Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla

Cuireann an foilseachán seo síos ar stair an duine​—⁠an cruthú, breith agus ministreacht Íosa, agus an Ríocht atá le teacht.

Litir ón mBord Stiúrtha

Cén chaoi ar féidir an leabhar seo a úsáid?

CEACHT 1

Chruthaigh Dia Neamh agus Talamh

Deir an Bíobla gur chruthaigh Dia neamh agus talamh. Ach an bhfuil a fhios agat cén t-aingeal a chruthaigh sé sular chruthaigh sé aon duine ná aon ní eile?

CEACHT 2

Chruthaigh Dia an Chéad Fhear Agus an Chéad Bhean

Chruthaigh Dia an chéad fhear agus an chéad bhean agus chuir i ngairdín Éidin iad. Bhí sé ag iarraidh orthu páistí a bheith acu agus parthas a dhéanamh den domhan go léir.

CEACHT 3

Bhí Ádhamh agus Éabha Easumhal do Dhia

Céard a bhí speisialta faoi chrann amháin i ngairdín Éidin? Cén fáth ar ith Éabha dá thoradh?

CEACHT 4

Tá Contúirt ag Baint le Fearg

Bhí Dia sásta le hofráil Áibil, ach ní raibh sé sásta le hofráil Cháin. Nuair a fuair Cáin amach é seo bhí fearg air agus rinne sé rud uafásach.

CEACHT 5

Áirc Naoi

Nuair a phós na drochaingil mná ar an talamh, bhí clann mhac acu a bhí ina bhfathaigh fhiachmhara. Bhí foréigean i ngach áit. Ach fear maith a bhí i Naoi—bhí sé umhal agus bhí grá aige do Dhia.

CEACHT 6

Tagann Ochtar Slán ón Díle

Thit an bháisteach ar feadh 40 lá agus 40 oíche. Chaith Naoi agus a chlann os cionn bliana san áirc. Sa deireadh, bhí siad in ann dul amach aisti.

CEACHT 7

Túr Bháibil

Bheartaigh daoine cathair a thógáil, agus túr chomh hard is go sroichfeadh a bharr na flaithis. Cén fáth ar chuir Dia orthu labhairt i dteangacha éagsúla?

CEACHT 8

Bhí Abrahám agus Sárá Umhal do Dhia

Cén fáth ar aistrigh Abrahám agus Sárá óna mbaile i gcathair Úr chun maireachtáil mar fhánaithe i dtír Chanán?

CEACHT 9

Mac Ar Deireadh Thiar!

Cén chaoi a gcomhlíonfadh Dia a ghealltanas d’Abrahám? Cé acu de mhic Abrahám a bhí luaite leis an ngealltanas—Íosác nó Ísmeáél?

CEACHT 10

Cuimhnígí ar Bhean Lót

Chaith Dia tine agus ruibh anuas ar Shodom agus ar Ghomorá. Cén fáth ar scriosadh na cathracha sin? Cén fáth ar cheart dúinn bean Lót a choinneáil i gcuimhne?

CEACHT 11

Teist ar Chreideamh Abrahám

Dúirt Dia le hAbrahám: ‘Tóg d’aon mhac, más é do thoil é, agus ofráil mar íobairt é ar chnoc i Moiriá.’ Cén chaoi a ndéileálfadh Abrahám leis an teist seo ar a chreideamh?

CEACHT 12

Fuair Iacób an Oidhreacht

Rugadh cúpla d’Íosác agus Ribeacá darbh ainm Iacób agus Éasau. Mar gheall gurbh é Éasau an mac ba shine, bhí oidhreacht speisialta ag dul dó. Cén fáth ar thug sé uaidh é ar bhabhla strúisín?

CEACHT 13

Déanann Iacób agus Éasau Síocháin Lena Chéile

Cén chaoi a bhfuair Iacób beannacht ó aingeal? Agus cén chaoi a ndearna sé síocháin le hÉasau?

CEACHT 14

Sclábhaí a Bhí Umhal do Dhia

Rinne Iósaef an rud ceart, ach mar sin féin d’fhulaing sé. Cén fáth?

CEACHT 15

Ní Dhearna Iehova Dearmad ar Iósaef

Cé go raibh Iósaef i bhfad óna theaghlach, léirigh Iehova go raibh sé leis.

