Ná bac leis seo

Úsáid Sonraí Pearsanta​—Lichtinstéin

Úsáid Sonraí Pearsanta​—Lichtinstéin

Nuair a thosaíonn duine amach mar fhoilsitheoir, glacann sé leis go ndéanann eagraíocht reiligiúnach Fhinnéithe Iehova—lena n-áirítear an pobal áitiúil d’Fhinnéithe Iehova, an craobh-oifig áitiúil, agus eagraíochtaí eile mar iad a oibríonn i gcomhar le Finnéithe Iehova—sonraí pearsanta a úsáid go dleathach ar son a gcuspóirí reiligiúnacha dlisteanacha. Cuireann foilsitheoirí sonraí pearsanta ar fáil dá bpobal dá ndeoin féin de réir mar atá leagtha amach sa leabhar Organized to Do Jehovah’s Will ionas go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh in imeachtaí reiligiúnacha a bhaineann lena n-adhradh agus ionas go mbeidh siad in ann tacaíocht spioradálta a fháil.—1 Peadar 5:2.

Cuireann foilsitheoirí sonraí pearsanta breise ar fáil d’Fhinnéithe Iehova de réir mar a thógann siad páirt in imeachtaí reiligiúnacha eile. Ar na sonraí pearsanta a chuirfí ar fáil tá ainm, dáta breithe, inscne, dáta baiste, eolas teagmhála, nó eolas a bhaineann le spioradáltacht an duine, a mhinistreacht, nó aon ról eile a a bheadh aige i measc Fhinnéithe Iehova. I measc na sonraí bheadh eolas a chuirfeadh creideamh an duine in iúl agus d’fhéadfadh sonraí pearsanta íogaire eile a bheith ann freisin. Nuair a úsáidtear sonraí pearsanta, déantar iad a bhailiú, a thaifeadadh, a eagrú, athrú struchtúir a chur orthu, iad a stóráil, agus obair eile den tsóirt sin.

Is é an Dlí Maidir le Cosaint Sonraí sa tír seo:

An tAcht Maidir le Cosaint Sonraí (DSG).

Faoin Dlí Maidir le Cosaint Sonraí, tugann foilsitheoirí cead d’Fhinnéithe Iehova úsáid a bhaint as a gcuid sonraí pearsanta ar son cuspóirí reiligiúnacha, iad seo a leanas san áireamh:

  • ag glacadh páirt in aon chruinniú de phobal áitiúil Fhinnéithe Iehova agus in aon imeacht deonach nó in aon togra;

  • ag tógáil páirt dá ndeoin féin i gcruinniú, i dtionól, nó i gcomhdháil atá á thaifeadadh agus á chraoladh le haghaidh teagasc spioradálta a thabhairt d’Fhinnéithe Iehova ar fud an domhain;

  • ag déanamh de réir aon chúraim a bhíonn orthu nó de réir aon ról eile a bhíonn acu i bpobal Críostaí—rud a chiallaíonn go gcuirfear ainm an duine agus an cúram atá air ar chlár na bhfógraí i Ríocht-halla de chuid Fhinnéithe Iehova;

  • ag coinneáil ord agus eagair ar na cártaí a bhaineann le Taifead an Fhoilsitheora;

  • an aoireacht agus an cúram a chuireann seanóirí Fhinnéithe Iehova ar fáil (Gníomhartha 20:28; Séamas 5:14, 15);

  • ag taifeadadh sonraí teagmhála le húsáid i gcásanna éigeandála.

Coinneofar sonraí pearsanta chomh fada is a bheidh na cuspóirí atá luaite thuas nó aon chuspóirí dlisteanacha eile i bhfeidhm. Má roghnaíonn foilsitheoir gan an fhoirm thoilithe Fógra agus Cead Sonraí Pearsanta a Úsáid a shíniú, d’fhéadfadh sé nach mbeadh Finnéithe Iehova in ann a mheas an bhfuil an té sin oiriúnach chun róil áirithe sa bpobal Críostaí a chomhlíonadh nó chun páirt a ghlacadh in imeachtaí reiligiúnacha áirithe.

