Ná bac leis seo

An Bhfuil Deamhain Ann?

An Bhfuil Deamhain Ann?

Freagraíonn an Bíobla

 Tá, is aingil iad na deamhain neacha spioraid ‘a rinne peaca’ agus d’éirigh amach in aghaidh Dé. (2 Peadar 2:4) Ba é Sátan an Diabhal ar a dtugann an Bíobla “prionsa na ndeamhan” an chéad aingeal a d’iompaigh ina dheamhan.—Matha 12:24, 26.

An t-éirí amach in aimsir Naoi

 Cuireann an Bíobla síos ar aingil a d’éirigh amach in aghaidh Dé roimh an Díle Mhór in aimsir Naoi: “Chonaic mic Dé gur sciamhach iad iníonacha na ndaoine agus thógadar chucu a rogha díobh mar mhná.” (Geineasas 6:2) D’fhág na drochaingil sin “a láthair lonnaithe féin” sna flaithis chun cruth daonna a glacadh chucu féin agus caidreamh collaí a bheith acu le mná.—Iúd 6.

 Nuair a tháinig an Díle, d’fhág na drochaingil sin a gcolainneacha daonna agus d’fhill siad ar na flaithis. Mar sin féin, dhíbir Dia iad as a theaghlach. Mar chuid dá bpionós, tá cosc curtha ar na deamhain cruth daonna a glacadh chucu féin choíche arís.—Eifisigh 6:11, 12.