CEACHT 16

Cérbh É Iób?

Bhí sé umhal d’Iehova fiú nuair nach raibh sé éasca aige.

CEACHT 17

Roghnaigh Maois Iehova a Adhradh

Sábháladh Maois nuair a bhí sé ina leanbh, mar gheall ar phlean cliste a mháthair

CEACHT 18

Sceach Trí Thine

Cén fáth nár dhóigh an tine an sceach?

CEACHT 19

An Chéad Trí Phlá

Tharraing Faró tubaiste ar na hÉigiptigh mar go raibh sé ró-mhórtasach le comhairle Iehova a dhéanamh.

CEACHT 20

An Chéad Sé Phlá Eile

Cén difríocht a bhí idir na plánna seo agus an chéad trí phlá?

CEACHT 21

An Deichiú Plá

Bhí an phlá seo chomh huafásach gurbh éigean d’Fharó tabhairt suas.

CEACHT 22

Míorúilt ag an Muir Rua

Tháinig Faró slán ó na deich bplá, ach ar tháinig sé slán ón míorúilt seo?

CEACHT 23

Thug Siad Gealltanas d’Iehova

Thug na hIosraeilítigh gealltanas speisialta do Dhia nuair a bhí siad campáilte ag Sliabh Shíonái.

CEACHT 24

Níor Choinnigh Siad a nGealltanas

Nuair a bhí Maois ag fáil na Deich nAitheanta, rinne na daoine peaca a bhí an-tromchúiseach.

CEACHT 25

Taibearnacal i gComhair Adhartha

Bhí áirc an chonartha sa bpuball speisialta seo.

CEACHT 26

An Daréag Spiaire

Bhí difríocht mhór idir Iósua agus Cálaeb agus an deichniúr spiairí eile a rinne spiadóireacht i dtír Chanán.

CEACHT 27

D’Éirigh Siad Amach in Aghaidh Iehova

Theip ar Chorach, Dátán, Aibíorám, agus 250 fear eile, fírinne thábhachtach faoi Iehova a thuiscint.

CEACHT 28

Labhraíonn Asal Bhalám

Chonaic an t-asal aingeal ach ní raibh Balám in ann é a fheiceáil.

CEACHT 29

Roghnaigh Iehova Iósua

Tá na treoracha a thug Iehova d’Iósua in ann cabhrú linne inniu.

CEACHT 30

Chuir Rácháb na Spiairí i bhFolach

Thit ballaí Ireachó go talamh. Ach d’fhan teach Rácháb ina sheasamh cé go raibh sé déanta ar an mballa.

CEACHT 31

Iósua agus na Gibeónaigh

D’iarr Iósua: “A ghrian, fan socair!” Ar fhreagair Dia é?

CEACHT 32

Ceannaire Nua agus Beirt Bhan Cróga

Tar éis d’Iósua bás a fháil, thosaigh na hIosraeilítigh ag adhradh na n-íol. Chuaigh an saol in olcas, ach tháinig an breitheamh Bárác, Deabórá an banfháidh, Iáéil agus a pionna pubaill i gcabhair orthu!

CEACHT 33

Rút agus Náoimí

Filleann beirt bhaintreach ar Iosrael. Oibríonn duine de na mná, Rút, i bpáirc, áit a dtugann Boaz faoi deara í.

CEACHT 34

Chloígh Gideón na Midiánaigh

Tar éis do na Midiánaigh géarleanúint a dhéanamh ar Iosrael, d’impigh siad ar Iehova cabhrú leo. Cén chaoi ar chloígh arm beag Ghideón 135,000 saighdiúir?

CEACHT 35

Guíonn Hanná go mBeidh Mac Aici

Tugann Ealcáná Hanná, Pinineá agus a pháistí go dtí Sileo le bheith ag adhradh ag an taibearnacal. Is ansin a ghuíonn Hanná go mbeadh mac aici. Rugadh a mac, Samúéil, taobh istigh de bhliain!

CEACHT 36

Gealltanas Iaftá

Céard a gheall Iaftá agus cén fáth? Céard a dúirt iníon Iaftá faoin ngealltanas a thug a hathair?

