Ná bac leis seo

Cén Chaoi Ar Thug Íosa a Anam “Mar Cheannach ar Mhórán”?

Cén Chaoi Ar Thug Íosa a Anam “Mar Cheannach ar Mhórán”?

Freagraíonn an Bíobla

 Is trí íobairt Íosa a fhuasclaíonn, nó a shlánaíonn, Dia an cine daonna ón bpeaca agus ón mbás. Deir an Bíobla gurbh í fuil Íosa a doirteadh a d’íoc an éiric. (Eifisigh 1:7; 1 Peadar 1:​18, 19) Mar sin, dúirt Íosa gur tháinig sé chun na talún “chun a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”​—Matha 20:28

Cén fáth a raibh gá le héiric?

 Cruthaíodh an chéad fhear, Ádhamh, foirfe nó gan pheaca. Bhí an deis aige maireachtáil go deo ach chaill sé an deis sin nuair a bheartaigh sé a bheith easumhal do Dhia. (Geineasas 3:​17-​19) Nuair a bhí clann aige, bhí rian an pheaca ón mbroinn orthu. (Rómhánaigh 5:​12) Tugann an Bíobla le fios gur ‘dhíol’ Ádhamh é féin agus a chlann, rud a d’fhág faoi sclábhaíocht an pheaca agus an bháis iad. (Rómhánaigh 7:​14) De bhrí go raibh siad neamhfhoirfe, ní raibh aon duine acu in ann an bheatha fhoirfe a chaill Ádhamh a cheannach ar ais.​—Salm 49:​8, 9 (49:7, 8 i mBíoblaí eile).

 Bhí trua ag Dia do shliocht Ádhaimh mar gheall ar an drochbhealach a bhí siad fágtha. (Eoin 3:​16) Ach, mar gheall ar chaighdeán Dé i leith an chirt, ní fhéadfadh sé neamhaird ná leithscéal a dhéanamh i dtaobh a bpeacaí gan é a bheith dleathach. (Salm 89:14; Rómhánaigh 3:​23-​26) Mar gheall ar an ngrá a bhí ag Dia don chine daonna, chuir Sé an modh dlíthiúil a bhí riachtanach ar fáil, ní hamháin chun a bpeacaí a mhaithe dóibh ach chun fáil réidh leo ar fad. (Rómhánaigh 5:​6) Is í an éiric an modh dleathach seo.

Cén chaoi a n-oibríonn an éiric?

 Sa mBíobla, baineann an téarma “fuascailt” leis na trí ghné seo a leanas:

  1.   Bíonn íocaíocht i gceist leis.​—Uimhreacha 3:​46, 47.

  2.   Bíonn fuascailt, nó slánú i gceist leis.​—Eaxodus 21:30.

  3.   Bíonn an méid a íoctar nó a chlúdaíonn sé ar chomh-luach.

 Breathnóidh muid anois ar na trí ghné seo i gcás éiric Íosa Chríost. a

  1.   Íocaíocht. Deir an Bíobla “gur daor a ceannaíodh” Críostaithe. (1 Corantaigh 6:​20; 7:​23) Ba í fuil Íosa an luach a “d’fhuascail . . . daoine . . . as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine.”​—Apacailipsis 5:​8, 9.

  2.   Fuascailt. Cuireann éiric Íosa ‘fuascailt ar fáil’ ón bpeaca.​—1 Corantaigh 1:​30; Colosaigh 1:​14; Eabhraigh 9:​15.

  3.   Ar chomh-luach. Tá íobairt Íosa ar chomh-luach leis an mbeatha fhoirfe a chaill Ádhamh. (1 Corantaigh 15:21, 22, 45, 46) Deir an Bíobla: “Faoi mar a rinneadh peacaigh de mhórán trí easumhlaíocht an aon duine amháin, (Ádhamh) ar an gcuma chéanna déanfar fíréin de mhórán trí umhlaíocht an aon duine amháin (Íosa Críost).” (Rómhánaigh 5:​19) Míníonn an scrioptúr sin gur féidir le bás fear amháin éiric a íoc ar son na bpeacach. Dá bhrí sin bhí ar chumas Íosa a bheatha fhoirfe dhaonna a thabhairt mar íobairt rud a íocann as peaca Ádhaimh ‘don uile dhuine’ a ghlacann na céimeanna atá riachtanach chun tairbhe a bhaint as an íobairt sin.​—1 Tiomóid 2:​5, 6.

a Tugann an bunfhocail óna n-aistrítear “éiric” sa mBíobla le tuiscint gur praghas, nó rud luachmhar, atá íoctha a bhí i gceist leis. Mar shampla, go bunúsach ciallaíonn an briathar Eabhraise ka·pharʹ “clúdach nó brat.” (Geineasas 6:​14) Tagraíonn sé de ghnáth do chlúdach an pheaca. (Salm 65:4 [65:3 i mBíoblaí eile]) Tagraíonn an t-ainmfhocal gaolmhar koʹpher don phraghas a íoctar chun an clúdach seo, nó an slánú seo a bhaint amach. (Eaxodus 21:30) Mar an gcéanna, an focal Gréigise ly’tron a aistrítear mar “éiric” nó mar cheannach, chun duine a shlánú. (Matha 20:28; The New Testament in Modern Speech, by R.F Weymouth) D’úsáid scríbhneoirí Gréagacha an téarma seo chun tagairt den íocaíocht a dhéantaí le príosúnach cogaidh nó sclábhaí a scaoileadh saor.