Ná bac leis seo

Polasaí Príobháideachais

Polasaí Príobháideachais

AG COSAINT DO PHRÍOBHÁIDEACHAS

 Tá muid tiomanta do phríobháideachas a chosaint agus cloí leis na rialacha a bhaineann leis. Leagann an polasaí seo amach an bonn ar a ndéanfar na sonraí pearsanta a bhailíonn muid uait a phróiseáil ar ár láithreán gréasáin. Coinníonn muid eolas áirithe nuair a thugann tú cuairt ar ár láithreán gréasáin agus tuigeann muid an tábhacht atá leis an eolas sin a choinneáil slán agus le hinsint duit céard atá muid ag dul a dhéanamh leis. B’fhéidir go roghnófá eolas a sheoladh chugainn ar a dtabharfaí “sonraí pearsanta”. Is é atá i gceist leis an téarma “sonraí pearsanta” mar a úsáidtear sa bPolasaí seo é ná d’ainm, do sheoladh, do ríomhphost, do sheoladh baile, d’uimhir teileafóin, nó aon eolas eile lena bhféadfaí thú a aithint. Ní gá duit aon sonraí pearsanta a chur ar fáil chun an chuid phoiblí den suíomh a bhrabhsáil. Clúdaíonn an téarma “láithreán gréasáin” an láithreán gréasáin seo agus na suíomhanna eile a bhaineann linn, ar nós apps.pr418.com, tv.pr418.com, stream.pr418.com, agus wol.pr418.com.

EOLAS FAOIN RIALAITHEOIR SONRAÍ

 Is leis an Watchtower Bible and Tract Society of New York, Inc. (“Watchtower”), an láithreán gréasáin seo, eagraíocht neamhbhrabúis atá lonnaithe i Nua-Eabhrac agus a thugann tacaíocht d’imeachtaí Fhinnéithe Iehova agus don oideachas a chuireann siad ar fáil ar an mBíobla. Má dhéanann tú cinneadh de do dheoin féin cuntas a oscailt, síntiús a thabhairt, cuairt a iarraidh, nó aon rud eile a dhéanamh ina dtugann tú sonraí pearsanta dúinn, glacann tú leis an bPolasaí seo, chomh maith le stóráil do chuid sonraí ar fhreastalaithe atá lonnaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus tugann tú cead do Watchtower agus do na heagraíochtaí a chomhoibríonn leis ag tabhairt tacaíocht d’Fhinnéithe Iehova i dtíortha éagsúla, do chuid sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil, a aistriú agus a stóráil de réir mar a theastaíonn sé chun d’iarratas a chur i gcrích. Feidhmíonn an eagraíocht go domhanda trí eintitis áitiúla éagsúla. I measc na n-eintiteas seo, chomh fada is a bhaineann sé le cosaint sonraí, tá pobail áitiúla de chuid Fhinnéithe Iehova, craobh-oifigí, agus eagraíochtaí eile mar iad a oibríonn i gcomhar le Finnéithe Iehova.

Ní hé an rialaitheoir sonraí céanna atá ann le haghaidh gach rud a dhéanann tú ar an láithreán gréasáin. Mar shampla, má dhéanann tú síntiús chuig eintiteas dleathach i dtír áirithe, tabharfar d’ainm agus d’eolas teagmhála don eintiteas dleathach sin a bheidh a ainm le feiceáil agat nuair a dhéanann tú an síntiús. Nó, má iarrann tú cuairt, tabharfar d’ainm agus d’eolas teagmhála do chraobh-oifig áitiúil agus do phobal de chuid Fhinnéithe Iehova chun d’iarratas a chur i gcrích.

Chun cabhrú leat, má tá dlíthe ag an tír ina bhfuil tú i do chónaí maidir le cosaint sonraí, is féidir leat eolas teagmhála a fháil don tír sin ar an leathanach Cosaint Sonraí—Eolas Teagmhála.

SLÁNDÁIL SONRAÍ AGUS RÚNDACHT

 Is mór againn slándáil agus rúndacht do chuid sonraí pearsanta. Úsáideann muid teicnící stórais agus slándála sonraí atá suas chun dáta chun d’eolas pearsanta a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe, ar úsáid mhíchuí nó ar nochtadh, ar athrú neamhúdaraithe, ar scriosadh mídhleathach, agus chun a chinntiú nach gcaillfear do chuid sonraí pearsanta de thimpist. Tá sé d’oibleagáid ar aon phróiseálaí sonraí pearsanta agus ar aon tríú páirtí a úsáideann muid chun do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil rúndacht do chuid sonraí a chosaint. Ní choinníonn muid do chuid sonraí pearsanta ach chomh fada is a theastaíonn siad agus is atá réasúnach chun an cuspóir lena aghaidh ar bhailigh muid iad a chur i gcrích, agus chun aon dlíthe cuí a bhaineann le tuairisciú dleathach nó le doiciméid a choinneáil ar feadh tréimhse áirithe a chomhlíonadh.

Cosnaíonn muid do chuid sonraí pearsanta le linn trasdula ag úsáid prótacail criptiúcháin ar nós Transport Layer Security (TLS). Úsáideann muid ríomhchórais a bhfuil prótacail rochtana teoranta acu, atá lonnaithe in áiseanna a bhfuil beartais slándála i bhfeidhm acu go fisiceach, go leictreonach, agus maidir lena nós imeachta, chun rúndacht agus slándáil an t-eolas a tharchuirtear chugainn a chosaint. Tá caighdeáin slándála diana curtha i bhfeidhm againn chun cosc a choineáil ar aon rochtain neamhúdaraithe.