CEACHT 37

Labhraíonn Iehova le Samúéil

Bhí clann mhac Éilí ag freastal mar shagairt ag an taibearnacal, ach ní raibh siad umhal do dhlíthe Dé. Ní mar sin a bhí Samúéil agus labhair Iehova leis.

CEACHT 38

Láidríonn Iehova Samsón

Thug Dia neart do Shamsón chun troid in aghaidh na bhFilistíneach, ach nuair a rinne sé botún ghabh na Filistínigh é.

CEACHT 39

An Chéad Rí ar Iosrael

Thug Dia breithiúna do na hIosraeilítigh chun iad a threorú, ach bhí siad ag iarraidh rí. D’ung Samúéil Sól mar rí. Ach dhiúltaigh Iehova do Shól níos déanaí. Cén fáth?

CEACHT 40

Dáiví agus Góla

Roghnaigh Iehova Dáiví le bheith ina rí ar Iosrael, agus níor lig Dáiví síos é.

CEACHT 41

Dáiví agus Sól

Cén fáth a bhfuil an ghráin ag Sól ar Dháiví, agus cén chaoi a n-iompraíonn Dáiví é féin?

CEACHT 42

Iónátán—An Laoch Cróga Dílis

Éiríonn mac an rí agus Dáiví an-chairdiúil lena chéile.

CEACHT 43

Peaca Dháiví

Tharraing droch-chinneadh trioblóid.

CEACHT 44

Teampall Iehova

Bhí Iehova sásta leis an rud a d’iarr Solamh air agus thug sé go leor pribhléidí dó.

CEACHT 45

Roinntear an Ríocht Ina Dhá Chuid

Stopann go leor Iosraeilíteach ag adhradh Iehova.

CEACHT 46

Teist ar Shliabh Chairmeil

Cé hé an Fíor-Dhia? Iehova nó Bál?

CEACHT 47

Tugann Iehova Misneach d’Éilias

Meas tú nach bhfuil sé in ann misneach a thabhairt duitse freisin?

CEACHT 48

Tógtar Mac Baintrí ó na Mairbh

Dhá mhíorúilt sa teach céanna!

CEACHT 49

Gearrtar Pionós ar Dhrochbhanríon

Ba í Ízeibil ba chúis le marú Nábót, agus ansin ghoid sí a fhíonghort! Ní dhearna sí na drochrudaí seo ar fad i ngan fhios d’Iehova.

CEACHT 50

Cosnaíonn Iehova Iahóiseáfát

Guíonn Rí Iahóiseáfát chun Dé nuair a ionsaíonn a naimhde é.

CEACHT 51

An Laoch agus an Cailín Beag

Insíonn cailín óg Iosraeilíteach dá máistreás faoi chumhacht Dé—bíonn míorúilt mar thoradh air.

CEACHT 52

Arm Iehova

Céard a bhí i gceist ag Eilíseá nuair a dúirt sé “is mó atá linne ná mar atá leosan.”

CEACHT 53

Bhí Misneach ag Iahóideá

Seasann sagart dílis an fód in aghaidh drochbhanríon.

CEACHT 54

Bhí Iehova Foighneach le hIóna

Cén chaoi ar tharla sé gur shlog iasc mór duine d’fháithe Dé? Cén chaoi ar éirigh leis teacht amach as a bholg? Agus cén ceacht a mhúin Iehova dó?

CEACHT 55

Chosain Aingeal Iehova Hiziciá

Dúirt naimhde Iúdá nach gcosnódh Iehova a dhaoine, ach bhí siad mícheart!

CEACHT 56

Bhí Ómós ag Ióisíá do Dhlí Dé

Rinneadh rí d’Ióisíá nuair a bhí sé ocht mbliana d’aois agus chabhraigh sé leis na daoine Iehova a adhradh.

CEACHT 57

An Fáidh Irimia

Chuir na rudaí a dúirt an fáidh óg seo fearg ar sheanóirí Iúdá.

CEACHT 58

Scriostar Iarúsailéim

Tréigeann Iehova muintir Iúdá agus Iarúsailéim, de bhrí gur lean siad orthu ag adhradh déithe bréige.

CEACHT 59

Ceathrar Buachaillí a Bhí Umhal d’Iehova

Ceathrar buachaillí as Iúdáia a bhí diongbháilte fanacht dílis d’Iehova, fiú i gcúirt ríoga na Bablóine.

