Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEIST 1

Cé Mé Féin?

Cé Mé Féin?

TÁBHACHT NA CEISTE

Nuair a bhíonn a fhios agat céard dó a sheasann tú i do chroí istigh, cabhraíonn sé leat an rud ceart a dhéanamh agus tú faoi bhrú.

CÉARD A DHÉANFÁ?

Samhlaigh é seo: Níl Ciara, atá faoi aois, i bhfad ag cóisir nuair a chloiseann sí glór ag rá:

“Céard atá tú a dhéanamh i do sheasamh ansin?”

Iompaíonn Ciara thart agus feiceann sí a cara Síle agus dhá bhuidéal beorach ina lámha aici. Síneann sí buidéal ag Ciara ag rá, “Níl tú ró-óg le píosa spraoi a bheith agat, an bhfuil?”

Níl Ciara ag iarraidh alcól a ól, ach níl sí ag iarraidh go gceapfadh a cara nach bhfuil aon chraic inti ach an oiread. Ar aon chaoi, nach cailín ciallmhar í Síle. Má tá sise ag ól, ní fhéadfadh sé go bhfuil aon dochar ann. ‘Níl ann ach deoch,’ a deir Ciara léi féin. ‘Ní ag tógáil drugaí atá mé.’

Céard a dhéanfá dá mbeifeá i mbróga Chiara?

STOP AGUS SMAOINIGH ORT FÉIN!

Chun an rud ceart a dhéanamh i gcás mar seo, ní mór duit fios a bheith agat i do chroí istigh céard dó a sheasann tú. Ansin, beidh ceannas agat ar do shaol féin, in ionad daoine eile a bheith i gceannas air.—1 Corantaigh 9:26, 27.

Cén chaoi ar féidir leat an cineál sin láidreacht a fhorbairt? I dtús báire, freagair na ceisteanna seo.

1 CÉARD IAD MO LÁIDREACHTAÍ?

Tabharfaidh sé muinín duit má thugann tú suntas do do dhea-thréithe.

SAMPLA ÓN mBÍOBLA: Dúirt an t-aspal Pól: ‘B’fhéidir nach cainteoir maith mé, ach ní hé sin le rá nach bhfuil eolas agam.’ (2 Corantaigh 11:6) De bhrí go raibh tuiscint mhaith ag Pól ar na Scrioptúir, bhí sé in ann an fód a sheasamh nuair a thug daoine a dhú-shlán. Níor lig sé do na drochrudaí a dúradh faoi, ísle brí a chur air.—2 Corantaigh 10:10; 11:5.

DÉAN FÉINMHEASÚNÚ: Scríobh síos scil tallann ar leith atá agat.

Déan cur síos ar dhea-thréith atá agat. (Mar shampla, an bhfuil tú cineálta? flaithiúil? poncúil? an féidir brath ort?)

2 CÉARD IAD MO LAIGÍ?

Má bhriseann an lúb is laige i slabhra, briseann an slabhra. Ar an gcaoi chéanna, má ligeann muid dár laigí an ceann is fearr a fháil orainn, tarraingeoidh muid droch-cháil orainn féin.

SAMPLA ÓN mBÍOBLA: Bhí a fhios ag Pól go raibh laigí aige. Dúirt sé: “Mar is aoibhinn liom dlí Dé i mo chroí istigh, ach tugaim dlí eile faoi deara . . . agus é i ngleic leis an dlí atá i m’aigne agus ag déanamh cime díom ag dlí an pheaca.”—Rómhánaigh 7:22, 23.

DÉAN FÉINMHEASÚNÚ: Céard iad na laigí nach mór duit an ceann is fearr a fháil orthu?

3 CÉARD IAD MO SPRIOCANNA?

Má bhíonn duine ag tiomáint cairr agus gan aon cheann cúrsa aige, ní bheidh a fhios aige cén bóthar ar cheart dó a thógáil.

An ceacht? Tugann spriocanna treoir duit agus coinníonn siad ar an mbóthar ceart thú. Bíonn ceann cúrsa agat agus plean lena bhaint amach.

SAMPLA ÓN mBÍOBLA: Dúirt Pól: “Nuair a rithimse rás ní chun seachráin é.” (1 Corantaigh 9:26) Leag Pól síos spriocanna dó féin agus mhair sé dá réir.—Filipigh 3:12-14.

DÉAN FÉINMHEASÚNÚ: Scríobh síos trí sprioc a mhaith leat a bhaint amach i rith na bliana seo.

4 CÉARD A CHREIDEANN MÉ?

Nuair a bhíonn a fhios agat cé thú féin bíonn tú cosúil le crann atá in ann seasamh in aghaidh na stoirme

Mura bhfuil a fhios agat céard a chreideann tú i do chroí istigh, ní bheidh tú in ann d’intinn féin a dhéanamh suas. Is ag leanúint an tslua a bheidh tú i gcónaí.

Ach, nuair a dhéanann tú beart de réir an rud atá i do chroí, seasann tú suas duit féin—beag beann ar thuairimí daoine eile.

SAMPLA ÓN mBÍOBLA: Cé gur dóigh nach raibh ann ach déagóir nuair a scaradh óna theaghlach é, bheartaigh an fáidh Dainéil ina chroí a bheith dílis do dhlíthe Dé. (Dainéil 1:8) Dá bhrí sin, mhair Dainéil de réir an rud a chreid sé a bheith ceart.

DÉAN FÉINMHEASÚNÚ: Céard a chreideann tú i do chroí istigh? Mar shampla: An gcreideann tú i nDia? Má chreideann, cén fáth? Cén fhianaise atá agat go bhfuil Dia ann?

An gcreideann tú go dtéann caighdeán morálta Dé chun tairbhe duit? Má chreideann, cén fáth?

I ndeireadh na dála, cé acu a b’fhearr leat—a bheith ar nós duilleog ag imeacht leis an ngaoth, nó ar nós crann a sheasann in aghaidh na stoirme? Neartaigh an rud a chreideann tú ann i do chroí istigh, agus beidh tú ar nós an chrainn sin. Cabhróidh sé sin leat freagra a thabhairt ar an gceist, Cé mé féin?