Ná bac leis seo

An é Dia is Cúis Lenár bhFulaingt?

An é Dia is Cúis Lenár bhFulaingt?

Freagraíonn an Bíobla

 Freagraíonn an Bíobla go soiléir nach é! Ní raibh sé i gceist ag Iehova riamh go mbeadh an cine daonna ag fulaingt. Ach d’éirigh an chéad lánúin amach in aghaidh rialú Dé, agus thosaigh siad ag leagan síos a gcuid dlíthe féin ó thaobh an mhaith agus an oilc de. D’iompaigh siad in aghaidh Dé agus ba í an fhulaingt an toradh a bhí air.

 Tá muidne ag fulaingt fós inniu mar gheall ar an rogha a rinne siadsan. Ach níorbh é Dia foinse ár bhfulaingthe.

 Deir an Bíobla: “Is fada ó Dia an choirpeacht agus an éagóir ón Uilechumhachtach.” (Iób 34:10) D’fhéadfadh drochrudaí tarlú do dhuine ar bith—fiú do dhaoine a bhfuil cion ag Dia orthu.