Ná bac leis seo

An mBeidh Deireadh go Deo le Fulaingt?

An mBeidh Deireadh go Deo le Fulaingt?

An ndéarfá . . .

  • beidh?

  • ní bheidh?

  • b’fhéidir?

DEIR AN BÍOBLA

“Glanfaidh [Dia] gach deoir óna súile, agus ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh.”—Apacailipsis 21:3, 4, An Bíobla Naofa.

AN TAIRBHE ATÁ ANN DUITSE

Cinnteacht nach é Dia is cúis lenár bhfadhbanna.—Séamas 1:13.

Sólás mar go bhfuil a fhios againn go mbíonn trua ag Dia dúinn agus muid ag fulaingt.—Zacairia 2:12.

Dóchas go mbeidh deireadh le gach fulaingt.—Salm 37:9-11.

AN FÉIDIR AN BÍOBLA A CHREIDIÚINT?

Is féidir, agus tá ar a laghad dhá chúis leis seo:

  • Tá an ghráin ag Dia ar an bhfulaingt agus ar an éagóir. Cuimhnigh ar an gcaoi ar mhothaigh Iehova Dia nuair a bhí leatrom á dhéanamh ar a phobal sa ré a gcuireann an Bíobla síos air. Deir an Bíobla go raibh trua aige dóibh nuair a bhí siad “á gcrá agus á gciapadh.”—Breithiúna 2:18.

    Cuireann siad siúd a dhéanann dochar do dhaoine eile isteach go mór ar Dhia. Mar shampla, deir an Bíobla “is gráin lena chroí . . . lámha a dhoirt fuil neamhchiontach.”—Seanfhocail 6:16, 17.

  • Tá cion ag Dia orainn go pearsanta. Tá a fhios ag gach duine céard atá ag goilleadh ar féin ach tá a fhios ag Iehova chomh maith, mar “is eol [dó] gach croí.”—2 Croinicí 6:29, 30.

    Trína Ríocht, is gearr go gcuirfidh Iehova deireadh le fulaingt gach aon duine againn. (Matha 6:9, 10) Idir an dá linn, tugann sé sólás dóibh siúd a dhéanann é a lorg go macánta.—Gníomhartha 17:27; 2 Corantaigh 1:3, 4.

ÁBHAR MACHNAIMH

Cén fáth a gceadaíonn Dia fulaingt?

Freagraíonn an Bíobla an cheist sin ag RÓMHÁNAIGH 5:12 agus 2 PEADAR 3:9.