Ná bac leis seo

An gCabhróidh Dia Liom má Ghuím Chuige?

An gCabhróidh Dia Liom má Ghuím Chuige?

Freagraíonn an Bíobla

 Cabhróidh, tugann Iehova Dia cabhair do dhaoine a ghuíonn ar son rudaí atá de réir a thola. Fiú mura ndúirt tú paidir riamh cheana, is féidir leat spreagadh a fháil ó shearbhóntaí Dé a d’iarr cabhair air ag rá, “Cabhraigh liom . . . a Dhia.” Mar shampla:

  •   “Cabhraigh liom, a Thiarna, a Dhia liom; saor mé de réir do bhuanghrá.”— Salm 109:26.

  •   “Tar, a Thiarna, i gcabhair orm.”—Salm 30:11 (30:10 i mBíoblaí eile).

 Ar ndóigh, bhí creideamh láidir i nDia ag an té a scríobh na focail sin. Mar sin féin, éisteann Dia le gach duine a ghuíonn chuige leis an meon ceart, mar shampla iad siúd atá “coscartha” nó “do-mheanmnach”, nó i bhfocail eile iad siúd atá croí briste nó in ísle brí.—Salm 34:19 (34:18 i mBíoblaí eile).

 Ní gá duit imní a bheith ort go bhfuil Dia chomh fada uait agus nach dtuigeann sé do chuid fadhbanna. Deir an Bíobla: “Dá airde an Tiarna is cúram dó an t-íseal; ach breathnaíonn sé an t-uaibhreach i bhfad uaidh.” (Salm 138:6) Go deimhin, dúirt Íosa lena chuid aspail: “Fiú amháin ribí bhur gcinn tá siad uile comhairthe.” (Matha 10:30) Tugann Dia rudaí faoi deara fút nach bhfeictear duit féin fiú. Mar sin, nach mó go mór a éistfidh sé leat má iarrann tú cabhair air le pé rud atá ag déanamh imní duit!—1 Peadar 5:7.