Ná bac leis seo

Céard Atá i gCeist le Cath Harmagadón?

Céard Atá i gCeist le Cath Harmagadón?

Freagraíonn an Bíobla

 Déanann cath Harmagadón tagairt den chogadh deiridh a bheidh idir rialtais dhaonna agus Dia. Tá na rialtais seo agus a lucht leanúna ag cur in aghaidh Dé i láthair na huaire fiú, trí dhiúltú a bheith umhal dá riail. (Salm 2:2) Cuirfidh cath Harmagadón deireadh le rialtais dhaonna.​—Dainéil 2:​44.

 Ní luaitear an focal “Harmagadón” ach uair amháin sa mBíobla, ag Apacailipsis 16:16. De réir na dtairngreachtaí, i leabhar an Apacailipsis beidh “ríthe an domhain go léir á dtionól le chéile chun catha lá mór Dé Uilechumhachtaigh” san áit “ar a dtugtar Harmagadón.”​—Apacailipsis 16:14.

 Cé a bheidh ag troid ag Harmagadón? Beidh Íosa Críost i gceannas ar arm neamhaí chun an bua a fháil ar naimhde Dé. (Apacailipsis 19:11-​16, 19-​21) I measc na naimhde seo tá siad siúd a dhiúltaigh d’údarás Dé agus a léirigh dímheas air.​—Eizicéil 39:7.

 An mbeidh cath Harmagadón á throid sa Meán Oirthear? Ní bheidh. Beidh cath Harmagadón á throid ar fud an domhain mhóir seachas i limistéar amháin.​—Irimia 25:32-​34; Eizicéil 39:17-​20.

 Ciallaíonn “Harmagadón,” focal ar a dtugtar Ármagedón freisin (Eabhrais Har Meghiddohnʹ), “Sliabh Mhigideo.” Ba chathair í Migideo a bhí i seanIosrael tráth. Déantar cur síos sa stair ar chogaí a troideadh sa gceantar sin. Tá cur síos ar chuid acu sa mBíobla. (Breithiúna 5:​19, 20; 2 Ríthe 9:​27; 23:29) Mar sin féin, ní fhéadfadh sé go bhfuil Harmagadón ag tagairt den cheantar atá gar de chathair ársa Migideo. Níl aon sliabh mór ansin, agus ní bheadh Gleann Izréil atá taobh leis sách mór don slua a bheidh ag troid in aghaidh Dé. Is siombail é Harmagadón den bhealach a mbaileoidh rialtóirí na náisiúin le chéile den uair deireadh in aghaidh Ríocht Dé.

 Céard a bheidh ag tarlú ar an domhan le linn cath Harmagadón? Cé nach bhfuil a fhios againn an chaoi a n-úsáidfidh Dia a chumhacht, beidh uirlisí ar láimh aige cosúil leo siúd a d’úsáid sé san am atá caite​—clocha sneachta, crith talún, dílí baistí, ruibh agus tine, toirneach agus galair. (Iób 38:22, 23; Eizicéil 38:19, 22; Habacúc 3:​10, 11; Zacairia 14:12) Le teann mearbhall, ionsóidh naimhde Dé a chéile agus maróidh siad a chéile, ach tuigfidh siad, ansin, gurb é Dia atá ag troid ina n-aghaidh.​—Eizicéil 38:21, 23; Zacairia 14:13.

 An mbeidh deireadh leis an domhan ag Harmagadón? Ní bheidh, mar is é an talamh seo ar a maireann muid baile an chine dhaonna go deo. (Salm 37:29; 96:10; Cóheilit 1:4) In ionad an chine dhaonna a scrios, sábhálfaidh Harmagadón é, mar tiocfaidh “mathshlua mór” de shearbhóntaí Dé slán.​—Apacailipsis 7:​9, 14; Salm 37:34.

 Chomh maith le tagairt a dhéanamh den domhan ar a maireann muid, úsáideann an Bíobla an focal “saol” nó domhan chun tagairt a dhéanamh den tsochaí dhrochdhaoine atá in aghaidh Dé. (1 Eoin 2:​15-​17) Is í an tsochaí dhrochdhaoine seo a scriosfaidh Harmagadón ag “deireadh an domhan.”​—Matha 24:3, Leagan King James.

 Cén uair a thiocfaidh Harmagadón? Nuair a bhí Íosa ag cur síos ar an “trioblóid mhór” a chríochnódh le cath Harmagadón, dúirt sé: “Ach mar gheall ar an lá sin agus ar an uair, níl fhios ag duine ar bith ná ag aingil na bhflaitheas, ach ag an Athair amháin.” (Matha 24:21, 36) Ach mar sin féin, léiríonn an Bíobla go dtarlóidh Harmagadón le linn láithreacht Íosa, a thosaigh i 1914.​—Matha 24:37-​39.