Seanfhocail 20:1-30

20  Tá an fíon gan stuaim, agus is trodaire é an braon crua;níl aon chiall ag an té a mheallann sé.  Is geall le glam leoin fearg rí,agus an té a ghriogann chun cuthaigh é, milleann sé a bheatha féin.  Is onóir do dhuine aighneas a sheachaint,ach beidh gach amadán ag achrann.  Tá an fómhar thart, ach níl aon treabhadh déanta ag an leisceoir;beidh súil in airde aige in am an bhainte, ach ní beidh dada ann dó.  Is cuma nó uisce domhain a mbíonn ar aigne ag duine ina chroí istigh;níl ag an duine tuisceanach ach é a tharraingt amach.  Is iomaí duine a deir go bhfuil sé féin dílis,ach cé a aimseoidh fear inmhuiníne?  An fíréan a bhfuil a bhealaí gan cháim,—is méanar dá chlann ina dhiaidh.  An rí a shuíonn ina shuí breithimh,scagann sé gach olc lena shúile.  Cé ar féidir leis a rá: “Ghlan mé mo chroí,táim saor ó mo pheaca?” 10  Meáchan anseo, a mhalairt ansiúd; tomhas anseo tomhas eile thall;is gráin leis an Tiarna iadsan araon. 11  Taispeánann an leanbh dúinn fiú agus é ag súgradh,an olc nó an maith a bheidh a bhearta. 12  An tsúil a fheiceann agus an chluas a chluineann,is é an Tiarna a rinne iad araon. 13  Ná bí ceanúil ar an gcodladh, nó beidh an bhochtaine agat mar chéile;bíodh do shúile ar leathadh agus beidh flúirse bia agat. 14  “Níl aon mhaith ann, níl sin,” a deir an ceannaíach imíonn sé leis agus é ag maíomh as féin. 15  Tá an t-ór ann, agus raidhse cloch lómhar,ach is iad beola an eolais an tseoid róluachmhar. 16  Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir;bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh. 17  Faigheann duine blas milis ar an mbia a fuarthas trí chalaois,ach is geall le grean ina bhéal é ina dhiaidh sin. 18  Meáigh do bhearta i gcomhairle le daoine eile;agus fear cath le treoir chiallmhar. 19  Déanann an cardálaí rúin a nochtadh;ná bíodh caidreamh agat dá bhrí sin le fear na baothchainte. 20  Má chuireann duine mallacht ar athair nó ar mháthair,múchfar a lóchrann faoi dhorchadas dubh. 21  An oidhreacht a fuarthas de gheit ar dtús,ní bheidh beannacht uirthi faoi dheireadh. 22  Ná habair: “Déanfaidh mé an t-olc a chúiteamh”;ach bíodh do dhóchas as an Tiarna agus tiocfaidh sé i gcabhair ort. 23  Is fuath leis an Tiarna malairtí meáchan;ní maith iad na meánna fealltacha. 24  Treoraíonn an Tiarna céimeanna an duine;conas más ea is féidir dó a bhealach a thuiscint? 25  Is gaiste roimh dhuine a rá de phreib: “Tá sé tíolactha.”agus gan machnamh a dhéanamh ach tar éis a mhóide. 26  Déanann an rí cliste na hurchóidigh a cháitheadh,agus tiomáineann an roth tharstu. 27  Sé spiorad an duine lampa an Tiarna,ag spiúnadh doimhneas a chroí. 28  Déanann cinéaltas is dílse an rí a chosaint,agus is í an fhíréantacht teannta a ríchathaoireach. 29  A neart féin glóir na n-ógánach,ach an ceann liath maise na seanóirí. 30  Is maith an leigheas ar an olc buillí créachtaithe;agus glanann buillí an t-ionathar.

Fonótaí