Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Cén Uair a Thiocfaidh an Deireadh? An Méid a Dúirt Íosa

Cén Uair a Thiocfaidh an Deireadh? An Méid a Dúirt Íosa

Mar a d’fhoghlaim muid san alt roimhe seo, nuair a luann an Bíobla deireadh an tsaoil, ní chiallaíonn sé go mbeidh deireadh leis an domhan ná leis an gcine daonna. Ach ciallaíonn sé go mbeidh deireadh leis an gcóras reiligiúnach, polaitiúil, eacnamaíochta atá ann faoi láthair agus gach duine a thacaíonn leis. Ach an luann an Bíobla an uair a bheidh deireadh leis an gcóras urchóideach seo?

FÉACH AR DHÁ RÁITEAS A RINNE ÍOSA FAOIN DEIREADH:

“Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh an lá ná an uair.”—MATHA 25:13.

“Bígí aireach, déanaigí faire, mar níl a fhios agaibh cén uair a bheidh an t-am ann.”—MARCAS 13:33.

Mar sin níl a fhios ag aon duine go díreach cén uair a thiocfaidh deireadh leis an gcóras atá ann faoi láthair. Mar sin féin, tá “an lá . . . agus . . . an uair” a thiocfaidh an deireadh socraithe ag Dia. (Matha 24:36) An gciallaíonn sé seo nach bhfuil aon bhealach ann chun an uair a bheidh an deireadh i ngar a fháil amach? Ní chiallaíonn. Dúirt Íosa lena dheisceabail go mbeadh imeachtaí ann a thabharfadh le fios go raibh an deireadh i ngar.

AN COMHARTHA

Bheadh na himeachtaí seo mar chomhartha “ar dheireadh an tsaoil.” Thuar Íosa: “Óir éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta, agus beidh gortaí agus plánna agus maidhmeanna talún anseo is ansiúd.” (Matha 24:3, 7) Dúirt sé go mbeadh “plánna”—galair eipidéime ann. (Lúcás 21:11) An bhfeiceann tú na rudaí a rinne Íosa cur síos orthu, ag tarlú?

Tá cogaí tubaisteacha, gortaí, agus creathanna talún chomh maith le galair ag déanamh scrios inniu. Mar shampla, i 2004, thosaigh crith mór talún san Aigéan Indiach súnámaí a mharaigh 225,000 duine. Mharaigh an paindéim COVID-19 6.9 milliún duine ar fud an domhain i gceann trí bliana. Dúirt Íosa go léireodh imeachtaí den tsóirt sin go bhfuil deireadh an tsaoil seo i ngar.

“NA LAETHANTA DEIREANACHA”

Déanann an Bíobla cur síos ar an tréimhse ama díreach roimh dheireadh an chórais seo mar na “laethanta deireanacha.” (2 Peadar 3:3, 4) Thuar 2 Tiomóid 3:1-5 go mbeadh meath mór ar chaighdeáin mhorálta na ndaoine sna laethanta deireanacha. (Féach an bosca “ Díreach Roimh Dheireadh an Domhain.”) An bhfeiceann tú daoine atá leithleasach, santach, foréigneach, agus nach mbíonn ag léiriú grá dá chéile? Is fianaise é seo freisin go bhfuil muid ag maireachtáil an-ghar do dheireadh an domhain seo.

Cén fhad a bheidh na laethanta deireanacha? De réir an Bhíobla, níl ann “ach uain ghearr,” ansin, scriosfaidh Dia “lucht scriosta an domhain.”—Apacailipsis 11:15-18; 12:12.

TÁ AN PARTHAS AR TALAMH I NGAR!

Tá an lá agus an uair socraithe ag Dia chun deireadh a chur leis an gcóras urchóideach seo. (Matha 24:36) Ach, tá tuilleadh den dea-scéala ann—ní mian le Dia “go gcaillfí aon dream.” (2 Peadar 3:9) Tá sé ag tabhairt an deis don chine daonna cloí lena chaighdeáin. Cén fáth? Mar tá sé ag iarraidh orainn a theacht slán ag deireadh an domhain agus maireachtáil ar a dhomhan nua, nuair a bheidh an talamh seo ina pharthas.

Tá clár teagaisc domhanda atá bunaithe ar an mBíobla eagraithe ag Dia chun cabhrú le daoine foghlaim faoin méid atá ag teastáil chun maireachtáil sa bparthas ar talamh. Dúirt Íosa go bhfógrófaí an dea-scéala faoi Ríocht Dé “ar fud na cruinne.” (Matha 24:14) Caitheann Finnéithe Iehova na billiúin uaireanta ag craobhscaoileadh agus ag múineadh teachtaireacht an Bhíobla do dhaoine ar fud an domhain. Thuar Íosa go mbeadh an feachtas craobhscaoilte domhanda seo ar siúl sula dtiocfadh an deireadh.

Cuirfear deireadh go luath le rialtais dhaonna. Ach tá dea-scéal ann, is féidir leat a theacht slán nuair a tharlóidh sé sin agus maireachtáil sa bparthas ar talamh atá geallta ag Dia. Pléifidh an chéad alt eile an bealach ar féidir leat maireachtáil ar an domhan nua sin.

Tugann tairngreacht Íosa maidir le “na laethanta deireanacha” ábhar dóchais dúinn