Ná bac leis seo

Céard atá Ráite sa mBíobla Faoin Nollaig?

Céard atá Ráite sa mBíobla Faoin Nollaig?

Freagraíonn an Bíobla

 Ní luann an Bíobla an dáta a rugadh Íosa, ná níl sé ráite ann gur cheart dúinn a lá breithe a cheiliúradh. De réir McClintock and Strong’s Cyclopedia: “Ní ceapachán diaga é deasghnáth na Nollag, agus níl aon bhunús aici sa TN [Tiomna Nua].”

 Agus má scrúdaíonn muid stair na Nollag gheobhaidh muid amach go bhfuil deasghnátha na Nollag bunaithe ar reiligiúin phágánta. Léiríonn an Bíobla nach mbeidh Dia sásta má dhéanann muid iarracht é a adhradh ar bhealach nach gceadaíonn sé.—Eaxodus 32:5-7.

An stair a bhaineann le gnásanna na Nollag

  1.   Ceiliúradh lá breithe Íosa: “Ní dhearna na chéad Chríostaithe ceiliúradh ar bhreith [Íosa] mar gur mheas siad gur nós págánach é ceiliúradh a dhéanamh ar bhreith lá dhuine ar bith.”—The World Book Encyclopedia.

  2.   25 Nollaig: Níl aon chruthúnas ann gur rugadh Íosa ar an dáta sin. Is dócha gur roghnaigh ceannairí eaglasta an dáta seo chun ceiliúradh a dhéanamh thart ar an am céanna leis an bhféile págánach a reáchtáiltí ag grianstad an gheimhridh.

  3.   Bronntanais, féastaí, cóisirí: De réir The Encyclopedia Americana: “Is ón fhéile Rómhánach Féile Satairn a cheiliúrtaí i lár mhí na Nollag a tháinig go leor de na gnásanna ceiliúrtha a bhaineann leis an Nollaig. Is ón gceiliúradh seo a tháinig gnásanna ar nós na gcóisirí móra, bronntanais a thabhairt, agus dó na gcoinnle.” Tugann an Encyclopædia Britannica le fios go gcuirtí ar ceal “gach cineál oibre agus gnó” le linn Féile Satairn.

  4.   Soilse na Nollag: De réir The Encyclopedia of Religion, mhaisigh na hEorpaigh a dtithe “le soilse agus crainn shíorghlasa de gach cineál” chun grianstad an gheimhridh a cheiliúradh agus chun dul i ngleic le spiorad an oilc.

  5.   Drualus, cuileann: “Chreid na Draoithe go raibh draíocht ag an drualas. Tugadh adhradh don chuileann síorghlas mar ghealltanas ar fhilleadh na gréine.”—The Encyclopedia Americana.

  6.   Crann Nollag: “Lean na hEorpaigh phágánta ag adhradh crainn, gnás a bhí coitianta ina measc, tar éis dóibh iompú ina gCríostaithe.” Ceann de na bealaí ina bhfuil an gnás sin beo go fóill ná “crann Nollag a chur ag an mbealach isteach nó taobh istigh den teach le linn laethanta saoire an gheimhridh.”​—Encyclopædia Britannica.