Salm 2:1-12

2  Cad fáth a bhfuil na ciníocha á suaitheadhagus na náisiúin ag beartú gan éifeacht?  Éiríonn ríthe na cruinne,agus déanann na flatha comhcheilg le chéilein éadan an Tiarna agus a ungthaigh:ew  “Réabaimis ó chéile a gcuibhreachaagus caithimis uainn a ngeimhle!”  An té atá ar neamh, déanann sé gáire:déanann an Tiarna díol magaidh díobh.  Labhraíonn sé ansin leo go feargach;cuireann scéin agus sceimhle orthu le corp cuthaigh:  “Chuir mise mo rí féin i réimeasar Shíón, ar mo shliabh naofa.”  Foilseoidh mé reacht an Tiarna.“Is tú mo mhac,” a dúirt an Tiarna liom,“inniu is ea a ghin mé thú.  Iarr orm agus tiomnóidh mé na ciníocha duitagus críocha na cruinne mar oidhreacht duit.  Déanfaidh tú iad a bhriseadh le slat iarainn;brisfidh tú ina mbloghanna iad amhail soitheach cré.” 10  Bígí críonna, dá bhrí sin, a ríthe;aire chugaibh! a rialtóirí na cruinne. 11  [2:11a] Déanaigí fónamh don Tiarna le heaglaagus tugaigí ómós dó go creathnach, 12  [2:11b] sula gcuirfí fearg air, is go dtéadh sibh ar cealnuair a bhladhmfaidh a fhearg go tobann.Is aoibhinn dá gcuireann a ndóchas ann.

Fonótaí