Leabhar Apacailipsis—Cén Teachtaireacht atá Inti?
Freagraíonn an Bíobla
Ciallaíonn an focal Apacailipsis (A·po·kaʹly·psis sa nGréigis) “Foilsiú” nó “Nochtadh.” Tá brí an ainm le fáil sa bhfocal—mar nochtann sé nithe a bhí faoi cheilt agus imeachtaí a tharlódh i bhfad tar éis don leabhar a bheith scríofa. Tá go leor de thairngreachtaí an leabhair le comhlíonadh fós.
Achoimre ar leabhar Apacailipsis
Réamhrá.—Apacailipsis 1:1-9.
Teachtaireachtaí Íosa chuig na seacht n-eaglaisí.—Apacailipsis 1:10–3:22.
Fís de Dhia ina ríchathaoir ar neamh.—Apacailipsis 4:1-11.
Sraith físeanna, gach ceann acu ag nascadh isteach sa gcéad cheann eile:
Seacht séala.—Apacailipsis 5:1–8:6.
Seacht dtrumpa, fógraíonn na trí cinn dheireanacha trí mhairg.—Apacailipsis 8:7–14:20.
Seacht mbabhla, gach ceann le plá ag seasamh do bhreithiúnas diaga atá le doirteadh anuas ar an talamh.—Apacailipsis 15:1–16:21.
Físeanna den scrios a rinneadh ar naimhde Dé.—Apacailipsis 17:1–20:10.
Físeanna de bheannachtaí Dé do neamh agus don talamh.—Apacailipsis 20:11–22:5.
Críoch.—Apacailipsis 22:6-21.
Ag tuiscint leabhar Apacailipsis
Tá teachtaireacht spreagúil i leabhar Apacailipsis, níl an leabhar seo faiteach ná scanrúil do shearbhóntaí Dé. Cé go ndéanann a lán daoine ceangal idir an focal “apacailipsis” agus tubaiste mhór, tugtar le fios ag tús agus ag deireadh an leabhair go mbeadh siad siúd a léann, a thuigeann agus a chuireann a teachtaireacht i bhfeidhm sásta go ndearna siad amhlaidh.—Apacailipsis 1:3; 22:7.
Baineann Apacailipsis úsáid as go leor “comharthaí,” nó siombailí a bhfuil brí fáthchiallacha leo.—Apacailipsis 1:1.
Tá go leor de na nathanna agus siombailí atá i leabhar Apacailipsis ar fáil cheana féin i gcuid eile de leabhair an Bhíobla:
Iehova—“Dia dáiríre ar neamh thuas” agus Cruthaitheoir gach ní.—Deotranaimí 4:39; Salm 103:19; Apacailipsis 4:11; 15:3.
Íosa Críost—“Uan Dé.”—Eoin 1:29; Apacailipsis 5:6; 14:1.
Sátan an Diabhal—namhaid Dé.—Geineasas 3:14, 15; Eoin 8:44; Apacailipsis 12:9.
An Bhablóin Mhór—cosúil leis an tSean-Bhablóin (Báibil), namhaid de chuid Iehova Dia agus a dhaoine agus foinse bréaga reiligiúnacha.—Geineasas 11:2-9; Íseáia 13:1, 11; Apacailipsis 17:4-6; 18:4, 20.
“An fharraige”—lucht na hurchóide atá in aghaidh Dé.—Íseáia 57:20; Apacailipsis 13:1; 21:1.
Gnéithe atá ar aon dul leis an taibearnacal ársa a d’úsáidtí le haghaidh adhradh Dé—tá áirc an chonartha, an fharraige ghloine (báisín le haghaidh níocháin), lampaí, ofrálacha túise, agus altóir íobartha.—Eaxodus 25:10, 17, 18; 40:24-32; Apacailipsis 4:5, 6; 5:8; 8:3; 11:19.
Beithígh fhiáine—atá mar shiombailí ar rialtais dhaonna.—Dainéil 7:1-8, 17-26; Apacailipsis 13:2, 11; 17:3.
Uimhreacha a úsáidtear go siombalach.—Apacailipsis 1:20; 8:13; 13:18; 21:16.
Baineann na físeanna le “lá an Tiarna,” a thosaigh nuair a bunaíodh Ríocht Dé i 1914 nuair a thosaigh Íosa ag rialú mar Rí. (Apacailipsis 1:10) Mar sin is féidir linn a bheith ag súil go gcomhlíonfar formhór na bhfíseanna atá i leabhar Apacailipsis san am ina maireann muid.
Chun leabhar Apacailipsis a thuiscint, teastaíonn na rudaí céanna uainn a chabhraíonn linn an chuid eile den Bhíobla a thuiscint, is iad sin, eagna ó Dhia agus cúnamh uathu siúd a bhfuil tuiscint acu ar an mBíobla cheana féin.—Gníomhartha 8:26-39; Séamas 1:5.