Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?

Tá Finnéithe Iehova le fáil ar fud na cruinne, agus tagann siad ó gach cúlra eitneach agus cultúrtha. Céard a thug an grúpa ilghnéitheach seo le chéile?

Céard í Toil Dé?

Is mian le Dia go mbeadh eolas ag daoine ar fud na cruinne ar a thoil. Céard í a thoil, agus cé atá á múineadh do dhaoine inniu?

CEACHT 1

Cén Sórt Daoine Iad Finnéithe Iehova?

Cé mhéid d’Fhinnéithe Iehova a bhfuil aithne agat orthu? An bhfuil eolas cruinn agat fúinn?

CEACHT 2

Cén Fáth a dTugtar Finnéithe Iehova Orainn?

Féach ar thrí chúis gur thóg muid an t-ainm seo.

CEACHT 3

Cén Chaoi ar Thángthas ar Fhírinne an Bhíobla in Athuair?

Cén chaoi ar féidir linn a bheith cinnte go bhfuil an tuiscint ceart againn ar an méid a mhúineann an Bíobla?

CEACHT 4

Cén Fáth ar Fhoilsigh Muid Aistriúchán Nua Den Bhíobla, an New World Translation?

Cén fáth a seasann an t-aistriúchán seo amach thar aon aistriúchán eile?

CEACHT 5

Céard a Thabharfaidh tú Faoi Deara ag ár gCruinnithe Críostaí?

Tagann muid le chéile chun staidéar a dhéanamh ar na scrioptúir agus chun a chéile a spreagadh. Beidh fáilte is fiche romhat!

CEACHT 6

Cén Chaoi a dTéann Comhluadar ár gComhchríostaithe Chun Tairbhe Dúinn?

Spreagann Briathar Dé muid chun comhluadar Críostaí a choinneáil. Faigh amach cén chaoi ar féidir leis an gcineál seo comhluadair cabhrú leatsa.

CEACHT 7

Céard a Bhíonn ar Bun ag ár gCruinnithe?

Ar smaoinigh tú riamh céard a bhíonn ar siúl ag ár gcruinnithe? Tá muid cinnte go mbeidh tú an-tógtha leis an gcaighdeán ard teagaisc ar an mBíobla a chuirtear ar fáil.

CEACHT 8

Cén Fáth a nGléasann Muid Go Deas i gComhair Ár gCruinnithe?

An cuma le Dia cén chaoi a ngléasann muid? Faigh amach cé na prionsabail ón mBíobla a bhfuil tionchar acu ar an gcaoi a ngléasann muid.

CEACHT 9

Cén Chaoi Is Fearr Le hUllmhú Do Na Cruinnithe?

Gheobhaidh tú an tairbhe is mó as na cruinnithe má ullmhaíonn tú roimh ré.

CEACHT 10

Ag Adhradh Dé Le Chéile Mar Chlann

Faigh amach cén chaoi ar féidir leis an ócáid seo cabhrú leat druidim isteach le Dia agus dlúthchaidreamh a chothú le do chlann.

CEACHT 11

Cén Fáth a bhFreastalaíonn Muid ar Chomhthionóil Mhóra?

Tagann muid le chéile le haghaidh trí ócáid speisialta gach bliain. Cén chaoi a mbainfeá leas as na comhthionóil seo?

CEACHT 12

Cén Chaoi a nDéanann Muid An Dea-Scéal a Chraobhscaoileadh?

Leanann muid an eiseamláir a d’fhág Íosa againn nuair a bhí sé ar an talamh. Céard iad na bealaí a d’úsáid sé chun an dea-scéal a chraobhscaoileadh?

CEACHT 13

Céard é Ceannródaí?

Caitheann cuid d’Fhinnéithe Iehova 30 uair, 50 uair, nó níos mó, in aghaidh na míosa ag craobhscaoileadh. Céard a spreagann iad?

CEACHT 14

Cén Oiliúint Atá Curtha ar Fáil do Cheannródaithe?

Cén traenáil speisialta a chuirtear ar fáil dóibh siúd a dhéanann craobhscaoileadh go lán aimseartha?

