Míocá 5:1-15

5  [4:14] [Gearr thú féin anois, a iníon chogúil]táthar tar éis léigear a chur orainnagus breitheamh Iosraela bhualadh sa leiceann le slat.  [5:1] Ach tusa, a Bheithil Eafrátábíodh gur beag thú i measc chlanna Iúdáis asatsa a thiocfaidh chugaman té a bheidh ina cheann urra ar Iosrael,an té a dtéann a shinsearacht na cianta siargo dtí an t-am fadó.  [5:2] Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iadgo dtí go mbéarfar mac di siúd,a bhfuil tinneas clainne uirthi,ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.  [5:3] Seasfaidh sé go daingean agus beathóidh sé a thréadtrí chumhacht an Tiarnaagus le mórgacht ainm an Tiarna, a Dhia.Mairfidh siad go slán sábháiltemar leathnóidh a chumhacht amach ansin go críocha na cruinne.  [5:4] Beidh sé féin ina údar síochána;nuair a thiocfaidh an Asaír isteach inár dtír,nuair a chuirfidh siad cos laistigh dár gcríocha,músclóimid seachtar aoire agus ochtar taoiseach ina gcoinne.  [5:5] Smachtóidh siad tír na hAsaíre le claíomhagus dúiche Niomrod le treise lainne.Fuasclóidh sé sinn ón Asaírmá thagann siad isteach inár dtír,fiú má chuireann siad cos laistigh dár gcríocha.  [5:6] Agus beidh fuílleach Iacóibi measc a lán náisiúnmar a bheadh an drúcht a thagann ón Tiarnanó mar bhraonta báistí ar an bhféar glas.Ní chuirfidh siad a muinín as aon fhear;ní bheidh siad ag tnúth le cabhair ó mhuintir an tsaoil seo.  [5:7] Beidh fuílleach Iacóib i measc a lán náisiún(i measc a lán pobal),mar leon i measc ainmhithe na foraoisenó mar liopard i measc tréada caorach.Nuair a théann sé thart gabhann sé de chosa ina chreachagus stróiceann sé as a chéile íagus ní sciobfar uaidh í go deo.  [5:8] Ardóidh tú do lámha ín aghaidh d’eascairdeagus díothófar do naimhde go léir. 10  [5:9] An lá sin—a deir an Tiarna—dísceoidh mé na capaill atá agatagus scriosfaidh mé do chuid carbad. 11  [5:10] Scartálfaidh mé bailte do thíreagus leagfaidh mé do dhúnta uile. 12  [5:11] Bainfidh mé do chuid orthanna as do láimhagus ní bheidh aon draoi agat feasta. 13  [5:12] Millfidh mé na híola agus na liagáin atá agatagus ní dhéanfaidh tú sléachtadh níos módo dhéantús do lámh féin. 14  [5:13] Stoithfidh mé do chuaillí naofaaníos as an talamhagus treascróidh mé do chuid íomhánna cloch. 15  [5:14] Le confadh feirge imreoidh mé díoltasar na ciníocha nach ngéilleann dom.

Fonótaí