orthu faoi léitheoireacht an Bhíobla?

Maíonn an Bíobla go bhfuil treoir ar fáil ann a chuirfidh ar ár suaimhneas muid agus a thabharfaidh dóchas dúinn. Léigh Rómhánaigh 15:​4, agus déan plé ar an gceist seo:

  • An bhfuil suim agat sna gealltanais dhóchasacha atá ar fáil sa mBíobla?

6. Tá daoine eile in ann cabhrú linn an Bíobla a thuiscint

Chomh maith le bheith ag léamh an Bhíobla, fuair go leor daoine amach gur chabhraigh sé leo a bheith á phlé le daoine eile. Léigh Gníomhartha 8:​26-​31, agus déan plé ar an gceist seo:

Theastaigh cabhair ó fhear na hAetóipe chun na Scrioptúir a thuiscint. Dár le go leor daoine, tá sé cabhrach plé a dhéanamh ar an mBíobla le daoine eile

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Níl ann ach cur amú ama a bheith ag staidéar an Bhíobla.”

  • Céard a déarfá? Cén fáth?

ACHOIMRE

Cuireann an Bíobla comhairle orainn, freagraíonn sé ceisteanna móra an tsaoil, agus tugann sé dóchas dúinn.

Súil Siar

  • Cén cineál comhairle atá ar fáil sa mBíobla?

  • Céard iad cuid de na ceisteanna a fhreagraíonn an Bíobla?

  • Céard ar mhaith leat a fhoghlaim ón mBíobla?

Sprioc

FIOSRAIGH

Déan machnamh ar an mbealach a gcabhraíonn comhairle an Bhíobla linn inniu.

“Bible Teachings​—Timeless Wisdom” (The Watchtower Uimh. 1 2018)

Féach ar an gcaoi ar chabhraigh an Bíobla le fear a bhí ag sracadh lena chuid mothúcháin óna óige.

How My Happy New Life Began 2:​53

Déan scrúdú ar an gcomhairle atá sa mBíobla do theaghlaigh.

“12 Secrets of Successful Families” (Awake! Uimh. 2 2018)

Faigh dearcadh an Bhíobla ar theagasca atá coitianta ach míchruinn maidir le rialtóir an domhan seo.

Cén Fáth a nDéanfá Staidéar ar an mBíobla?​—Lánfhada 3:​14