Ná bac leis seo

Céard atá Ráite sa mBíobla Faoin gCáisc?

Céard atá Ráite sa mBíobla Faoin gCáisc?

Freagraíonn an Bíobla

 Níl ceiliúradh na Cásca bunaithe ar an mBíobla. Má dhéanann tú staidéar ar stair na Cásca, gheobhaidh tú amach cé dó a sheasann sí—is traidisiún atá ann atá bunaithe ar dheasghnátha torthúlachta ársa. Déan machnamh ar na rudaí seo a leanas.

  1.   Ainm: Deir an Encyclopædia Britannica: “Níltear cinnte cé as ar tháinig an t-ainm Béarla Easter; san 8ú haois thóg an sagart Angla-Shacsanach Bede an t-ainm ón mbandia earraigh Angla-Shacsanach Eostre.” Tá daoine eile den tuairim gurbh í Astarta, bandia torthúlachta na bhFéiníceach a raibh Isteár na mBablónach, ina macasamhail aici, atá i gceist.

  2.   Giorriacha, coiníní: Is siombailí torthúlachta iad seo “a tháinig anuas ó shearmanais ársa agus siombalachas féilte earraigh págánta na hEorpa agus an Mheánoirthir.”​—Encyclopædia Britannica.

  3.   Uibheacha: Cuireann Funk & Wagnalls Standard Dictionary of Folklore, Mythology and Legend síos ar fhiach uibheacha Cásca, a thugann coinín na Cásca do pháistí mar dhea, nuair a deir sé “ní píosa spraoi do ghasúir amháin atá i gceist, ach iarsma de dheasghnáth torthúlachta.” Chreid roinnt cultúir go bhféadfadh ubh Chásca a bhí maisithe “sonas, rath, sláinte agus cosaint a thabhairt go draíochtach.”—Traditional Festivals.

  4.   Culaith nua na Cásca: “Ceapadh go raibh sé drochbhéasach agus mar sin go raibh mí-ádh ag baint le beannú do bhandia Lochlannacha an Earraigh, nó Eastre, in aon rud ach in éidí nua.”—The Giant Book of Superstitions.

  5.   Seirbhísí Éirí na Gréine: Luadh iad seo le deasghnátha a bhíodh ag adhraitheoirí ársa na gréine “a dhéantaí ag cónocht an earraigh chun fáiltiú roimh an ngrian agus a cumhacht mhór chun beatha nua a thabhairt do gach rud a bhí ag fás.”—Celebrations—The Complete Book of American Holidays.

 Déanann The American Book of Days cur síos ar bhunús na Cásca: “Níl dabht ar bith ach gur ghlac an Eaglais leis na sean-nósanna págánta agus gur thug sí seasamh Críostaí dóibh.”

 Tugann an Bíobla foláireamh dúinn gan a bheith ag adhradh Dé trí úsáid a bhaint as traidisiúin nó nósanna a chuireann buairt air. (Marcas 7:6-8) Deir Dara Corantaigh 6:17: “Scaraigí leo, ná bainigí le rud neamhghlan.” Is saoire págánach í an Cháisc agus fanann siad siúd atá ag iarraidh Dia a shásamh glan uirthi.