Ná bac leis seo

An Polasaí Domhanda Maidir le hÚsáid Sonraí Pearsanta

An Polasaí Domhanda Maidir le hÚsáid Sonraí Pearsanta

AG ÚSÁID SONRAÍ PEARSANTA

Is féidir teacht ar an gcuid is mó den ábhar atá ar an láithreán gréasáin seo gan clárú mar úsáideoir agus gan aon eolas a sheoladh chugainn. Ach tá ábhar eile ann nach bhfuil ar fáil ach d’úsáideoirí atá cláraithe, d’úsáideoirí a sheolann iarratais nó foirm iarratais chugainn, nó d’úsáideoirí a ndéanann pobal d’Fhinnéithe Iehova a sonraí pearsanta a sheoladh trí jw.org. Próiseálann muid do chuid sonraí pearsanta ar an mbonn go bhfuil an cead sin tugtha agat dúinn. Má stopann tú ag tabhairt cead dúinn, d’fhéadfadh sé go mbeadh bunús dlisteanach againn leanúint orainn ag próiseáil do chuid sonraí, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na riachtanais dhlíthiúla a bhaineann leis an bpróiseáil sin.

Ní húsáidtear na sonraí pearsanta a sheolann tú chugainn ach le haghaidh na gcuspóirí a cuireadh in iúl duit ag an am ar sheol tú chugainn iad. I measc na gcuspóirí sin tá:

Cuntais. Más gá dúinn teagmháil a dhéanamh leat maidir le do chuntas, déanfaidh muid é sin trí an seoladh ríomhphoist a thugann tú dúinn nuair a chruthaíonn tú cuntas. Mar shampla, má dhéanann tú dearmad ar d’ainm úsáideora nó ar do phasfhocal agus má iarann tú cabhair chun logáil isteach, tabharfar cabhair duit trí theachtaireacht a chur go dtí an seoladh ríomhphoist a chuir tú isteach ar do phróifíl.

Iarratais. :  Má tá tú cáiligh de réir creideamh agus polasaithe Fhinnéithe Iehova, is féidir leat an suíomh gréasáin seo a úsáid chun do chuntas úsáideora a chruthú, iarratas a dhéanamh, nó d’fhéadfadh do phobal an suíomh gréasáin seo a úsáid chun do iarratas a dhéanamh ar do shon chun cur le do sheirbhís reiligiúnach. D’fhéadfadh faisnéis phearsanta a chuireann tú féin, seanóirí áitiúla, nó an feighlí ceantar áitiúil ar fáil, a bheith i measc shonraí pearsanta atá ar iarratas. Ní bhainfear úsáid as na sonraí a sholáthraítear ach chun d’iarratas a phróiseáil, é a mheas agus chun an próiseas riaracháin a bhaineann leis a riartha, lena n-áirítear do phróifíl a chruthú mar chuid den phróiseas iarratais. Más gá d’iarratas a phróiseáil, b’fhéidir go roinnfí do shonraí atá ar an iarratas le brainsí eile, ceanncheathrú dhomhanda Fhinnéithe Iehova, nó eagraíochtaí comhoibrithe a mbaineann finnéithe Iehova leas astú i dtíortha éagsúla. I ngach cás, déantar iarratais a mheas ar bhonn cáis ar chás agus níl siad faoi réir cinnteoireachta uathoibrithe.

Síntiúis. Má dhéanann tú síntiús ar líne, bailíonn muid d’ainm agus d’eolas teagmhála. Chun glacadh le síntiúis a dhéantar le cárta creidmheasa, úsáideann muid seirbhísí íocaíochta ar líne atá creidiúnaithe agus a bhfuil polasaithe den chéad scoth acu maidir le slándail agus rúndacht sonraí. Más gá eolas airgeadais a thabhairt dúinn ar nós uimhir cárta creidmheasa, nó uimhreacha chuntas airgeadais chun an síntiús a phróiseáil, cuirfidh muid an t-eolas airgeadais chuig na seirbhísí íocaíochta sin. Próiseálann muid do shíntiús go daingean ag úsáid modhanna a chloíonn leis an Payment Card Industry Data Security Standard (“PCI DSS”). Coinníonn faighteoir an tsíntiúis taifid don síntiús chomh fada agus is gá de réir leasanna dlisteanacha an fhaighteora nó de réir aon riachtanas dlíthiúil a bhaineann leo. I measc an eolais a choinnítear tá dáta an tsíntiúis, méid an tsíntiúis, agus an modh a rinneadh an síntiús. Cuirfidh sé seo ar ár gcumas cloí le caighdeáin cuntasaíochta agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfear le linn an ama sin. Ní dhéanfaidh muid teagmháil leat chun síntiús breise a iarraidh ort.