CEACHT 60

Ríocht a Sheasfaidh go Deo

Míníonn Dainéil an bhrí a bhí le brionglóid aisteach Nabúcadnazar.

CEACHT 61

Níor Umhlaigh Siad Síos Don Íomhá

Diúltaíonn Seadrac, Méiseac, agus Aibéid Neagó umhlú síos don íomhá óir a rinne rí na Bablóine.

CEACHT 62

Ríocht a Bhí Cosúil le Crann Mór Ard

Chuir brionglóid Nabúcadnazar in iúl céard a bhí le tarlú dó.

CEACHT 63

An Scríobh ar an mBalla

Cén uair a chonacthas an scríobh aisteach seo, agus céard a chiallaigh sí?

CEACHT 64

Dainéil in Uaimh na Leon

Bí ag guí chuig Iehova gach lá mar a rinne Dainéil!

CEACHT 65

Sábhálann Eistir Pobal Dé

Cé go mb’eachtrannach agus dílleachta í Eistir, déanadh banríon di.

CEACHT 66

Mhúin Eazrá Dlí Dé

Tar éis do na hIosraeilítigh éisteacht le hEazrá ag léamh an dlí, thug siad gealltanas speisialta d’Iehova.

CEACHT 67

Ballaí Iarúsailéim

Chuala Nihimiá go raibh a naimhde ag pleanáil iad a ionsaí. Cén fáth nach raibh eagla air?

CEACHT 68

Rugadh Mac d’Eiliosaibeit

Cén fáth a ndúradh le fear Eiliosaibeit nach mbeadh sé in ann caint nó go saolófaí an leanbh?

CEACHT 69

Cuairt Ghaibriéil ar Mhuire

Thug sé teachtaireacht di a d’athraigh a saol.

CEACHT 70

Fógraíonn na hAingil Breith Íosa

Tar éis cloisteáil faoi bhreith an Mheisias, chuaigh na haoirí ar a thóir láithreach.

CEACHT 71

Chosain Iehova Íosa

Bhí drochrí ag iarraidh Íosa a mharú.

CEACHT 72

An Buachaill Íosa

Cén fáth a raibh na múinteoirí sa teampall ag déanamh iontais de?

CEACHT 73

Réitíonn Eoin an Bealach

B’fháidh é Eoin. Mhúin sé go raibh an Meisias ag teacht. Cén chaoi a ndeachaigh a theachtaireacht i bhfeidhm ar na daoine?

CEACHT 74

Baisteann Eoin Íosa

Céard a bhí i gceist ag Eoin nuair a dúirt sé gurbh é Íosa Uan Dé?

CEACHT 75

Cuireann an Diabhal Cathú ar Íosa

Chuir an Diabhal cathú ar Íosa trí huaire. Cén trí chathú a chuir sé ar Íosa? Cén chaoi ar fhreagair Íosa?

CEACHT 76

Dúthracht Íosa do Theach a Athar

Cén fáth a gcuireann Íosa na hainmhithe amach as an teampall agus a leagann sé na boird ar a bhfuil an t-airgead?

CEACHT 77

An Bhean ag an Tobar

Bhí iontas ar an mbean Shamárach a bhí ag tobar Iacóib nuair a labhair Íosa léi. Cén fáth? Céard a d’inis Íosa di nár inis sé d’aon duine eile?

CEACHT 78

Íosa ag Fógairt Dhea-Scéal na Ríochta

Tugann Íosa cuireadh do roinnt dá chuid deisceabail a bheith ‘ag iascach daoine.’ Ina dhiaidh sin, chuir sé oiliúint ar 70 dá lucht leanúna chun go mbeidís in ann an dea-scéal a chraobhscaoileadh.

CEACHT 79

Déanann Íosa go Leor Míorúiltí

Cibé áit a dtéann sé tagann daoine tinne chuige agus leigheasann sé iad. Thóg sé cailín beag ón mbás fiú.

CEACHT 80

Roghnaíonn Íosa Dháréag Aspal

Cé le haghaidh a roghnaigh sé iad? An bhfuil a fhios agat cé na hainmneacha a bhí orthu?

