Ná bac leis seo

Íosa Fear Maith—Nó an Raibh Níos Mó i gCeist?

Íosa Fear Maith—Nó an Raibh Níos Mó i gCeist?

Freagraíonn an Bíobla

 Bhí níos mó i gceist le hÍosa ná a bheith ina fhear maith. Ar a laghad ar bith léirigh sé go bhfuil sé ar an bhfear is mó le rá i stair an duine. Tabhair faoi deara an méid atá ráite ag na staraithe agus ag na scríbhneoirí cáiliúla seo leanas faoi:

 “Íosa Nazórach. . . go héasca an fear ba mhó a sheas amach i stair an duine.”—H. G. Wells, staraí Sasanach.

 “Is é an saol a chaith [Íosa] an saol is mó a raibh tionchar aige riamh ar an bpláinéad seo agus tá an toradh a bhí ar sin ag dul i méid i gcónaí.”—Kenneth Scott Latourette, staraí agus údar Meiriceánach.

 Cuireann an Bíobla ar a súile dúinne an chúis go raibh níos mó tionchair ag Íosa ar an gcine daonna ná mar a bhí ag aon fhear maith eile dár mhair riamh. Nuair a d’fhiafraigh Íosa dá chuid lucht leanúna dílse cé a deir sibhse mé, d’fhreagair duine acu é i gceart ag rá: “Is tú an Críost, Mac Dé bheo.”—Matha 16:16.