Iarratais Chun Tuilleadh Eolais nó Cúrsa Staidéir ar an mBíobla a Fháil. Is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin trínár láithreán gréasáin chun tuilleadh eolais nó cúrsa staidéir ar an mBíobla a fháil. Úsáidfidh muid na sonraí pearsanta a sheolann tú chugainn in éineacht le d’iarratas chun an t-iarratas sin a phróiseáil agus lena aghaidh sin amháin. D’fhéadfadh sé go roinnfí do chuid sonraí más gá é chun d’iarratas a chomhlíonadh, le craobh-oifigí eile nó le heagraíochtaí eile atá Finnéithe Iehova ag úsáid.

Cuspóirí Eile. D’fhéadfadh sé go seolfá sonraí pearsanta (ar nós d’ainm, do sheoladh poist, agus d’uimhir teileafóin) chugainn chun rud éigin a dhéanamh seachas cuntas a chruthú, iarratas a chur chugainn, nó síntiús a dhéanamh. I ngach cás, déantar soiléir an cuspóir atá againn leis an eolas sin a iarraidh. Ní úsáidfidh muid d’eolas i gcomhair aon chuspóir nach bhfuil déanta soiléir duit ag an am a chuireann tú an t-eolas sin ar fáil dúinn.

Bailíonn muid, stórálann muid agus úsáideann muid na sonraí pearsanta seo i gcomhair na gcuspóirí ar sheol tú chugainn iad, agus ní choinníonn muid na sonraí ach chomh fada agus is gá i gcomhair na gcuspóirí sin nó i gcomhair aon chuspóirí dlisteanacha eile atá i bhfeidhm. Sna cásanna seo, má choinníonn tú siar aon sonraí pearsanta a iarrann muid ort, d’fhéadfadh sé nach mbeadh tú in ann a theacht ar chuid den suíomh nó nach mbeadh muidne in ann d’iarratas a chomhlíonadh.

Beidh fáil ag próiseálaithe a bhfuil lámh acu i gcomhlíonadh an chuspóra a bhaineann le próiseáil sonraí, ar na sonraí a chuireann tú ar fáil i d’iarratas agus/nó ag speisialtóirí i dtacaíocht theicniúil a bhíonn ag comhlíonadh dualgais a bhaineann le feidhmiú agus cothabháil an chórais theicniúil. Ní roinneann muid do chuid sonraí pearsanta le haon duine eile ach amháin (1) nuair is gá chun an seirbhís a d’iarr tú orainn a chur ar fáil duit agus tá nochtadh iomlán déanta againn roimh ré; (2) nuair a chreideann muid go macánta go bhfuil gá réasúnach ann an t-eolas a roinnt chun aon dlíthe nó rialacha cuí a chomhlíonadh; (3) nuair a iarrann gníomhaireachtaí an dlí orainn iad; nó (4) nuair atá gá leis chun calaois a aimsiú agus a chosc ar son chúiseanna slándála nó teicniúla. Trí an láithreán gréasáin seo a úsáid, tugann tú cead dúinn do chuid sonraí pearsanta a roinnt le tríú páirtithe ar son na gcuspóirí seo amháin. Ní dhíolfar, ní thrádálfar, agus ní thabharfar ar cíos i gcás ar bith, aon sonraí pearsanta a sheolann tú chugainn.

