Ná bac leis seo

Cé hÉ Iehova?

Cé hÉ Iehova?

Freagraíonn an Bíobla

 Is é Iehova fíor-Dhia an Bhíobla, Cruthaitheoir gach ní. (Apacailipsis 4:​11) Bhíodh Íosa, Abrahám agus Maois á adhradh. (Geineasas 24:27; Eaxodus 15:1, 2; Eoin 20:17) Is ardrí é “os cionn na cruinne” go léir. Ní Dia do dhream amháin daoine é.​—Salm 47:3 (47:2 i mBíoblaí eile).

 Is é Iehova ainm pearsanta Dé mar atá luaite sa mBíobla.(Eaxodus 3:​15; Salm 83:19 [83:18 i mBíoblaí eile]) (Le haghaidh tuilleadh eolais féach an réamhrá ar leabhar Eaxodus in An Bíobla Naofa, faoi An Peintiteoch–Brollach.) Tagann an t-ainm ón mbriathar Eabhraise a chiallaíonn “tarlóidh sé,” agus tugann roinnt scoláirí le fios go gciallaíonn an t-ainm “Déanann Seisean le go dTarlóidh sé.” Is sainmhíniú maith é seo ar an ról atá ag Iehova mar Chruthaitheoir agus mar an té a chomhlíonann a chuspóir. (Íseáia 55:10, 11) Cabhraíonn an Bíobla linn freisin aithne níos fearr a chur ar an bpearsa atá taobh thiar den ainm Iehova, go háirithe an tréith is suntasaí a bhaineann leis, sé sin a ghrá.—Eaxodus 34:5-7; Lúcás 6:35; 1 Eoin 4:8.

 Scríobhadh ainm Dé san Eabhrais ag úsáid cheithre litir. Sa nGaeilge is ionann na ceithre litir Eabhraise seo יהוה agus IHVH (YHWH, nó JHVH sa mBéarla). Ní fios go díreach cén chaoi a bhfuaimnítí an t-ainm diaga sa tSean-Eabhrais. Mar sin féin, tá an focal “Iehovah” á úsáid sa mBéarla le fada an lá, bhí sé le feiceáil den chéad uair in aistriúchán William Tyndale den Bhíobla i 1530. a

Cén fáth nach bhfuil an chaoi a bhfuaimnítí ainm Dé sa tSean Eabhrais ar eolas againn?

 Nuair a scríobhadh an tSean-Eabhrais, níor úsáideadh ach consain. D’fhéadfadh an léitheoir Eabhraise na gutaí cuí a sholáthar go héasca. Mar sin féin, tar éis na Scrioptúir Eabhraise (“Sean-Tiomna”) a bheith críochnaithe, ghlac roinnt Giúdaigh leis go raibh sé mícheart ainm pearsanta Dé a luaigh. Nuair a léigh siad scrioptúr os ard ina raibh ainm Dé luaite ann d’úsáid siad teideal mar “Tiarna” nó “Dia.” Lean an cleachtas seo ar aghaidh agus chuaigh an sean-fhuaimniú i ndearmad sa deireadh. b

 Síleann daoine gurbh é “Yahweh,” an bealach le hainm Dé a fhuaimniú, ach tá tuairimí eile ann freisin. I scrolla de Scrollaí na Mara Mairbhe ina bhfuil cuid de leabhair Léivític sa Ghréigis traslitrítear an t-ainm mar Iao. Molann luath-scríbhneoirí na Gréigise an fuaimniú Iae, I·a·beʹ, agus I·a·ou·eʹ, ach ní féidir a chruthú gur úsáideadh aon cheann acu seo sa tSean-Eabhrais. c

An chiall chontráilte maidir le hainm Dé sa mBíobla

 An chiall chontráilte: Aistriúcháin ar bith a úsáideann “Iehova” is iontráil bhreise é.

 Fíric: Tá an focal Eabhrais ar ainm Dé i bhfoirm an Fhocail Ceatharlitreach le fáil thart ar 7,000 uair sa mBíobla. d Thóg formhór na n-aistritheoirí ainm Dé amach as an mBíobla agus chuir siad teideal mar “Tiarna” ina áit.

