Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 03

An Féidir Leat an Bíobla a Thrust?

An Féidir Leat an Bíobla a Thrust?

Tá go leor gealltanais agus comhairle le fáil sa mBíobla. Is dóigh go bhfuil tú fiosrach faoi theagasca an Bhíobla, ach ar cheart duit do mhuinín a chur i leabhar atá chomh sean sin? An féidir leat gealltanais an Bhíobla faoi thaitneamh a bhaint as an saol anois agus sa todhchaí a chreidiúint? Creideann na milliúin duine i ngealltanais an Bhíobla. Céard fútsa? Gheobhaidh muid amach.

1. An bhfuil an Bíobla fíor nó ar finscéalta atá ann?

Deir an Bíobla go ndearnadh “an fhírinne a chur síos le barr cruinnis.” (Cóheilit 12:10) Déantar cur síos ann ar eachtraí a tharla do dhaoine cosúil linne. (Léigh Lúcás 1:3; 3:​1, 2.) Dar le staraithe agus seandálaithe tá an Bíobla cruinn ó thaobh imeachtaí tábhachtacha, dátaí, daoine, agus áiteanna.

2. Cén fáth ar féidir a rá nach bhfuil an Bíobla as dáta?

Tá sé cruthaithe sa mBíobla nach bhfuil. Cé go raibh cuid mhaith dá raibh ráite ann faoi chúrsaí eolaíochta ina ábhar conspóide nuair a scríobhadh é, de réir lucht na heolaíochta inniu bhí an Bíobla cruinn i gcónaí. Seasfaidh an Bíobla “go buan agus go brách.”​​—Salm 111:8.

3. Cén fáth ar féidir an méid atá ráite sa mBíobla faoin todhchaí a thrust?

Tá go leor tairngreachtaí a sa mBíobla faoi “rudaí nár cuireadh i gcrích go fóill.” (Íseáia 46:10) Bhí cur síos cruinn déanta ann ar go leor imeachtaí stairiúla i bhfad sular tharla siad. Is gearr le bheith ag léamh an pháipéir nuachta é an bealach a gcuirtear síos ar shaol an lae inniu sa mBíobla. Scrúdóidh muid cuid de na tairngreachtaí sin sa gceacht seo. Cuirfidh a gcruinneas iontas ort!

DÉAN TAIGHDE

Scrúdaigh an bealach a n-aontaíonn eolaithe an lae inniu leis an mBíobla agus scrúdaigh cúpla ceann de thairngreachtaí an Bhíobla.

4. Tá an eolaíocht agus an Bíobla ar aon fhocal

San am a caitheamh chreid formhór na ndaoine go raibh an talamh leagtha ar rud éigin. Seinn an FÍSEÁN.

Tabhair faoi deara an méid a deir Iób 3,500 bliain ó shin. Léigh Iób 26:​7, agus déan plé ar an gceist seo:

  • Cén fáth a raibh an méid a dúirt Iób faoin domhan a bheith ag crochadh “ar neamhní” ina ábhair iontais?

Níor tuigeadh ceart timthriall an uisce go dtí an 18ú haois. Ach tabhair faoi deara an méid a luaigh an Bíobla na mílte bliain roimhe sin. Léigh Iób 36:​27, 28, agus déan plé ar na ceisteanna seo:

  • Cén fáth gur údar iontais é an cur síos simplí seo ar thimthriall an uisce?

  • An neartaíonn na scrioptúir sin do mhuinín sa mBíobla?

5. Thuar an Bíobla imeachtaí stairiúla

Léigh Íseáia 44:27–​45:​2, agus déan plé ar an gceist seo:

  • Céard a thuar an Bíobla 200 bliain sular cloíodh an Bhablóin?

Deimhníonn an stair gur chloígh Rí Cíoras na Peirse agus a arm cathair na Bablóine i 539 R.C.R. b Chuir siad an abhainn a bhí ag cosaint na cathrach ar mhalairt treo. Chuaigh siad isteach trí gheataí na cathrach a bhí fágtha oscailte agus thóg siad an chathair gan chath a throid. Níl anois ach fothrach san áit a mbíodh an Bhablóin breis agus 2,500 bliain ó shin. Tabhair faoi deara an méid a bhí tuartha sa mBíobla.

Léigh Íseáia 13:​19, 20, agus déan plé ar an gceist seo:

  • Cén chaoi a ndeimhníonn an méid a tharla don Bhablóin gur comhlíonadh an tairngreacht sin?

Fothracha na Bablóine san Iaráic inniu

6. Thuar an Bíobla rudaí atá ag tarlú inniu

Tagraíonn an Bíobla don am a bhfuil muid ag maireachtáil ann mar “na laethanta deireanacha.” (2 Tiomóid 3:1) Féach ar na rudaí a thuar an Bíobla don tréimhse ama seo.

Léigh Matha 24:​6, 7, agus déan plé ar an gceist seo:

  • Céard iad cuid de na rudaí a bhí tuartha sa mBíobla faoi na laethanta deireanacha?

Léigh 2 Tiomóid 3:​1-5, agus déan plé ar na ceisteanna seo:

  • De réir an Bhíobla cé na tréithe a bheadh ag daoine le linn na laethanta deireanacha?

  • Cé acu ceann de na tréithe sin a chonaic tusa?

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Is miotais agus finscéalta atá sa mBíobla.”

  • Céard í an fhianaise is láidre a thugann le fios duit gur féidir an Bíobla a thrust?

ACHOIMRE

Cuireann an stair, an eolaíocht, agus na tairngreachtaí in iúl gur féidir leat an Bíobla a thrust.

Súil Siar

  • An bhfuil an Bíobla fíor nó ar finscéalta atá ann?

  • Céard iad roinnt de na rudaí a bhfuil an Bíobla agus an eolaíocht ar aon fhocal fúthu?

  • An gceapann tú go bhfuil an Bíobla in ann an méid atá le tarlú amach anseo a thuar? Mínigh.

Sprioc

FIOSRAIGH

Céard iad na fíricí a bhaineann leis “na laethanta deireanacha”?

“6 Bible Prophecies You Are Seeing Fulfilled” (The Watchtower, 1 Bealtaine, 2011)

Faigh amach faoin mbealach ar comhlíonadh na tairngreachtaí a bhain le hImpireacht na Gréige.

Fortified by “the Prophetic Word” 5:​22

Faigh amach faoin gcaoi ar athraigh na tairngreachtaí an dearcadh a bhí ag fear amháin ar an mBíobla.

“For Me, God Did Not Exist” (The Watchtower Uimh. 5 2017)

a I measc na dtairngreachtaí tá teachtaireachtaí ó Dhia a chuireann síos ar imeachtaí atá le tarlú amach anseo.

b Seasann R.C.R. do “Roimh Chomh-Ré,” agus C.R. do “Comh-Ré.”