CEACHT 81

An tSeanmóir ar an Sliabh

Múineann Íosa ceachtanna tábhachtacha don slua a bhí bailithe le chéile.

CEACHT 82

Múineann Íosa dá Chuid Deisceabail le Guí

Cén cineál rudaí a ndúirt Íosa lena dheisceabail a bheith ag guí de shíor ar a son?

CEACHT 83

Beathaíonn Íosa na Mílte Duine

Céard a insíonn an mhíorúilt seo dúinn faoi Íosa agus faoi Iehova?

CEACHT 84

Siúlann Íosa ar an Uisce

Meas tú cén chaoi ar mhothaigh na haspail nuair a chonaic siad an mhíorúilt seo?

CEACHT 85

Leigheasann Íosa Fear ar an tSabóid

Cén fáth nach bhfuil gach duine sásta leis an méid atá sé a dhéanamh?

CEACHT 86

Tógann Íosa Lazaras ón mBás

Nuair a fheiceann Íosa Máire ag caoineadh, tosaíonn sé féin ag caoineadh chomh maith. Ba ghearr gur stop na deora agus bhí siad ag léim le háthas.

CEACHT 87

Suipéar Deireanach Íosa

Tugann Íosa treoir thábhachtach dá chuid aspail le linn an bhéile deireanach a bhí acu le chéile.

CEACHT 88

Gabhtar Íosa

Treoraíonn Iúdás Isceiriót slua mór atá armáilte le claimhte agus bataí go dtí Íosa lena ghabháil.

CEACHT 89

Séanann Peadar Íosa

Céard a tharla sa gclós tigh Cháiafas? Céard a tharlaíonn d’Íosa istigh sa teach?

CEACHT 90

Faigheann Íosa Bás ag Golgotá

Cén fáth ar ordaigh Pioláit Íosa a chur chun báis?

CEACHT 91

Tógtar Íosa ón mBás

Cé na rudaí iontacha a tharla sna laethanta tar éis d’Íosa bás a fháil?

CEACHT 92

Taispeánann Íosa é Féin do na hIascairí

Céard a rinne Íosa chun a n-aird a fháil?

CEACHT 93

Filleann Íosa ar na Flaithis

Sular fhill sé ar na flaithis thug sé obair an-tábhachtach dá chuid deisceabail.

CEACHT 94

Thuirling an Spiorad Naomh ar na Deisceabail

Cén chumhacht a thug an spiorad naomh dóibh?

CEACHT 95

Ní Raibh Aon Rud in Ann Iad a Stopadh

Rinne na ceannairí reiligiúnacha, a mharaigh Íosa, iarracht na deisceabail a stopadh. Ní raibh siad in ann.

CEACHT 96

Roghnaíonn Íosa Sól

Tá Sól ina namhaid fíochmhar ag na Críostaithe, ach tá sé sin ag dul ag athrú go luath.

CEACHT 97

Faigheann Coirnéilias an Spiorad Naomh

Cén fáth a gcuireann Dia Peadar go dtí teach an fhir seo, cé nach Giúdach é?

CEACHT 98

Scaipeann an Chríostaíocht ar Fud an Domhain Mhóir

Tosaíonn an t-aspal Pól agus a chomhluadar ag craobhscaoileadh i dtíortha i bhfad i gcéin.

CEACHT 99

Foghlaimíonn Garda Príosúin an Fhírinne

Cén bhaint atá ag deamhan, crith talún agus claíomh leis an scéal seo?

CEACHT 100

Pól agus Tiomóid

D’oibrigh na fir seo le chéile mar chairde agus mar shearbhóntaí Dé ar feadh blianta fada.

CEACHT 101

Cuirtear Pól go Dtí an Róimh

Bhí go leor contúirtí ag baint leis an turas seo, ach ní raibh rud ar bith in ann an t-aspal Pól a stopadh.

CEACHT 102

Na Físeanna a Taispeánadh d’Eoin

Thug Íosa sraith físeanna dó a thug léargas ar an todhchaí.

CEACHT 103

“Go dTaga do Ríocht”

Tugann na físeanna a tugadh d’Eoin léargas dúinn ar na hathruithe a thiocfaidh ar an saol nuair a bheidh Ríocht Dé ag rialú an domhain.