Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Roghnaigh Tacú le Ríocht Dé Anois!

Roghnaigh Tacú le Ríocht Dé Anois!

Samhlaigh go bhfuil stoirm mhór ag teannadh le do cheantar. Tá an rialtas ag cur amach fógraí práinneacha: “TÉIGÍ AMACH! FAIGHIGÍ DÍDEAN ANOIS!” Céard ba cheart duit a dhéanamh? Ba cheart duit dul go dtí áit shábháilte.

Ar bhealach, tá gach duine againn ag maireachtáil i gcosán na “stoirme,” stoirm ar thagair Íosa de mar an “trioblóid mhór.” (Matha 24:21) Ní féidir linn éalú ó chosán na trioblóide sin. Ach is féidir linn rud éigin a dhéanamh chun muid féin a chosaint. Céard é sin?

Thug Íosa Críost an treoir seo ina Sheanmóir ar an Sliabh: “Déanaigí Ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús.” (Matha 6:33) Cén chaoi a ndéanann muid é sin?

Déan Ríocht Dé a lorg ar dtús. Ciallaíonn sé sin gur chóir go mbeadh Ríocht Dé níos tábhachtaí ná aon ní eile inár saol. (Matha 6:25, 32, 33) Cén fáth? Mar níl an duine in ann fadhbanna an chine dhaonna a réiteach. Is í Ríocht Dé amháin atá in ann é sin a dhéanamh.

Lorgaígí a fhíréantacht. Ba chóir dúinn ár ndícheall a dhéanamh maireachtáil de réir dlíthe agus prionsabail fhíréanta Dé. Cén fáth? Mar má roghnaíonn muid féin an rud atá ceart agus mícheart, beidh droch-chinntí mar thoradh air. (Seanfhocail 16:25) Ach má mhaireann muid de réir chaighdeáin Dé, beidh Dia sásta linn agus beidh saol níos fearr againn freisin.—Íseáia 48:17, 18.

Déanaigí Ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús. Thug Íosa foláireamh go bhféadfadh dul amú a bheith ar dhaoine, cuid acu ag ceapadh dá ndéanfaidís go leor airgid go mbeadh siad slán sábháilte. Caitheann daoine eile an oiread sin ama ag iarraidh a gcuid fadhbanna a réiteach nach mbíonn aon am acu do Ríocht Dé.—Matha 6:19-21, 25-32.

Gheall Íosa dóibh siúd a thacaíonn le Ríocht Dé go mbeidh na rudaí a theastaíonn uathu acu anois agus go mbainfidís amach beannachtaí síoraí freisin.—Matha 6:33.

Cé go raibh deisceabail Íosa ag tabhairt tús áite do Ríocht Dé agus a fhíréantacht sa gcéad aois, ní fhaca siad deireadh le pian agus fulaingt. Ach bhí cosaint acu. Cén chaoi?

Mhair siad de réir chaighdeáin Dé, rud a chosain iad ar dheacrachtaí a d’fhulaing siad siúd a rinne neamhaird de dhlí Dé. Chabhraigh an dóchas láidir a bhí acu i dteacht na Ríochta, leo déileáil leis na fadhbanna a d’fhulaing siad. Thug Dia “an chumhacht as cuimse” dóibh ionas go bhféadfaidís dul i ngleic lena gcuid fadhbanna.—2 Corantaigh 4:7-9.

AN nDÉANFAIDH TUSA RÍOCHT DÉ A LORG AR dTÚS?

Ghéill Críostaithe na chéad aoise d’ordú Íosa an Ríocht a lorg ar dtús. D’fhógair siad dea-scéala na Ríochta ina gceantar féin den domhan. (Colosaigh 1:23) An bhfuil aon duine á dhéanamh sin inniu?

Tá! Tuigeann Finnéithe Iehova nach bhfuil mórán ama fágtha sula gcuirfidh Ríocht Dé deireadh le rialtais na linne seo. Mar sin, déanann siad a ndícheall an obair a lua Íosa a dhéanamh: “Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir mar fhianaise do na náisiúin uile, agus is ansin a thiocfaidh an deireadh.”—Matha 24:14.

Cén chaoi a nglacfaidh tusa leis an dea-scéala? Molann muid duit aithris a dhéanamh ar mhuintir Bearóia na Macadóine. Nuair a chuala siad an dea-scéal faoin Ríocht ón aspal Pól, “Ghlac siad an briathar go fonnmhar agus bhídís gach lá ag cíoradh na scrioptúr ag féachaint an raibh an scéal mar a dúradh.” Ansin rinne siad beart de réir mar a d’fhoghlaim siad.—Gníomhartha 17:11, 12.

Is féidir leatsa an rud céanna a dhéanamh. Trí Ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, gheobhaidh tú dídean agus cosaint anois agus bainfidh tú taitneamh as síocháin agus slándáil amach anseo.