Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Faoi Ríocht Dé, bhí an cruthú go léir aontaithe agus ar a shuaimhneas

Cén Fáth A dTeastaíonn Ríocht Dé Uainn?

Cén Fáth A dTeastaíonn Ríocht Dé Uainn?

Nuair a chruthaíodh an chéad lánúin ní raibh ann ach aon Rialtóir amháin, ár gCruthaitheoir Iehova Dia. Rialaigh sé ar bhealach grámhar. Thug sé baile álainn—gairdín Éidin—don chéad lánúin le maireachtáil ann. Chuir sé neart bia ar fáil dóibh. Chomh maith leis sin, thug sé obair fhiúntach dóibh le déanamh. (Geineasas 1:28, 29; 2:8, 15) Bheadh suaimhneas ag an gcine daonna dá bhfanfaidís faoi riail ghrámhar Dé.

Dhiúltaigh an chéad lánúin do Dhia mar a Rialtóir

Deir an Bíobla gur aingeal bradach, ar a dtugtar Sátan an Diabhal, a thug le tuiscint nach raibh sé de cheart ag Dia an cine daonna a rialú. Dúirt sé go mbeadh an duine níos sona gan treoir ná riail Dé. Faraor, lean ár gcéad thuismitheoirí, Ádhamh agus Éabha, Sátan agus d’éirigh siad amach in aghaidh Dé.—Geineasas 3:1-6; Apacailipsis 12:9.

De bhrí gur dhiúltaigh Ádhamh agus Éabha do Dhia mar a Rialtóir, chaill siad an deis maireachtáil go deo i bParthas le sláinte fhoirfe. (Geineasas 3:17-19) Cinneadh a raibh tionchar aige ar na leanaí a bhí acu níos déanaí. Deir an Bíobla gur tháinig, “an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin [Ádhamh] agus an bás isteach tríd an bpeaca.” (Rómhánaigh 5:12) Bhí toradh tragóideach eile ar an bpeaca: “smachtaíonn duine amháin duine eile chun a aimhleasa.” (Cóheilit 8:9) Dá réir sin bíonn fadhbanna i gcónaí ann nuair a rialaíonn daoine a chéile.

RIALTAIS DHAONNA

D’éirigh Niomrod amach in aghaidh Iehova

Ba é Niomrod an chéad rialtóir daonna a luadh sa mBíobla. D’éirigh sé amach in aghaidh riail Iehova. Tá daoine ag baint mí-úsáid as a n-údarás agus a gcumhacht ó aimsir Niomrod i leith. Scríobh Rí Solamh 3,000 bliain ó shin: “Chonaic mé . . . . deora lucht fulaingthe an ansmachta agus gan aon duine ann chun iad a shólású, agus an chumhacht i lámha na ndaoine a imríonn ansmacht orthu.”—Cóheilit 4:1.

Is é an cás céanna inniu é. Sa bhliain 2009, dúirt foilseachán de chuid na Náisiún Aontaithe go bhfuiltear den tuairim go bhfuil drochrialtais ar “ceann de na príomhchúiseanna a dtarlaíonn drochrudaí sa domhan inniu.”

TÁ SÉ IN AM GNÍOMHÚ!

Tá rialtóirí agus rialtais níos fearr ag teastáil. Agus sin é atá geallta ag ár gCruthaitheoir!

Tá teipthe fiú ar an gceann is fearr de na rialtais dhaonna réiteach a fháil ar fhadhbanna tromchúiseacha na ndaoine

Tá Ríocht, nó rialtas, bunaithe ag Dia a thógfaidh áit rialtais dhaonna agus “seasfaidh sé féin go brách.” (Dainéil 2:44) Seo í an Ríocht a mbíonn na milliúin duine ag guí go dtiocfaidh sí. (Matha 6:9, 10) Ach ní hé Dia a bheidh ina Rí ar an rialtas seo. Ina áit sin, cheap sé neach a mhair mar dhuine le bheith mar Rialtóir? Cé atá roghnaigh ag Dia?