Ná bac leis seo

Céard Atá i gCeist le hAiséirí?

Céard Atá i gCeist le hAiséirí?

Freagraíonn an Bíobla

 Tagann an focal a aistrítear mar “aiséirí” sa Bhíobla, ón bhfocal Gréigise a·naʹsta·sis, focal a chiallaíonn “ardú suas” nó “seasamh suas arís.” Mar sin duine atá aiséirí tá sé tógtha ó mhairbh, curtha ar ais ina bheo go dtí an riocht a raibh sé ann roimh sin.​—1 Corantaigh 15:12, 13.

 Cé nach bhfuil an focal “aiséirí” sna Scrioptúir Eabhraise, ar a dtugtar an Sean-Tiomna, tá an teagasc le fáil iontu. Mar shampla, gheall Dia don fháidh Hóisé: “Fuasclóidh mé ó chumhacht Sheól [an uaigh] iad; Sábhálfaidh mé iad ón mBás.”​—Hóisé 13:14; Íseáia 26:19; Dainéil 12:​2, 13.

 Cén áit a mairfidh na daoine a thógfar ó mhairbh? Tógfar líon beag daoine ón mbás chun rialú mar ríthe le Críost ar neamh. (2 Corantaigh 5:1) Tugann an Bíobla “an chéad aiséirí” ar seo rud a thugann le tuiscint go bhfuil aiséirí eile le teacht ina dhiaidh. (Apacailipsis 20:6) Beidh an deis acu siúd a thógfar ó mhairbh le linn an dara haiséirí, sin formhór mór na ndaoine, taitneamh a bhaint as maireachtáil go deo anseo ar an talamh.​—Salm 37:29.

 Cén chaoi a dtógfar daoine ó mhairbh? Tugann Dia an chumhacht d’Íosa na mairbh a thógáil ón mbás. (Eoin 11:25) Tógfaidh Íosa ó mhairbh gach “a bhfuil sna tuamaí” lena bhféiniúlacht, a bpearsantacht agus a gcuimhní cinn féin. (Eoin 5:​28, 29) Tógfar ón mbás mar phearsana spiorad iad siúd atá ag dul ar neamh, agus tógfar ón mbás le colainn fholláin dhaonna iad siúd atá ag dul ag maireachtáil go deo ar an talamh.​—Íseáia 33:24; 35:​5, 6; 1 Corantaigh 15:42-​44, 50.

 Cé aige a mbeidh aiséirí? Deir an Bíobla “go bhfuil aiséirí le bheith ag an dea-dhuine agus ag an drochdhuine araon.” (Gníomhartha 24:15) I measc na ndea-dhaoine, tá Naoi, Sárá, agus Abrahám. (Geineasas 6:9; Eabhraigh 11:11; Séamas 2:​21) Tá an dream nár éirigh leo caighdeáin Dé a chomhlíonadh i measc na ndrochdhaoine, mar ní raibh an deis acu iad a fhoghlaim agus a leanúint.

 Mar sin ní thógfar ó na mairbh daoine urchóideacha nach bhfuil sásta a mbéasa a athrú. Nuair a fhaigheann daoine den sórt sin bás, déantar scrios buan orthu agus ní bheidh aon aiséirí i ndán dóibh.​—Matha 18:8; Eabhraigh 10:26.

 Cén uair a bheidh an t-aiséirí ar siúl? Thuar an Bíobla go dtarlódh an t-aiséirí chun na bhflaitheas le linn láithreacht Chríost, a thosaigh i 1914. (1 Corantaigh 15:21-​23) Tarlóidh an t-aiséirí chun na talún le linn Réimeas Mhíle Bliain Íosa Críost, nuair a dhéanfar parthas den talamh go léir.​—Salm 37:29; Apacailipsis 20:​6, 12, 13.

 Cén fáth ar féidir linn creidiúint san aiséirí? Cuireann an Bíobla síos go cruinn ar naoi n-aiséirí a bhí deimhnithe ag finné súl. (1 Ríthe 17:17-​24, New World Translation; 2 Ríthe 4:​32-​37; 2 Ríthe 13:20, 21, New World Translation; Lúcás 7:​11-​17; 8:​40-​56; Eoin 11:38-​44; Gníomhartha 9:​36-​42; Gníomhartha 20:​7-​12, New World Translation; 1 Corantaigh 15:​3-6) Is díol suntais é an bealach ar thóg Íosa Lazaras ó mhairbh, mar bhí sé marbh ar feadh ceithre lá agus rinne Íosa an mhíorúilt seo os comhair slua mór daoine. (Eoin 11:39, 42) Ní fhéadfadh fiú namhad Íosa an mhíorúilt seo a shéanadh, mar sin bheartaigh siad Íosa agus Lazaras a mharú.​—Eoin 11:47, 53; 12:​9-​11.

 Léiríonn an cuntas seo go bhfuil sé ar chumas Dé na mairbh a thógáil ón mbás agus go bhfuil fonn air é sin a dhéanamh. Coinníonn sé ina chuimhne, atá gan teorainn, na mionsonraí a bhaineann le gach duine a thógfaidh sé ó mhairbh trína chumhacht ollmhór. (Iób 37:23; Matha 10:30; Lúcás 20:37, 38) Tá Dia in ann na mairbh a thógáil ón mbás, agus tá sé ag iarraidh é a dhéanamh! Ag cur síos ar an aiséirí atá le teacht, deir an Bíobla faoi Dhia: “bheifeá ag tnúth le radharc a fháil ar shaothar do lámh.”​—Iób 14:15.

An chiall chontráilte faoin aiséirí

 An chiall chontráilte: Tá an t-aiséirí ag athaontú an anama leis an gcorp.

 Fíric: Múineann an Bíobla, nuair a fhaigheann duine bás, nach mbeidh sé ann níos mó, nach bhfuil anam aige a mhaireann tar éis a bháis. (Geineasas 2:7; Cóheilit 9:5,10) Dá bhrí sin, ní athaontaítear duine a thógtar ó mhairbh lena anam; is amhlaidh a athchruthófar as an nua é.

 An chiall chontráilte: Tógtar roinnt daoine ó mhairbh agus ansin déantar iad a scriosadh láithreach.

 Fíric: Deir an Bíobla go bhfaighidh siad siúd “a rinne an t-olc . . . aiséirí an bhreithiúnais.” (Eoin 5:​29) Ach, déanfar iad a mheas bunaithe ar a ndéanann siad tar éis a n-aiséirí dóibh, ní roimhe. Dúirt Íosa: ‘cluinfidh na mairbh glór Mhac Dé agus iad seo a chluinfidh, mairfidh siad.’ (Eoin 5:​25) Beidh a n-ainm siúd ‘a chluinfidh’ nó a bheidh umhal, do na rudaí a fhoghlaimíonn siad tar éis a n-aiséirí scríofa i “leabhar na beatha.”​—Apacailipsis 20:12, 13.

 An chiall chontráilte: Nuair a thógtar ó mhairbh duine, faigheann sé an corp céanna a bhí aige sula bhfuair sé bás.

 Fíric: Tar éis bháis, is dóigh go mbeadh corp duine briste síos agus ina luaithreach.—Cóheilit 3:​19, 20.