Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 5

Céard a Thabharfaidh tú Faoi Deara ag ár gCruinnithe Críostaí?

Céard a Thabharfaidh tú Faoi Deara ag ár gCruinnithe Críostaí?

An Airgintín

Siarra Leon

An Bheilg

An Mhalaeisia

Tá droim láimhe tugtha ag go leor daoine do sheirbhísí reiligiúnacha mar nach bhfuil siad ag fáil aon sólás uathu ná freagraí ar cheisteanna móra an tsaoil. Cén fáth, mar sin, ar cheart duit freastal ar na cruinnithe Críostaí atá eagraithe ag Finnéithe Iehova? Céard a thabharfaidh tú faoi deara ag na cruinnithe sin?

Daoine grámhara carthanacha. Sa gcéad aois bhí Críostaithe eagraithe ina bpobail, agus bhí cruinnithe acu go rialta chun Dia a adhradh, staidéar a dhéanamh ar na scrioptúir, agus chun a chéile a spreagadh. (Eabhraigh 10:24, 25) Mar gheall ar an atmaisféar grámhar a bhí ann, mhothaigh siad go raibh siad i measc fíor-chairde—a mbráithre, sé sin, a gcomhchríostaithe idir fhir is mhná. (2 Teasalónaigh 1:3; 3 Eoin 14) Tá ár gcruinnithe eagraithe ar an mbealach céanna inniu agus baineann muid an taitneamh céanna astu.

An tairbhe atá le prionsabail an Bhíobla a chur i bhfeidhm. Mar a bhí fíor san am a ndéanann an Bíobla cur síos air, cruinníonn fir, mná agus páistí le chéile. Úsáideann teagascóirí oilte an Bíobla chun cabhrú linn tuiscint a fháil ar an mbealach is fearr le prionsabail an Bhíobla a chur i bhfeidhm inár saol laethúil. (Deotranaimí 31:12; Nihimiá 8:8) Is féidir le gach duine páirt a ghlacadh san ábhar a bhíonn á phlé, agus i gcanadh na n-amhrán, rud a thugann deis dúinn ár ndóchas Críostaí a chur in iúl.—Eabhraigh 13:15.

Neartófar do chreideamh i nDia. Dúirt an t-aspal Pól le ceann de na pobail a bhí ann lena linn: “Mar is fada liom go bhfeicfidh mé sibh . . . d’fhonn sibh a neartú, go bhfaighinn . . . sólás in bhur measc ón gcreideamh atá agaibhse agus agamsa araon le chéile.” (Rómhánaigh 1:11, 12) Neartaíonn an comhluadar maith a bhíonn againn ag ár gcruinnithe go rialta ár gcreideamh, agus cabhraíonn sé linn saol Críostaí a chaitheamh.

Glac leis an gcuireadh seo, agus téigh go dtí an chéad chruinniú eile chun na rudaí seo a fheiceáil duit féin. Cuirfear fáilte is fiche romhat. Tá na cruinnithe ar fad saor in aisce—ní dhéantar aon bhailiúchán riamh.

  • Cé air a bhfuil leagan amach ár gcruinnithe bunaithe?

  • Cén tairbhe atá ann dúinn freastal ar ár gcruinnithe Críostaí?