Ná bac leis seo

Saol Sona Teaghlaigh—Céard Atá Riachtanach?

Saol Sona Teaghlaigh—Céard Atá Riachtanach?

An ndéarfá . . .

  • grá?

  • airgead?

  • rud éigin eile?

DEIR AN BÍOBLA

“Is mó is méanar dóibh seo a chluineann briathar Dé agus a choimeádann é.”—Lúcás 11:28, An Bíobla Naofa.

AN TAIRBHE ATÁ ANN DUITSE

Fíorghrá.—Eifisigh 5:28, 29.

Fíor-ómós.—Eifisigh 5:33.

Fíorshuaimhneas.—Marcas 10:6-9.

AN FÉIDIR AN BÍOBLA A CHREIDIÚINT?

Is féidir, agus tá ar a laghad dhá chúis leis seo:

  • Is é Dia a chuir tús leis an teaghlach. Deir an Bíobla gur ó Iehova Dia a “ainmnítear gach clann ar neamh agus ar talamh.” (Eifisigh 3:14, 15) Sé sin le rá, go bhfuil an teaghlach ann mar gheall gur chruthaigh Dia é. Cén fáth go bhfuil sé sin suntasach?

    Cuir i gcás go raibh tú ag baint taitneamh as béile blasta. Cé air a gcuirfeá ceist maidir leis na comhábhair atá ann? Ar an té a réitigh an béile, gan amhras.

    Ar an gcaoi chéanna, más mian linn eolas a fháil ar na comhábhair atá riachtanach do shaol sona teaghlaigh, ní mór dúinn comhairle Iehova, bunaitheoir an teaghlaigh, a lorg agus a leanúint.—Geineasas 2:18-24.

  • Tá cion ag Dia ort. Is fiú do theaghlaigh comhairle Iehova, a chuireann sé ar fáil sa Bhíobla, a lorg. Cén fáth? “Óir tugann sé aire daoibh.” (1 Peadar 5:6, 7) Is ar mhaithe leat atá Iehova—agus téann a chomhairle chun tairbhe duit i gcónaí!—Seanfhocail 3:5, 6; Íseáia 48:17, 18.

ÁBHAR MACHNAIMH

Cén chaoi ar féidir leat a bheith i d’fhear céile maith, i do bhean chéile maith, i do thuismitheoir maith?

Freagraíonn an Bíobla an cheist sin ag EIFISIGH 5:1, 2 agus COLOSAIGH 3:18-21.