Ná bac leis seo

Cén Chaoi a mBeadh a Fhios Againn Cérbh é Údar an Bhíobla?

Cén Chaoi a mBeadh a Fhios Againn Cérbh é Údar an Bhíobla?

Freagraíonn an Bíobla

 Deir go leor daoine nach féidir a bheith cinnte cé a scríobh an Bíobla. Ach tugann an Bíobla féin léargas an-soiléir dúinn maidir le cúlra an údair. Seo a leanas roinnt frásaí as an mBíobla: “Briathra Nihimiá,” “Fís Íseáia,” agus “Briathar an Tiarna [Iehova] a labhraíodh le hIóéil.”—Nihimiá 1:1; Íseáia 1:1; Ióéil 1:1.

 D’admhaigh an chuid is mó de scríbhneoirí an Bhíobla gur scríobh siad in ainm Iehova, an t-aon Fhíor-Dhia amháin, agus gur threoraigh sé iad. Tá sé ráite breis agus 300 uair ag na fáithe a scríobh na Scrioptúir Eabhraise: “Mar seo a deir an Tiarna [Iehova].” (Amós 1:3; Míocá 2:3; Nahúm 1:12) Fuair scríbhneoirí eile teachtaireacht Dé trí aingil.—Zacairia 1:7, 9.

 Scríobh 40 fear an Bíobla thar thréimhse 1,600 bliain. Scríobh cuid de na fir níos mó ná leabhar amháin den Bhíobla. Tá an Bíobla cosúil le leabharlann bheag, ina bhfuil 66 leabhar. Tá dhá chuid sa mBíobla, na Scrioptúir Eabhraise, nó an Sean-Tiomna, ina bhfuil 39 leabhar, agus na Scrioptúir Gréigise Críostaí, nó an Tiomna Nua, ina bhfuil 27 leabhar.