CEACHT 15

Cén Chaoi a bhfreastalaíonn na seanóirí ar an bpobal?

Is fir spioradálta iad na seanóirí a thugann ceannaireacht sa bpobal. Cén chabhair a chuireann siad ar fáil?

CEACHT 16

Cé na Cúraimí Atá ar na Cúntóirí?

Tugann cúntóirí cúnamh an pobal a riaradh. Faigh amach cén chaoi a dtéann a gcuid oibre chun tairbhe do gach a mbíonn i láthair.

CEACHT 17

Cén Chaoi a gCabhraíonn An Feighlí Ceantair Linn?

Cén fáth a dtugann an feighlí ceantair cuairt ar na pobail atá faoina chúram? Cén chaoi ar féidir leat tairbhe a bhaint as cuairt an fheighlí ceantair?

CEACHT 18

Cén Chaoi a gCabhraíonn Muid Lenár mBráithre In Am An Ghátair?

Nuair a tharlaíonn tubaiste, déanann muid socruithe láithreach le cúnamh praiticiúil agus sólás spioradálta a thabhairt dóibh siúd atá i gcruachás. Cén chaoi?

CEACHT 19

Cé hÉ An Seirbhíseach Iontaofa Ciallmhar?

Gheall Íosa go gceapfadh sé seirbhíseach chun bia spioradálta a chur ar fáil in am trátha. Cén chaoi a ndéantar é seo?

CEACHT 20

Cén Chaoi a bhFeidhmíonn An Bord Stiúrtha Sa Lá Atá Inniu Ann?

Sa gcéad aois, d’fhreastal grúpa beag de sheanóirí agus d’aspail mar bhord stiúrtha don phobal Críostaí. Céard faoin lá inniu?

CEACHT 21

Céard í Béitéil?

Is áit ar leith í Béitéil a bhfuil cuspóir an-tábhachtach aici. Faigh amach tuilleadh fúthu siúd a oibríonn ann.

CEACHT 22

Céard a Dhéantar Ag Craobh-oifig?

Tugtar cuireadh do chuairteoirí turas treoraithe a dhéanamh ag aon cheann dár gcraobh-oifigí. Tá fáilte romhat é sin a dhéanamh!

CEACHT 23

Cén Chaoi a Scríobhtar Agus a nAistrítear Ár bhFoilseacháin?

Cuireann muid foilseacháin ar fáil i mbreis agus 700 teanga. Cén fáth a gcuireann muid an stró sin orainn féin?

CEACHT 24

Cá As a dTagann An tAirgead?

Cén difríocht atá idir ár n-eagraíocht agus reiligiúin eile chomh fada is a bhaineann sé le hairgead?

CEACHT 25

Ríocht-hallaí—Cén Fáth Agus Cén Chaoi a dTógtar Iad?

Cén fáth a dtugtar Ríocht-hallaí ar ár n-ionaid adhartha? Faigh amach tuilleadh faoin tairbhe a bhaineann ár bpobail as na hionaid seo.

CEACHT 26

Cén Chaoi Ar Féidir Linn Ár Ríocht-halla a Choinneáil i gCóir Mhaith?

Tugann Ríocht-halla atá glan agus cóirithe go maith onóir dár nDia. Cé na socruithe atá déanta chun aire a thabhairt don Ríocht-halla áitiúil?

CEACHT 27

Ag Baint Tairbhe As Leabharlann An Ríocht-halla

Ar mhaith leat taighde a dhéanamh le cur le do stór eolais faoin mBíobla? Tabhair cuairt ar leabharlann an Ríocht-halla!

CEACHT 28

Céard Atá Le Fáil Ar Ár Láithreán Gréasáin?

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil fúinn agus faoinár gcreideamh, chomh maith le freagraí a fháil ar na ceisteanna atá agat ar an mBíobla.

An nDéanfaidh Tusa Toil Iehova?

Tá an-chion ag Iehova ort. Cén chaoi ar féidir leatsa léiriú gur mian leat a thoil a dhéanamh i do shaol?