Seanfhocail 17:1-28

17  Is fearr crústa tur agus síocháin,ná teach fleá agus ceannairc.  Sé an daor cliste an máistir nuair is drabhlásach é an mac;beidh sé i bpáirt leis na deartháireacha chun na hoidhreachta.  Don airgead an breogán, don ór an sorn;ach le croíthe a phromhadh, tá an Tiarna ann.  Éisteann an t-urchóideach le béal mailíseach,agus tugann an bréagaire aird ar theanga an bhéadáin.  Masla don chruthaitheoir is ea fonóid faoin mbocht;an té a gháireann faoin ainnise, ní rachaidh sé gan phionós.  Sliocht a sleachta coróin na sean;a n-athair glóir na clainne.  Ní oireann béal soilbhir don bhaoth,ach is lú ná sin a oireann éitheach don phrionsa.  Buachloch breab dar le fear a bronnta;ritheann leis cibé slí a chasann sé.  An té a mhaitheann coir, spreagann sé grá;ach an té thagraíonn arís di, cuireann sé cairde in earraid. 10  Fágann ceartú rian níos déine ar an bhfear tuisceanach,ná mar a fhágann céad buille ar an amadán. 11  Níl a thaibhreamh don urchóideach ach ceannairc,cuirfear teachtaire dásachtach fána chomhair dá réir sin. 12  B’fhearr teacht ar bheithir a chaill a cuid coileánná ar amadán i mbun a bhaoise. 13  An té a thugann olc mar chúiteamh ar mhaith,ní dhíbreoidh sé an t-olc óna theach. 14  Is cuma aighneas a thosú nó scaoileadh le tuile;buail cos air dá bhrí sin sula n-adhntar an t-achrann. 15  An ciontach a shaoradh nó an neamhchiontach a dhaoradh,is gráin leis an Tiarna iad araon. 16  Cén tairbhe airgead i láimh an amadáinle gaois a cheannach, agus é gan chiall? 17  Is cara cara i gcónaí,ach is d’uain na hainnise a shaolaítear deartháir. 18  An fear gan chiall tugann sé gillagus téann i mbannaí lena chomharsa. 19  An té ar maith leis aighneas, is maith leis [buillí];fear na mbriathra uaille, bíonn sé ag suirí le drochíde. 20  Ní bhíonn sonas i ndán d’fhear an chroí chlaoin;titeann an tubaiste sa mhullach ar fhear na teanga fealltaí. 21  Cúis bhróin dá athair an baothán mic;níl lúcháir i ndán d’athair amadáin. 22  Oideas fónta an croí meidhreach;seirgeann na cnámha le heaspa misnigh. 23  Glacann an t-urchóidí breab faoi scáth brait,leis an gcóir a chur dá treoir. 24  Cuireann an fear tuisceanach an eagna roimhe,ach sroicheann raon súl an amadáin go himill na cruinne. 25  Ábhar dóláis dá athair mac baoth,agus cúis bhróin é dá mháthair a thug ar an saol é. 26  Níl sé cóir pionós a chur ar an bhfíréan,ach is measa fós an t-uasal a bhualadh. 27  Tá eolas ag an té ar féidir leis smacht a chur ar a theanga;coimeádann an fear tuisceanach smacht air féin. 28  Bíonn cáil na heagna fiú ar an amadán má choimeádann sé a bhéal dúnta;nuair nach mbíonn focal as, meastar go bhfuil sé cliste.

Fonótaí