Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEIST 9

Ar Cheart Dom Creidiúint San Éabhlóid?

Ar Cheart Dom Creidiúint San Éabhlóid?

TÁBHACHT NA CEISTE

Má tá teoiric na héabhlóide fíor, níl sa saol seo ach ceo. Má tá an cruthú fíor, is féidir linn teacht ar fhreagraí sásúla ar cheisteanna móra an tsaoil.

CÉARD A DHÉANFÁ?

Samhlaigh é seo: Tá mearbhall ar Alex. Chreid sé i nDia i gcónaí agus sa gcruthú. Ach inniu bhí a mhúinteoir bitheolaíochta ag iarraidh a bheith ag cur ina luí air go raibh an éabhlóid fíor agus go bhfuil sé cruthaithe ag taighde eolaíochta. Níl Alex ag iarraidh go gceapfaí gur amadán é. ‘Má tá an éabhlóid cruthaithe ag eolaithe, cé fáth a mbeinnse á gceistiú?’ a deir Alex leis féin.

Dá mbeifeá i mbróga Alex, an nglacfá le teoiric na héabhlóide díreach mar gheall go múintear mar fhíric í i dtéacsleabhair?

STOP AGUS SMAOINIGH ORT FÉIN!

Is minic a chuireann daoine ón thaobh den díospóireacht síos ar an rud a chreideann siad ann, agus gan a fhios acu cén fáth a gcreideann siad ann.

  • Creideann daoine sa gcruthú mar go múineann a gcuid eaglaisí é.

  • Creideann daoine san éabhlóid mar gur múineadh ar scoil í.

SÉ CHEIST LE PLÉ

Deir an Bíobla: “Níl aon teach ann, ar ndóigh, nár thóg duine éigin é ach is é Dia a rinne gach ní.” (Eabhraigh 3:4) An féidir é sin a chreidiúint?

Is ionann a rá nach bhfuil cruthaitheoir ag an mbeatha is a rá nach bhfuil tógálaí ag an teach seo

AN RUD A DEIRTEAR: Is pléasc mhór is cúis leis an gcruinne agus gach a bhfuil inti.

1. Cé nó céard is cúis leis an bpléasc mhór?

2. Cé acu a dhéanann níos mó céille—gur ó dhada a tháinig gach rud nó gur chruthaigh neach éigin gach rud?

AN RUD A DEIRTEAR: Tháinig daoine ó na hainmhithe.

3. Más rud é gur tháinig daoine ó na hainmhithe—mar shampla, ó na hápaí—cén fáth a bhfuil bearna mhór idir cumas intleachta an duine agus cumas intleachta na n-ápaí?

4. Cén fáth a bhfuil fiú an rud beo is “bunúsaí” chomh casta is atá sé?

AN RUD A DEIRTEAR: Tá sé cruthaithe go bhfuil an éabhlóid fíor.

5. An bhfuil an té atá á rá seo tar éis an fhianaise a fhiosrú dó féin?

6. Cé mhéad duine a chreideann san éabhlóid de bhrí gur dúradh leo gur san éabhlóid a chreideann na daoine foghlamtha go léir?

“Dá dtiocfá ar theach álainn agus tú ag siúl i gcoill, an ndearfá: ‘Nach iontach an rud é sin! Thit na crainn anuas agus rinneadh an teach seo astu.’ Is beag an baol! Níl ciall ná réasún leis sin. Mar sin, cén fáth a gcreidfeadh muid gur trí sheans a tháinig gach rud atá sa chruinne?”—Julia.

“Cuir i gcás go ndéarfadh duine éigin leat gur tharla pléasc mhór ag comhlacht clódóireachta, agus nuair a scaip an dúch ar fud na mballaí . . . gur scríobh sé amach an téacs iomlán d’fhoclóir. An gcreidfeá é?”—Gwen.

CÉN FÁTH A gCREIDFEÁ i nDIA?

Deir an Bíobla “gach ní a thástáil.” (1 Teasalónaigh 5:21) Mar sin, ní cheart do do chreideamh i nDia a bheith bunaithe orthu seo amháin:

  • MOTHÚCHÁIN (Mothaím go gcaithfeadh sé go bhfuil rud éigin níos cumhachtaí ná muid féin ann)

  • TIONCHAR DAOINE EILE (Cónaím i measc daoine a chreideann i nDia)

  • BRÚ (Thóg mo thuismitheoirí mé le creideamh i nDia—ní raibh aon rogha agam)

Ina ionad sin, ba cheart go mbeadh do chreideamh i nDia bunaithe ar chúiseanna maithe.

“Nuair atá mé sa rang ag éisteacht leis an múinteoir ag míniú an chaoi a n-oibríonn gach cuid den cholainn, níl dabht ar bith i m’intinn ach go bhfuil Dia ann. Tá a fheidhm féin ag gach páirt den cholainn, ón rud is mó go dtí an rud is lú, agus oibríonn siad leo i ngan fhios dúinn. Is iontach an chaoi a bhfuil colainn an duine déanta!”—Teresa.

“Nuair a fheicim foirgneamh ard, . . . nó carr, fiafraím díom féin, ‘Cé a thóg é?’ Tá duine ag teastáil a bhfuil scil i gcarranna aige—sé sin, dearthóir cairr—chun páirteanna an chairr a chur le chéile i gceart. Má tá dearthóir ag teastáil chun carr a thógáil, nach mó go mór a theastaigh dearthóir chun an duine a chruthú.”—Richard.

“Dá mhéid staidéir a rinne mé ar an eolaíocht is ea is lú muiníne a bhí agam san éabhlóid. . . . I mo thuairim féin, tá níos mó ‘creidimh’ ag teastáil chun éabhlóid a chreidiúint ná mar atá ag teastáil chun creidiúint i gCruthaitheoir.”—Anthony.

SMAOINIGH AR SEO

Cé go bhfuil blianta fada caite acu ag déanamh taighde, níl eolaithe ar aon intinn faoin éabhlóid. Mura bhfuil eolaithe ar aon intinn—agus deirtear gurb iadsan na saineolaithe—cén fáth nach mbeadh amhras ortsa faoi theoiric na héabhlóide?