Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Cén Uair a Rialóidh Ríocht Dé an Domhan?

Cén Uair a Rialóidh Ríocht Dé an Domhan?

Theastaigh ó lucht leanúna Íosa a fháil amach cén uair a thosóidh Ríocht Dé ag rialú. D’fhreagair Íosa iad ag rá nach mbeadh a fhios acu go díreach cén uair a rialódh Ríocht Dé an talamh ó neamh. (Gníomhartha 1:6, 7) Ach, níos luaithe, dúirt sé leo, nuair a d’fheicfidís eachtraí áirithe ag tarlú ag an am céanna, go mbeadh a fhios acu go raibh “Ríocht Dé in achmaireacht [nó i ngar]” agus go raibh sé in am aici an domhan a rialú.—Lúcás 21:31.

CÉN NA hEACHTRAÍ A LUAIGH ÍOSA

Dúirt Íosa: “Éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta. Beidh maidhmeanna móra talún ann, agus gortaí agus plánna anseo is ansiúd.” (Lúcás 21:10, 11) Tá na heachtraí áirithe seo go léir, cosúil leis na línte a chruthaíonn méarlorg ar féidir duine a aithint leo. Agus nuair a tharlaíonn a leithéid sin le chéile ar scála domhanda is comhartha iad “go bhfuil Ríocht Dé in achmaireacht.” Ar tharla eachtraí den tsóirt sin ar fud an domhain ag an am céanna? Féach ar an bhfianaise.

1. COGAÍ

Thosaigh cogadh i 1914 ar scála nach bhfacthas riamh cheana i stair an duine! De réir na staraithe d’athraigh an bhliain 1914 an cine daonna mar ba shin í an bhliain a thosaigh an chéad chogadh domhanda. Úsáideadh tancanna, buamaí aeróige, meaisínghunnaí, gás nimhiúil agus airm mharfacha eile den chéad uair ar scála domhanda. Tháinig an dara cogadh domhanda ina dhiaidh sin, rinneadh agus úsáideadh airm adamhacha den chéad uair. Tá an cine daonna ag troid cogaí ar fud an domhain riamh ó 1914 i leith, agus maraíodh na milliúin duine sna cogaí sin.

2. CREATHANNA TALÚN

De réir Britannica Academic bíonn thart ar 100 crith talún ann gach bliain atá sách mór le “neart damáiste a dhéanamh.” Tuairiscíonn Suirbhéireacht Gheolaíochta na Stát Aontaithe: “de réir na dtaifead atá coinnithe ó thart ar an mbliain 1900, tá muid ag súil le thart ar 16 de chreatheanna móra talún gach bliain.” B’fhéidir go gceaptar go bhfuil níos mó creathanna talún anois ann, mar go bhfuil deiseanna níos fearr ann chun iad a thomhas, ach is é fírinne an scéil go bhfuil creathanna móra talún ag cruthú fulaingthe agus ag marú níos mó daoine ná riamh.

3. GORTAÍ

Bíonn ganntanas bia ar fud an domhain de bharr cogadh, caimiléireacht, fadhbanna eacnamaíocha, drochbhainistíocht talmhaíochta nó easpa pleanála le haghaidh drochaimsire. De réir athbhreithniú bliantúil 2018 an Clár Bia Domhanda: “Tá ocras ar 821 milliún duine— 124 milliún acu sin stiúgtha leis an ocras.” Cuireann an t-ocras 3.1 milliún leanbh chun báis gach bliain. Ba é an t-ocras an tionchar báis a bhí ag thart ar 45 faoin gcéad de na leanaí a fuair bás i 2011.

4. GALAIR AGUS EIPIDÉIMÍ

Deir Eagraíocht Dhomhanda Sláinte amháin i bhfoilseachán dá gcuid: “Tá eipidéimí móra feicthe againn san 21ú haois. Tá seanghalair ar nós—calar, plá agus fiabhras buí—tar éis filleadh, agus tá cinn nua tagtha chun cinn—SARS, fliú paindéimeach, MERS, Ebola agus Zika.” Is é an paindéim COVID-19 an ceann is déanaí. Cé go bhfuil go leor foghlamtha ag eolaithe agus ag dochtúirí faoi thinnis, níl siad in ann leigheas a fháil ar na galair go léir.

5. AN CRAOBHSCAOILEADH DOMHANDA

Thagair Íosa de chuid eile den chomhartha nuair a thuar sé: “Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir mar fhianaise do na náisiúin uile, agus is ansin a thiocfaidh an deireadh.” (Matha 24:14) Cé go bhfuil fadhbanna uafásacha ar an domhan, tá os cionn ocht milliún duine as gach náisiún ag craobhscaoileadh an dea-scéal faoi Ríocht Dé i 240 tír agus i mbreis agus 1,000 teanga. Níor tharla sé seo riamh roimhe seo i stair an duine.

CÉARD A CHIALLAÍONN AN COMHARTHA?

Tá na heachtraí a thuar Íosa mar chomhartha ag tarlú inniu. Cén fáth ar chóir go mbeadh suim againn sna heachtraí sin? Mar go ndúirt Íosa: “Nuair a fheicfidh sibh na nithe úd ag teacht, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht.”— Lúcás 21:31.

Go gairid, cinnteoidh an Ríocht go ndéanfar toil Dé ar an talamh

Cabhraíonn an comhartha a thug Íosa, agus cróineolaíocht an Bhíobla linn a thuiscint gur bhunaigh Dia a Ríocht ar neamh sa mbliain 1914. a Ag an am sin, rinne sé Rí dá Mhac, Íosa Críost. (Salm 2:2, 4, 6-9) Is gearr go mbeidh Ríocht Dé ag rialú na talún, cuirfidh sé deireadh leis na rialtais go léir agus déanfaidh sé parthas den talamh ionas go mbeidh daoine in ann maireachtáil air go deo.

Is gearr, go gcomhlíonfar focail an phaidir shamplach a mhúin Íosa: “Go dtaga do ríocht; go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.” (Matha 6:10) Céard atá á dhéanamh ag an Ríocht ón am a ghlac sí cumhacht i 1914? Agus céard is féidir linn a bheith ag tnúth leis nuair a ghlacfaidh an Ríocht tiarnas iomlán ar an gcine daonna?

a Le haghaidh sonraí maidir leis an mbliain 1914 a fháil, féach ar cheacht 32 sa leabhar Mair Go Sona Go Deo! atá foilsithe ag Finnéithe Iehova.