 An chiall chontráilte: Níl gá ag Dia Uilechumhachtach le hainm ar leith.

 Fíric: Spreag Dia féin scríbhneoirí an Bhíobla chun a ainm a úsáid na mílte uair, agus ordaíonn sé dóibh siúd a adhrann é a ainm a úsáid. (Íseáia 42:8; Ióéil 2:​32; Malaicí 3:​16; Rómhánaigh 10:13) Go deimhin, cháin Dia fáithe bréige a rinne iarracht cur ar dhaoine dearmad a dhéanamh ar a ainm.​—Irimia 23:27.

 An chiall chontráilte: Ba chóir ainm Dé a fhágáil ar láir as an mBíobla de réir traidisiúin na nGiúdach.

 Fíric: Is fíor gur dhiúltaigh roinnt scríobhaithe Giúdacha an t-ainm diaga a fhuaimniú. Mar sin féin, níor fhág siad ar láir é as a gcuid cóipeanna féin den Bhíobla. Níl Dia ag iarraidh orainn traidisiúin dhaonna a sáraíonn a aitheanta a leanúint.​—Matha 15:​1-3.

 An chiall chontráilte: Níor cheart an t-ainm diaga a úsáid sa mBíobla mar nach fios go cruinn an chaoi lena fhuaimniú san Eabhrais.

 Fíric: Má ghlacann tú leis an réasúnaíocht seo cheapfá go bhfuil Dia ag súil gurb é an chaoi chéanna a d’fhuaimneodh chuile dhuine a ainm. Tugann an Bíobla le fios, áfach, gur fhuaimnigh lucht adhartha Dé a labhair teangacha éagsúla san am a caitheadh ainmneacha ar bhealaí difriúla.

 Smaoinigh, mar shampla, ar an mbreitheamh Iosraelach Iósua. D’fhuaimnigh Críostaithe na chéad aoise a labhair Eabhrais an t-ainm Iósua mar Yehoh·shuʹa’, cé gur fhuaimníodh daoine a labhair Gréigis é mar I·e·sousʹ. Úsáideann an Bíobla an t-aistriúchán Gréigise don ainm Eabhraise Iósua, ag léiriú go raibh Críostaithe réasúnta trí ainmneacha a bhí coitianta ina dteanga a úsáid.​—Gníomhartha 7:​45; Eabhraigh 4:8.

 Is féidir an prionsabal céanna a chur i bhfeidhm maidir leis an ainm diaga a aistriú. Tá sé níos tábhachtaí aitheantas a thabhairt d’ainm Dé sa mBíobla ná an fuaimniú a roghnaítear.

a D’úsáid Tyndale an fhoirm “Iehouah” ina aistriúchán féin sna chéad chúig leabhar den Bhíobla. Le himeacht aimsire, d’athraigh an Béarla, agus rinneadh nuachóiriú ar litriú an ainm dhiaga. Mar shampla, i 1612, d’úsáid Henry Ainsworth an fhoirm “Iehovah” ina aistriúcháin de leabhar na Salm. Nuair a rinne sé athbhreithniú ar an aistriúchán sin i 1639, d’úsáid sé an fhoirm “Jehovah.” Mar an gcéanna, d’úsáid aistritheoirí an American Standard Version den Bhíobla, a foilsíodh i 1901, an fhoirm “Jehovah” in áit ar bith a raibh an t-ainm diaga sa téacs Eabhraise.

b Deir an New Catholic Encyclopedia, An Dara hEagrán, Imleabhar 14, leathanaigh 883-​884: “Uair éigin tar éis dheireadh na Deoraíochta, thosaigh an t-ainm Yahweh á mheas le hurraim speisialta, agus tháinig an cleachtas chun cinn Yahweh a úsáid in áit ADONAI nó ELOHIM.”

c Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar aguisín A4, “An tAinm Diaga sna Scrioptúir Eabhraise,” in san New World Translation of the Holy Scriptures.

d Féach Theological Lexicon of the Old Testament, Imleabhar 2, leathanaigh 523-​524