Ná bac leis seo

An Féidir Leis an mBíobla Cabhrú Liom má tá mé in Ísle Brí?

An Féidir Leis an mBíobla Cabhrú Liom má tá mé in Ísle Brí?

Freagraíonn an Bíobla

 Is féidir, tá an chabhair is fearr le fáil ó Iehova “Dia an tsóláis uile. Is é a thugann sólás dúinne cibé anacair a bheireann orainn.”​—2 Corantaigh 1:3, 4.

An chabhair a thugann Dia do na daoine atá in ísle brí

  •   Neart. Neartaíonn “Dia an tsóláis uile” thú ní trí do chuid fadhbanna go léir a réiteach, ach trí do chuid paidreacha a fhreagairt ionas go mbeidh tú in ann déileáil leo. (Filipigh 4:13) Is féidir leat a bheith cinnte go bhfuil sé réidh le n-éisteacht leat, mar deir an Bíobla: “Bíonn an Tiarna [Iehova] i ngar don lucht coscartha [nó an dream atá in ísle brí] agus tarrthaíonn sé an dream atá do-mheanmnach.” (Salm 34:19 [34:18 i mBíoblaí eile]) Is féidir le Dia d’achainí a chloisteáil fiú mura bhfuil sé ar do chumas an chaoi a mothaíonn tú a chur in iúl.​—Rómhánaigh 8:26, 27.

  •   Samplaí maithe. Ghuigh scríbhneoir Bíobla chuig Dé: “As na duibheagáin a ghlaoim ort.” Dhéileáil an salmaire lena chuid tinnis trí mheabhrú do fhéin nach mbíonn Dia á gciaptha leis an gciontacht. Ina áit sin, dúirt sé faoi Dhia: “Má fhéachann tú ár gcionta, a Thiarna, a Thiarna, cé rachaidh slán? Ach is leat na peacaí a mhaitheamh; ionas go riarfaí go humhal duit.”​—Salm 130:1, 3, 4.

  •   Dóchas. Chomh maith le compord a chur ar fáil anois, tá sé geallta ag Dia go gcuirfidh sé deireadh leis na fadhbanna go léir is cúis le hísle brí. Nuair a chomhlíonfaidh sé an gealltanas sin, “ní mheabhrófar feasta na rudaí a tharla [ísle brí san áireamh], ná ní thabharfar chun cuimhne iad níos mó.”​—Íseáia 65:17.

 Nóta: Agus aitheantas á thabhairt acu don chabhair a chuireann Dia ar fáil, chomh maith leis sin lorgaíonn Finnéithe Iehova cóir leighis le haghaidh tinnis cosúil le hísle brí. (Marcas 2:17) Ach ní thacaíonn muid le haon chóir leighis ar leith; tá muid den tuairim gur chóir do gach duine a chinntí féin a dhéanamh ar ábhair den sórt sin.