AG AISTRIÚ SONRAÍ THAR LEAR

Oibríonn an eagraíocht reiligiúnach go domhanda trí eintitis éagsúla áitiúla. Tá cuid de na freastalaithe comhad a óstálann an láithreán gréasáin lonnaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá. D’fhéadfadh sé go n-aistreodh muid do chuid sonraí go dtí tíortha eile taobh amuigh den tír ina bhfuil cónaí ort, agus d’fhéadfadh sé nach gcuireann dlíthe cuid de na tíortha sin an leibhéal céanna cosanta maidir le sonraí pearsanta ar fáil is atá ar fáil sa tír ina bhfuil tú i do chónaí faoi láthair. Le linn dúinn a bheith ag próiseáil agus ag aistriú do chuid sonraí pearsanta, déanann muid é de réir beartais atá curtha i bhfeidhm againn chun do chuid sonraí a chosaint. Tá muid ag súil go leanfaidh gach eagraíocht atá á úsáid ag Finnéithe Iehova agus a thacaíonn lena gcuid oibre, ár bpolasaithe maidir le cosaint sonraí agus na dlíthe agus rialacha atá i bhfeidhm maidir le sonraí pearsanta.

Trí chuairt a thabhairt ar ár láithreán gréasáin agus dul i gcumarsáid linn go leictreonach, tugann tú cead do chuid sonraí a aistriú thar lear.

DO CHEARTA

Aon uair a phróiseálann muid do chuid sonraí pearsanta, tugann muid faoi bheartais réasúnacha chun a chinntiú go gcoinnítear do chuid sonraí pearsanta cruinn agus suas chun dáta ar son an chuspóir ar bailíodh iad. Seo a leanas na cearta a d’fhéadfadh a bheith agat maidir leis na sonraí pearsanta a chuir tú chugainn, ag brath ar an tír ina bhfuil cónaí ort agus na dlíthe áitiúla maidir le cosaint sonraí:

  • Is féidir leat eolas a iarraidh maidir le bailiúchán agus úsáid do cuid sonraí pearsanta de réir na dlíthe cuí áitiúla;

  • Is féidir leat cead a iarraidh teacht ar do chuid sonraí, iad a cheartú, a scriosadh, nó cosc a chur orthu, má tá rud éigin in easnamh orthu, nó mura bhfuil siad cruinn;

  • Má bhíonn bonn dleathach agat leis, is féidir leat diúltú do phróiseáil do chuid sonraí pearsanta agus a iarraidh orainn gan iad a phróiseáil níos mó.

Má tá dlíthe maidir le cosaint sonraí ag an tír ina bhfuil cónaí ort agus má tá tú ag iarraidh a theacht ar do chuid sonraí pearsanta, iad a cheartú, nó iad a scriosadh, is féidir leat an t-eolas teagmhála a fháil ar an leathanach Cosaint Sonraí—Eolas Teagmhála.

Nuair a fhaigheann muid d’iarratas i scríbhinn, agus a thugann tú dóthain fianaise dúinn chun thú a aithint, agus dóthain eolais chun cabhrú linn d’eolas pearsanta a aithint, déanfaidh an rialaitheoir sonraí iarracht go réasúnach d’iarratas a chomhlíonadh trí an tairbhe a bheidh ann duitse a theacht ar do chuid sonraí pearsanta, iad a cheartú, nó iad a scriosadh a mheas i gcomparáid leis an tairbhe a bheidh ann don eagraíocht, agus ag cur san áireamh an gcuirfeadh sé cearta na heagraíochta maidir le saoirse agus cleachtadh creidimh i mbaol. Cuirfidh muid na hathruithe in iúl freisin d’aon tríú páirtí a bhfuil na sonraí faighte aige.

Tabhair faoi deara le do thoil nach féidir do chuid sonraí a scriosadh má chaithfear iad a phróiseáil de réir dlí nó má tá bonn dleathach eile ann leis na sonraí a choinneáil. Mar shampla, tá spéis ag an eagraíocht reiligúnach sonraí duine maidir lena stádas mar dhuine d’Fhinnéithe Iehova a choinneáil go buan. Dá scriosfaí a leithéid sin d’eolas chuirfeadh sé isteach go mór ar chreideamh agus cleachtais na heagraíochta. Tagann iarratais chun sonraí pearsanta a scriosadh faoi réir aon dlí atá leagtha orainn maidir le tuairisciú nó le coinneáil doiciméid. Is féidir leat gearán a dhéanamh faoi phróiseáil na sonraí a chur tú ar fáil tríd an láithreán gréasáin seo, leis an údarás áitiúil maidir le cosaint sonraí.