Ná bac leis seo

Polasaí Domhanda Maidir le hÚsáid Fianán agus Teicneolaíochtaí Mar Iad

Polasaí Domhanda Maidir le hÚsáid Fianán agus Teicneolaíochtaí Mar Iad

Ar nós an chuid is mó de na láithreáin gréasáin, nuair a thugann tú cuairt ar an láithreán gréasáin seo, d’fhéadfadh sé go n-úsáidfí fianáin, speicéirí gréasáin, agus a leithéid de theicneolaíochtaí, chun roinnt beag sonraí a stóráil ar d’fhón póca, do thaibléad, nó ar thiomántán crua do ríomhaire. Tá míniú leathan leis an téarma “fianáin” sa bPolasaí seo agus clúdaíonn sé teicneolaíochtaí eile mar é, mar shampla localStorage. Cabhraíonn fianáin leis an láithreán gréasáin seo oibriú agus tugann siad eolas dúinn maidir leis an gcaoi a idirghníomhaíonn úsáideoirí lenár suíomh. Úsáideann muid an t-eolas seo chun ár láithreán gréasáin a fheabhsú. Ní dhéanann muid iarracht cuairteoirí a aithint, ach amháin má sheolann siad chugainn a gcuid sonraí trí cheann de na foirmeacha nó na hiarratais atá ar an suíomh.

Fianáin. Tá cineálacha éagsúla fianán ann a bhfuil feidhmeanna difriúla acu agus go ginearálta cuireann siad feabhas ar an gcaoi a n-oibríonn an suíomh agus déanann siad níos éasca don úsáideora é a úsáid. Baintear úsáid as fianáin chun a fháil amach ar thug tú cuairt ar an láithreán gréasáin cheana nó chun a theacht ar na roghanna a rinne tú an t-am deireanach a d’úsáid tú an láithreán gréasáin. Mar shampla, is féidir an teanga a roghnaíonn tú a stóráil i bhfianán sa gcaoi is go mbeidh muid in ann an teanga sin a roghnú arís nuair a thagann tú ar ais ar an láithreán gréasáin. Ní úsáideann muid fianáin chun fógraíocht a dhéanamh.

Baineann na fianáin a úsáideann muid ar ár láithreán gréasáin le trí rang:

  1. Fianáin a Bhfuil Géarghá Leo. Tá siad seo ag teastáil chun go mbeidh tú in ann gnéithe áirithe den suíomh a úsáid, mar shampla, chun logáil isteach nó chun foirmeacha a sheoladh ar an láithreán gréasáin. Gan na fianáin seo, ní bheifí in ann na seirbhísí a iarrann tú, ar nós síntiús a dhéanamh ar líne, a chur ar fáil. I measc na bhfianán seo, tá ceanna a ligeann dúinn seirbhís faoi leith a iarrann tú orainn le linn seisiún brabhsálaí a chur ar fáil. Ní bhailíonn na fianáin seo eolas fút a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh margaíochta nó chun fios a thabhairt cé na suíomhanna idirlín eile a raibh tú orthu.

  2. Fianáin Feidhmiúlachta. Cuireann na fianáin seo ar chumas an láithreán gréasáin “cuimhneamh” ar na roghanna a dhéanann tú (ar nós d’ainm úsáideora, do theanga, nó do réigiún) agus cuireann siad gnéithe breisithe ar fáil a dhéanann níos éasca duit é an láithreán gréasáin a úsáid.

  3. Fianáin Anailíseacha. Úsáidtear iad seo chun eolas a bhailiú faoin gcaoi a n-úsáideann cuairteoirí an suíomh, mar shampla, an méid uaireanta a thagann siad ar cuairt nó an tréimhse ama ar an meán a bhíonn cuairt. Ní úsáidtear an t-eolas seo ach chun feabhas a chur ar an gcaoi a n-oibríonn an láithreán gréasáin seo.

Is fianáin céad pháirtí iad an chuid is mó de na fianáin—cuireann ár láithreán gréasáin féin iad seo i bhfeidhm. Is fianáin tríú páirtí iad cuid eile de na fianáin—cuireann láithreáin ghréasáin éagsúla iad seo i bhfeidhm. Sna liostai̇́ atá curtha ar fáil againn de shamplai̇́ de na fianáin, taispeánann muid go soiléir na ceanna ar le tri̇́ú páirti̇́ iad.

Speicéirí Gréasáin. Úsáidtear comhaid bheaga leictreonacha ar a dtugtar speicéirí gréasáin ar chuid de leathanaigh ár láithreán gréasáin a chuireann ar ár gcumas faisnéis a bhailiú faoin úsáid a bhaineann cuairteoirí as an suíomh, mar shampla, nuair a thugann tú cuairt ar leathanach áirithe. Úsáidtear speicéirí gréasáin chun súil a choinneáil ar úsáid agus ar fheidhmíocht an láithreán gréasáin seo.

Seoltaí IP. Is cód uimhriúil é an seoladh IP trínar féidir do ríomhaire a aithint ar an idirlíon. Úsáideann muid do sheoladh IP agus do bhrabhsálaí chun pátrúin úsáide a anailísiú, chun fadhbanna ar an láithreán gréasáin seo a fháthmheas agus chun feabhas a chur ar an tseirbhís a thairgeann muid duit. Ach gan tuilleadh eolais ní chuireann do sheoladh IP tusa in aithne.

Do Roghasa. Nuair a chuaigh tú ar an láithreán gréasáin seo, cuireadh ár bhfianáin chuig do bhrabhsálaí agus stóráladh iad ar do ríomhaire. Trí úsáid a bhaint as ár láithreán gréasáin, glacann tú le fianáin agus le teicneolaíochtaí eile mar iad. Má tá tú ag iarraidh fáil réidh leo, is féidir leat iad a bhainistiú trí na socruithe i do bhrabhsálaí; ach bíodh a fhios agat nach mbeidh tú in ann an leas is fearr a bhaint as na gnéithe go léir atá ag ár láithreán gréasáin mura bhfuil fianáin agat. Ní hé an chaoi chéanna a fhaigheann gach brabhsálaí réidh le fianáin. Féach ar an gCabhair a chuireann do bhrabhsálaí ar fáil chun cúnamh a fháil.

Roghnaigh láithreán gréasáin ón liosta thíos chun samplaí a fheiceáil den chaoi a n-úsáideann muid fianáin ar an suíomh sin.

Féach freisin ar: Fianáin agus Teicneolai̇́ochtai̇́ Mar Iad Atá á nÚsáid ag Cuid Dár Láithreáin Ghréasáin.