Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CUID 6

An tAthrú a Thagann De Bharr Saolú Clainne

An tAthrú a Thagann De Bharr Saolú Clainne

“Tabhartas ón Tiarna is ea an chlann.”—Salm 127:3

Is féidir le saolú linbh ardú meanman a thabhairt do lánúin agus ar an lámh eile lag mhisneach a chur orthu. Nuair a bheidh an chéad duine clainne agaibh, tabharfaidh sibh faoi deara go bhfuil formhór bhur gcuid ama agus fuinnimh, á chaitheamh ag tabhairt aire don leanbh. Is féidir le heaspa codlata agus athruithe ar mhothúcháin brú a chur ar bhur gcaidreamh. Beidh ort féin agus ar do chéile athruithe a dhéanamh chun aire a thabhairt do bhur leanbh agus bhur bpósadh a bhuanú. Cén chaoi ar féidir le comhairle an Bhíobla cabhrú libh?

1 AN CHAOI A nATHRAÍONN LEANBH DO SHAOL

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Bíonn an grá foighneach agus bíonn sé lách.” Ní bhíonn an grá “leithleasach, míchéadfach.” (1 Corantaigh 13:4, 5) Tá sé nádúrtha croí agus anam na máthar a bheith sa chéad leanbh a shaolaítear di. D’fhéadfadh sé go n-aireodh d’fhear céile go bhfuil faillí á dhéanamh airsean áfach, mar sin ná déan dearmad go dteastaíonn d’aird uaidhsean freisin. Le foighne agus cineáltas, is féidir leat a chur in iúl dó go bhfuil ról lárnach aige i gcúram bhur linbh.

“A fheara . . . déanaigí aontíos le bhur mná de réir na tuisceana críostaí.” (1 Peadar 3:7) Tuig go mbeidh do bhean chéile ag úsáid an chuid is mó dá cuid fuinnimh ag tabhairt aire do bhur leanbh. D’fhéadfadh sí a bheith trína chéile. B’fhéidir go mbeadh sí corraithe leat fiú, ach déan iarracht srian a choinneáil ort féin, mar “is mór é tuiscint an té atá mall chun feirge.” (Seanfhocail 14:29) Bí tuisceanach agus tabhair di an tacaíocht a theastaíonn uaithi.—Seanfhocail 16:32.

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Aithreacha: Cabhraigh le do bhean chéile le haire a thabhairt don leanbh, fiú amháin san oíche. Cuir teorainn leis an méid ama a chaitheann tú ag déanamh rudaí eile agus caith níos mó ama le do bhean agus le bhur leanbh

  • Máithreacha: Nuair a thairgeann d’fhear céile cabhair a thabhairt duit leis an leanbh, glac lena chabhair. Mura ndéanann sé i gceart é, ná bí ag casaoid, ach taispeáin dó go cineálta an chaoi lena dhéanamh

2 NEARTAÍGÍ BHUR gCAIDREAMH

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Déanann aon fheoil amháin díobh.” (Geineasas 2:24) Cé go bhfuil leanbh nua sa chlann, cuimhnigh go bhfuil tú féin agus do chéile fós mar “aon fheoil amháin.” Déanaigí gach iarracht bhur gcaidreamh a choinneáil láidir.

A bhean chéile, bí buíoch as ucht na cabhrach agus na tacaíochta a fhaigheann tú ó d’fhear céile. Is féidir le binneas béil a bheith ina chneasú. (Seanfhocail 12:18) A fhir chéile, cuir in iúl do ghrá agus do mheas do do bhean chéile. Mol í mar gheall ar an gcaoi a dtugann sí aire don teaghlach.—Seanfhocail 31:10, 28.

“Ná bíodh aon duine ar mhaithe leis féin ach ar mhaithe lena chomharsa.” (1 Corantaigh 10:24) Bí ar mhaithe le do chéile i gcónaí. Mar lánúin, cuirigí am ar leataobh le caint le chéile, moladh a thabhairt, agus éisteacht le chéile. Bígí neamhleithleach in bhur gcaidreamh collaí. Smaoinigh ar riachtanais do chéile. Deir an Bíobla: “Ná diúltaígí dá chéile ach amháin, b’fhéidir, ar feadh tamaill d’aontoil.” (1 Corantaigh 7:3-5) Mar sin déanaigí plé ar an ábhar seo go hionraic idir an bheirt agaibh féin. Neartóidh bhur bhfoighne agus bhur dtuiscint an caidreamh eadraibh.

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Ná déan dearmad am a chur ar leataobh le caitheamh le chéile

  • Déan rudaí beaga anois agus arís a chuirfidh do ghrá do do chéile in iúl, ar nós nóta a scríobh nó bronntanas beag a thabhairt

3 AG OILIÚINT DO LINBH

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “[Tá] eolas agat ó aois na hóige ar na scríbhinní naofa a bhfuil de chumas acu tú a dhéanamh eagnaí agus tú a sheoladh chun do shlánaithe.” (2 Tiomóid 3:15) Leag amach an chaoi a mhúinfidh tú do leanbh. Tá cumas iontach foghlamtha aige, fiú sula saolaítear é. Is féidir le do mhothúcháin dul i bhfeidhm air agus é fós sa bhroinn, agus is féidir leis do ghlór a aithint. Bí ag léamh dó agus é fós ina naíonán. Cé nach dtuigfidh sé an rud atá tú a léamh, cabhróidh sé leis taitneamh a bhaint as a bheith ag léamh nuair a bheidh sé níos sine.

Níl do leanbh ró-óg riamh le tú a chloisteáil ag caint faoi Dhia. Lig dó tú a chloisteáil ag guí chuig Iehova. (Deotranaimí 11:19) Fiú nuair a bhíonn sibh ag spraoi, labhair le do leanbh faoi na rudaí a chruthaigh Dia. (Salm 78:3, 4) De réir mar a théann do leanbh in aois, mothóidh sé do ghrá-sa do Iehova agus foghlaimeoidh sé féin le grá a bheith aige dó.

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Guigh le heagna a fháil chun do leanbh a oiliúint

  • Déan athrá ar fhocail agus ar smaointe tábhachtacha le do leanbh ionas go dtosóidh sé ag foghlaim go luath