Ná bac leis seo

An é an Diabhal is Cúis le Gach Fulaingt?

An é an Diabhal is Cúis le Gach Fulaingt?

Freagraíonn an Bíobla

 Léiríonn an Bíobla gur pearsa é Sátan an Diabhal a dhéanann cinnte, cosúil le haon choirpeach eile, go bhfaighidh sé a bhealach féin trí ‘bhréaga’ a insint agus trí an ‘cluain nó an dallamullóg’ a chur ar dhaoine. Go deimhin, deir an Bíobla go leanann sé air ag cur “riocht an aingil ghil air féin.” (2 Teasalónaigh 2:9, 10; 2 Corantaigh 11:14) Is léir go bhfuil an Diabhal ann ón damáiste atá á dhéanamh aige.

 Ach, ní hé an Diabhal is cúis le gach fulaingt. Cén fáth? Chruthaigh Dia an duine le saor thoil agus chuir sé ar a chumas an rogha a dhéanamh idir an drochrud agus an dea-rud. (Iósua 24:15) Nuair a dhéanann muid droch-roghanna, bíonn droch-thorthaí dá mbarr.—Galataigh 6:7, 8.