DAOINE ATÁ FAOI AOIS

 Más duine thú atá faoi aois sa tír ina bhfuil tú ag rochtain ár láithreán gréasáin, ní féidir leat do chuid sonraí pearsanta a sheoladh chugainn ach má bhíonn do thuismitheoir(í) nó do chaomhnóir i bpáirt leat. Más tuismitheoir(í) nó caomhnóir thú agus má thugann tú cead do dhuine atá faoi aois a shonraí pearsanta a sheoladh chugainn ar an láithreán gréasáin seo, glacann tú leis an bPolasaí seo maidir leis an gcaoi atá an duine atá faoi aois ag úsáid an láithreán gréasáin.

TRÍÚ PÁIRTÍ

 Uaireanta, beidh naisc ar an láithreán gréasáin seo chuig láithreáin gréasáin ar le tríú páirtithe iad atá áirithithe againn chun seirbhís a thabhairt ar ár son (mar shampla, chun foirmeacha a líonadh isteach ar líne). Beidh a fhios agat go bhfuil tú ar láithreán gréasáin a bhaineann le  tríú páirtithe mar beidh cuma dhifriúil air agus athróidh an seoladh sa mbarra seoltaí i do bhrabhsálaí. Chomh maith le sin, féadfaidh tú ríomhphoist nó teachtaireachtaí téacs a fháil trí na tríú páirtithe bunaithe ar iarratas a dhéanann tú tríd an suíomh gréasáin seo ar fhaisnéis, lena n-áirítear fógra a thabhairt faoi ghníomhaíochtaí ar iarr tú faisnéis fúthu. Ag an am a roghnaíonn muid  tríú páirtithe, agus go tréimhsiúil ina dhiaidh sin, scrúdaíonn muid na polasaithe atá acu maidir le príobháideacht agus cosaint sonraí chun a chinntiú go bhfuil na caighdeáin atá acu chomh hard céanna leis na caighdeáin atá againn dár bpolasaithe féin. Mar sin féin, soláthraíonn na  tríú páirtithe seo aipeanna agus seirbhísí nach bhfuil ar ár gcumas a gcuid ríomhchlárú, téarmaí úsáide, polasaithe príobháideachta nó coinníollacha ginearálta a rialú. Ar an gcúis seo, tá d’úsáid de na haipeanna agus na seirbhísí sin ar an láithreán gréasáin seo faoi réir ag na téarmaí seirbhíse reatha agus na gcoinníollacha ginearálta atá leagtha síos ag na  tríú páirtithe. Ní chuirtear ar an eolas muid maidir le nuashonruithe mar sin déan athbhreithniú ar na téarmaí sula n-úsáideann tú seirbhís na tríú páirtithe le do thoil. Má tá ceisteanna agat faoi bheartais  tríú páirtithe, féach an polasaí atá liostaithe ar a láithreán gréasáin, le do thoil.

Tá d’úsáid de sheirbhísí Google Maps ar an láithreán gréasáin seo faoi réir ag Polasaí Príobháideachta reatha Google. Is díoltóir tríú páirtí é Google. Ní féidir linn, a ríomhchlárú ná a Théarmaí Seirbhíse a rialú. Ar an gcúis seo, tá d’úsáid de sheirbhísí Google Maps ar an láithreán gréasáin seo faoi réir Téarmaí Seirbhíse breise Google Maps / Google Earth. Ní chuirtear ar an eolas muid maidir leis na nuashonruithe seo mar sin déan athbhreithniú ar na téarmaí sula n-úsáideann tú seirbhísí Google Maps le do thoil. Ná húsáid seirbhísí Google Maps mura nglacann tú leis na téarmaí.

 AG FÓGRAIRT FAOI ATHRUITHE AR AN bPOLASAÍ SEO

Tá muid de shíor ag feabhsú agus ag cur le feidhmiúlacht an láithreán gréasáin seo, agus ag feabhsú agus ag cur leis na seirbhísí atá againn faoi láthair. Mar gheall ar na hathruithe seo a bhíonn ag dul ar aghaidh i gcónaí, chomh maith le hathruithe a dhéantar ar an dlí agus a thagann ar an teicneolaíocht, athróidh na cleachtais atá againn maidir le sonraí ó am go ham. Nuair a bheidh gá le hathruithe a dhéanamh ar ár bPolasaí, postálfaidh muid na hathruithe sin ar an leathanach seo sa gcaoi is go mbeidh a fhios agat i gcónaí cén t-eolas a bhailíonn muid agus cén chaoi a n-úsáideann muid é.

 SCRIPTIÚ GNÍOMHACH NÓ JAVASCRIPT

Úsáidtear Scriptiú chun feabhas a chur ar fheidhmiúlacht ár láithreán gréasáin. Cuireann teicneolaíocht scriptithe ar chumas an tsuímh eolas a chur ar ais chugat níos tapúla. Ní úsáideann an suíomh Scriptiú riamh chun bogearraí a shuiteáil ar do ríomhaire ná chun eolas neamhúdaraithe a bhailiú uait.

Caithfidh Scriptiú Gníomhach nó JavaScript a bheith cumasaithe sa mbrabhsálaí ionas go n-oibreoidh páirteanna áirithe den suíomh i gceart. Ligeann an chuid is mó de na brabhsálaithe do láithreáin ghréasáin áirithe an ghné seo a chumasú nó a dhíchumasú. Féach ar an gCabhair a chuireann do bhrabhsálaí ar fáil chun a fháil amach le Scriptiú a chumasú nó a dhíchumasú do láithreáin ghréasáin áirithe.