Ná bac leis seo

Cé Leis a Raibh Íosa Cosúil?

Cé Leis a Raibh Íosa Cosúil?

Freagraíonn an Bíobla

 Níl a fhios ag aon duine cé leis a raibh Íosa cosúil mar gheall nach bhfuil aon chur síos déanta sa mBíobla ar an gcaoi ar bhreathnaigh sé. Tugann sé seo le fios nach bhfuil tábhacht leis an mbealach ar bhreathnaigh Íosa go fisiciúil. Ach, tugann an Bíobla léargas dúinn ar an sórt duine a bhí ann.

  •   Tréithe: Ba Ghiúdach a bhí in Íosa agus is dócha go raibh tréithe Giúdacha aige ó oidhreacht a mháthar. (Eabhraigh 7:​14) Is cosúil nach raibh aon ghnéithe suntasacha ag baint leis an gcaoi ar bhreathnaigh Íosa. Thaisteal sé uair amháin ón nGailíl go hIarúsailéim agus níor tugadh aon suntas dó. (Eoin 7:​10, 11) Is cosúil nár sheas sé amach i measc a dheisceabail ach an oiread. Smaoinigh go raibh ar Iúdás Isceiriót é a aithint don slua armáilte a tháinig chun é a ghabháil.​—Matha 26:47-​49.

  •   Fad a chuid gruaige: Ní dóigh go raibh gruaig fhada ar Íosa mar deir an Bíobla “gur cúis aithise d’fhear a chuid gruaige a bheith fada aige.”​—1 Corantaigh 11:14.

  •   Féasóg: Bhí féasóg ar Íosa. Lean sé den ordú a tugadh i ndlí Mhaois d’fhir, “ná gearraigh imill d’fhéasóige.” (Léivític 19:27; Galataigh 4:4) Luann an Bíobla chomh maith go raibh féasóg ar Íosa i dtairngreacht a dhéanann cur síos ar gach a d’fhulaing sé.​—Íseáia 50:6.

  •   Colainn: Bhí an chosúlacht ar Íosa gur fear folláin a bhí ann. Le linn a mhinistreacht, rinne sé go leor taistil. (Matha 9:​35) Ghlan sé an teampall Giúdach faoi dhó, ar dtús nuair a d’iompaigh sé na boird orthu siúd a bhí ag malartú airgid agus uair eile dhíbir sé amach an beostoc le fuip. (Lúcás 19:45, 46; Eoin 2:​14, 15) Deir McClintock and Strong’s Cyclopedia: “Léiríonn an cur síos atá déanta [ar Íosa] sa mBíobla gur duine láidir folláin ab ea é.”​—Cuid IV, leathanach 884.

  •   Gothaí gnúise: Duine nádúrtha, truachroíoch a bhí in Íosa agus gan dabht bheadh na mothúcháin seo le feiceáil ina ghnúis. (Matha 11:28, 29) Bhíodh gach cineál duine ag teacht chuige chun sólás agus cabhair a fháil. (Lúcás 5​12, 13; 7:​37, 38) Fiú bheadh na páistí ar a gcompoird ina láthair.​—Matha 19:13-​15; Marcas 9:​35-​37.

An chiall chontráilte maidir le cosúlacht Íosa

 An chiall chontráilte: Bíonn roinnt daoine ag rá go gcaithfeadh sé gur de shliocht na hAfraice é Íosa mar go gcuireann leabhar an Apacailipsis a chuid gruaige i gcomparáid le holann agus a chosa i gcomparáid le “cré-umha snasta.”​—Apacailipsis 1:​14, 15, The New Jerusalem Bible.

 Fíric: Tá an leabhar Apacailipsis curtha i láthair ‘i gcomharthaí.’ (Apacailipsis 1:1) Úsáidtear téarmaí siombalach le cur síos a dhéanamh ar ghruaig agus ar chosa Íosa le léargas a thabhairt ar na tréithe atá aige tar éis a aiséirí agus ní nuair a bhí sé ar an talamh. Bhí Apacailipsis 1:​14 ag déanamh comparáide idir dath, agus ní téagar a chuid gruaige nuair a luaigh sé go raibh “a cheann agus a ghruaig geal mar olann gheal, mar an sneachta.” Táthar ag tagairt anseo dá eagna de bharr a aoise. (Apacailipsis 3:​14) Níl an véarsa seo ag déanamh comparáid idir gruaig Íosa agus olann ná sneachta.

 Bhí cosa Íosa “cosúil le copar mín arna scagadh i bhfoirnéis.” (Apacailipsis 1:​15 New World Translation) Bhí a éadan “ar dhealramh na gréine faoi lántaitneamh.” (Apacailipsis 1:​16) De bhrí nach bhfuil an dath a chuirtear síos ar anseo ar chraiceann aon dream daoine ar leith inniu, caithfidh sé go raibh an fhís seo siombalach, agus ag tagairt d’Íosa tar éis a aiséirí, mar an té “a chónaíonn sa solas doshroichte.”​—1 Tiomóid 6:​16.

 An chiall chontráilte: Bhí Íosa lag agus gan bhrí.

 Fíric: Duine fearúil a bhí in Íosa. Mar shampla, chuir sé é féin in aithne do na gardaí armáilte a tháinig chun é a ghabháil. (Eoin 18:​4-8) Siúinéir a bhí ann agus bhíodh sé ag láimhseáil uirlisí láimhe, mar sin caithfidh sé go raibh sé láidir.​—Marcas 6:3.

 Cén fáth, mar sin, a raibh cabhair ag teastáil ó Íosa lena chuaille céasta a iompar? Agus cén fáth a bhfuair sé bás sula bhfuair an dream a bhí á gcéasadh taobh leis bás? (Lúcás 23:26; Eoin 19:31-​33) Bhí Íosa lagaithe amach go fisiciúil sular cuireadh chun báis é. Bhí sé ina shuí ar feadh na hoíche, buartha le teann imní. (Lúcás 22:42-​44) Thug na Giúdaigh drochíde dó i rith na hoíche, agus an mhaidin dár gcionn sciúrsáil na Rómhánaigh é. (Matha 26:67, 68; Eoin 19:​1-3) Is cosúil gur thapaigh na heachtraí seo a bhás.

 An chiall chontráilte: Bhí Íosa brónach agus gruama i gcónaí.

 Fíric: Léirigh Íosa tréithe a Athair Iehova, go foirfe. Déanann an Bíobla cur síos air mar an “Dia sona.” (1 Tiomóid 1:​11; The New World Translation; Eoin 14:9) Mhúin Íosa do dhaoine eile le bheith sona. (Matha 5:​3-9; Lúcás 11:28) Tugann na fíricí seo le fios go raibh an sonas le feiceáil ina éadan go minic.