D’fhéadfadh sé go seolfaí sonraí pearsanta, nuair is gá agus is cuí, chuig aon eagraíocht a bhfuil dlúth bhaint acu le Finnéithe Iehova. Tuigeann foilsitheoirí go bhféadfadh roinnt eagraíochtaí a bhfuil dlúth bhaint acu le Finnéithe Iehova a bheith lonnaithe i dtíortha eile agus go mb’fhéidir nach gcuireann dlíthe cuid de na tíortha sin an leibhéal céanna cosanta ar fáil maidir le cosaint sonraí is atá ar fáil sa tír ina bhfuil cónaí orthu. Ach tuigeann foilsitheoirí nach n-úsáidfidh aon eagraíocht a fhaigheann a gcuid sonraí pearsanta, ina measc eagraíochtaí a bhfuil dlúth bhaint acu le ceanncheathrú dhomhanda Fhinnéithe Iehova sna Stáit Aontaithe, na sonraí sin ach amháin de réir Polasaí Domhanda Fhinnéithe Iehova Maidir le Cosaint Sonraí.

Tá sé de cheart ag foilsitheoirí rochtain a fháil ar a gcuid sonraí pearsanta, iarratas a dhéanamh go scriosfaí iad, nó srian a chur ar a bpróiseáil, agus aon cheartúcháin atá ag teastáil a dhéanamh orthu. Féadfaidh foilsitheoirí an cead a thug siad maidir le húsáid a gcuid sonraí pearsanta a chur ar ceal maidir le haon úsáid a bhainfear astu sa todhchaí. Más rud é go gcuireann foilsitheoir an cead a thug sé a chuid sonraí pearsanta a úsáid ar ceal, d’fhéadfadh Finnéithe Iehova a bheith i dteideal leanúint orthu ag úsáid cuid de na sonraí pearsanta gan cead, ar bhonn na gcuspóirí reiligiúnacha dlisteanacha atá acu an fhaisnéis bhallraíochta domhanda d’Fhinnéithe Iehova a chothabháil agus a riaradh nó ar aon bhonn dleathach eile atá faoi réir an Dlí Maidir le Cosaint Sonraí. Tá a fhios ag foilsitheoirí go bhfuil sé de cheart acu gearán a dhéanamh leis an údarás a dhéanann an maoirseacht maidir le cosaint sonraí sa tír ina bhfuil cónaí orthu.

Tá nósanna imeachta agus bearta cosanta teicniúla éagsúla curtha i bhfeidhm ag Finnéithe Iehova de réir an Dlí Maidir le Cosaint Sonraí, chun sonraí pearsanta a chosaint. Tuigeann foilsitheoirí nach mbeidh fáil ach ag líon teoranta daoine údaraithe ar a gcuid sonraí pearsanta chun na cuspóirí atá luaite thuas a chomhlíonadh.

Is féidir aon cheist a chur chuig an oifigeach cosanta sonraí ag:

Féach ar an leathanach Cosaint Sonraí—Eolas Teagmhála le do thoil.

Tuigeann foilsitheoirí gur féidir leo fáil amach cé hé an rialaitheoir sonraí sa tír ina bhfuil cónaí orthu, agus a eolas teagmhála, agus más gá, eolas teagmhála a ionadaí agus a oifigeach cosanta sonraí, ar an leathanach Cosaint Sonraí—Eolas Teagmhála ar jw.org.

D’fhéadfadh sé go n-athródh ár gcleachtais sonraí ó am go chéile mar gheall ar athruithe ar ár n-imeachtaí reiligiúnacha, ar an dlí, nó ar an teicneolaíocht. Más gá an leathanach seo Úsáid Sonraí Pearsanta a athrú, postálfaidh muid na hathruithe sin ar an leathanach seo ionas go mbeidh foilsitheoirí ar an eolas i gcónaí faoi na sonraí a bhailíonn muid agus faoin gcaoi a n-úsáideann muid iad. Seiceáil an leathanach seo ó am go ham, le do thoil, chun na hathruithe a dhéantar air a fheiceáil.